Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

hurling

Niall Ó Muineachán ag súil go mór le Craobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha

Cúlaí clúiteach Chill Dara, Niall Ó Muineacháin, ag seoladh Chraobhchomórtais Choirn Sheosaimh Mhic Dhonncha, Chriostóir Uí Rinn, Niocláis Mhic Riocaird agus Labhraí Uí Mheachair i bPáirc an Chrócaigh inné.

Cúlaí clúiteach Chill Dara, Niall Ó Muineacháin, ag seoladh Chraobhchomórtais Choirn Sheosaimh Mhic Dhonncha, Chriostóir Uí Rinn, Niocláis Mhic Riocaird agus Labhraí Uí Mheachair i bPáirc an Chrócaigh inné.

Le Jamie Ó Tuama

Seoladh Craobhchomórtais Choirn Sheosaimh Mhic Dhonncha, Chriostóir Uí Rinn, Niocláis Mhic Riocaird agus Labhraí Uí Mheachair ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inné.

I láthair ag an ócaid bhí Niall Ó Muineacháin, cúlaí clúiteach Chill Dara. Ghlac muid leis an deis labhairt le Niall faoin mbliain amach romhainn i measc rudaí eile.

Thosaigh muid le hiarraidh air céard a cheap sé faoin ócáid agus céard a cheap sé faoi bhliain iomána Chill Dara go dtí seo.

‘Cinnte’, a deir Niall, ‘tá mé sásta a bheith anseo le tús a chur leis an Joe McDonagh.’

‘I mbliana bhí an tsraith lárnach dúinne’, a mhíníonn sé. ‘Bhí tús maith againn. Chríochnaigh muid an tsraith i gcoinne Uíbh Fhailí ach theip orainn sa deireadh.

‘Ansin, bhí an Joe McDonagh ann ach ní raibh tús maith againn i gcoinne Cheatharlach ag an deireadh seachtaine ach tá súil againn go mbeidh an bua againn in aghaidh Uíbh Fhailí ar an deireadh seachtaine.’

Tar éis do Chill Dara Corn Chriostóir Uí Rinn a bhuachan anuraidh tá siad anois ag imirt ag leibhéal níos airde i mbliana i gCraobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha. Míníonn Niall an tábhacht a bhaineann le bheith ag imirt ag an leibhéal sin.

‘Cinnte, mar a dúirt mé, tá sé lárnach dúinne i gCill Dara chun feabhas a chur orainn féin. Le trí nó ceithre bliana, gach bliain tá muid tar éis feabhas a chur ar chúrsaí sa champa.

‘Tá níos mó imreoirí ag imirt iománaíochta faoi láthair i gCill Dara. Tá sé cinnte tábhachtach go bhfanfaidh muid sa Joe McDonagh agus go ndéanann muid iarracht é a bhuachaint chomh maith.’

Tá Niall ag imirt le foireann shinsir Chill Dara le 15 bliain anuas. Éacht, dar ndóigh, agus d’iarr muid air cén chaoi a raibh sé ag aireachtáil faoi sin.

‘Tá mé ag aireachtáil go maith’, a deir Niall. ‘Tá mé ag súil go mór leis an deis seo i mbliana. Nílim cinnte go mbeidh go leor blianta agam amach anseo agus tá mé ag baint taitnimh as i mbliana. Tá súil agam go mbeidh críoch maith againn.’

Is é Niall Ambasadóir Gaeilge Chill Dara. D’iarr muid air an raibh sé ag baint taitnimh as an ról.

‘Is mór an onóir dom a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cill Dara’, a deir sé go bródúil. ‘Tá mé sásta an Ghaeilge a chur chun cinn i gCill Dara agus amach anseo ar fud na tíre chomh maith.’

Bhí go leor Gaeilgeoirí ar fhoireann Chill Dara thar na blianta. An mbíodh siad ag labhairt Gaeilge le chéile ar an bpáirc imeartha?

‘Bhí mé féin agus mo dheartháir ag imirt in aice lena chéile ar an bpáirc i gcónaí agus bhíomar i gcónaí ag labhairt as Gaeilge. Leis an gclub faoi láthair bíonn muid ag labhairt Gaeilge ar an bpáirc imeartha chomh maith. Is iontach an rud é.’

Imreofar Babhta 2 de Chraobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha an deireadh seachtaine seo.

Éist leis an agallamh le Niall thíos.