Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

Hurling

Podchraoladh: Caitheann Paul Flanagan agus Cathal King súil siar ar Chluichí Leathcheannais Iomána na hÉireann

Bhí Paul Flanagan, An Clár, an-tógtha le taispeántas Tom Morrissey ar an deireadh seachtaine

Bhí Paul Flanagan, An Clár, an-tógtha le taispeántas Tom Morrissey ar an deireadh seachtaine

Le Jamie Ó Tuama

Pléann Paul Flanagan, An Clár, agus Cathal King, iarimreoir le Luimneach, Cluichí Leathcheannais Iomána na hÉireann ar phodchraoladh oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael i gcomhar leis an Spota Dubh ó Raidió na Life.

Éist leis an bpodchraoladh ANSEO:

Maidir le bua Chorcaí ar Chill Chainnigh inné bhí an-iontas ar Chathal King gur éirigh le Corcaigh an ceann is fearr a fháil orthu.

‘Bhí ionadh an domhain orm faoin toradh chun an fhírinne a rá,’ a deir Cathal. ‘Níor cheapas go dtarlódh sé sin i ndiaidh am breise leis an gcúpla cluiche a bhí imrithe acu cúpla seachtain i ndiaidh a chéile. Nuair a fuair Mullen an cúl ag deireadh na seachtó nóiméad dúirt mé ‘sin deireadh leo anois’. Níl aon seans go bhféadfadh leo dul amach agus níos mó a chur isteach ann.

‘Chabhraigh na hionadaithe go mór leo. Nuair a tháinig (Eoin) Cadogan agus (Shane) Kingston isteach d’athraigh siad an cluiche go hiomlán’.

Maidir le taispeántas Luimnigh agus an ról a d’imir Tom Morrissey sa chluiche chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar Paul Flanagan.

‘Bhí Tom iontach inné chomh maith agus is e an rud is mó a thugaim faoi deara le Tom ná go gcoimeádann sé ag déanamh an rud simplí, an luas a bhí lena chuid pasanna go fiú.

Coimeádann sé air ag iománaíocht idir an dá 45 agus déanann sé na rudaí simplí. Cruthaíonn sé spás do Shéamus agus do Gillane istigh’.

Éist le tuilleadh de Chathal agus Paul ANSEO: