Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

Hurling

Cé a bheidh mar Sheaimpíní Iománaíochta na Mumhan?

Cúl báire Corcaigh Anthony Nash.

Cúl báire Corcaigh Anthony Nash.

Na Reibiliúnaigh i gcoinne Na Brataí, Kieran Kingston i gcoinne Dónal Moloney agus Gerry O’Connor, Conor Lehane gcoinne Tony Kelly, an bheirt chara, Diarmuid O’Sullivan agus Dónal Óg Cusack in adharca a chéile mar roghnóirí. Corcaigh i gcoinne An Chláir i dTurlas le feiceáil cé a chorónfar mar ríthe iománaíochta na Mumhan. Ar aghaidh linn.

Seo é an chéad uair ó 1999 ina bhfuil Corcaigh agus An Clár ag imirt i gcluiche ceannais iománaíochta na Mumhan. Marcálfaidh an Domhnach seo an triú chraobh Mhumhan déag idir an dá chontae seo le 9 gcinn buaite ag Corcaigh go dtí seo, dhá cheann buaite ag an gClár ,agus comhscór amháin eatarthu.

Beidh Corcaigh ag iarraidh an corn a bhuacaint den chéad uair ó bhuadar é i 2014 i gcoinne Luimnigh. Síneann an gorta i bhfad siar don Chlár; ba í an uair dheireanach gur éirigh leo Craobh na Mumhan a thógáil abhaile leo ná sa bhliain 1998 nuair a bhí Ger Loughnane mar bhainisteoir orthu.

Níl mórán ticéid fágtha don chluiche ollmhór seo agus níl aon amhras ann go mbeidh atmaisféar speisialta san aer ar an Domhnach agus tá cúis leis seo; tá an dá fhoireann seo ag teacht chun cinn arís san iománaíocht.

 Seo í an chéad uair ó 2008 ina bhfuil An Clár ag imirt i gcluiche ceannais iománaíocht na Mumhan tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar Luimneach sa chluiche leathcheannais. Tá Corcaigh ag teacht ar ais mar mhórchumhacht san iománaíocht tar éis ionadh a chur ar gach duine ag buacaint go dtí seo i gcoinne sheaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, agus ansin Port Láirge sa chluiche leathcheannais. Is foireann óg í an fhoireann seo ach níl aon dabht ann go bhfuileadar tar éis an dóchais a athnuachan ar bhruacha na Laoi.

Beidh an cluiche seo suimiúil agus beidh ard-chaighdeán iománaíochta ann tríd is tríd. Ní gá ach breathnú ar na himreoirí a bheidh ar an bpáirc, imreoirí den chéad scoth iad Conor Lehane, Tony Kelly, Shane O’Donnell, Séamus Harnedy agus Mark Ellis.

Is foireann óg iad Corcaigh le bainisteoir na foirne, Kieran Kingston, ag tógáil Luke Meade(20), Shane Kingston(19), Darragh Fitzgibbon(20), Mark Coleman(19) agus Colm Spillane(24) isteach ina phainéal. Seo é an chéad bhliain dóibh ag imirt i gcraobhchomóras sinsearach idir-chontae. Ní cheapas seo ag breathnú orthu nuair a d’imir Corcaigh le haibíocht chun Tiobraid Árann agus Port Láirge a chur amach ó chúige Mumhan, sheas an fhoireann, agus na himreoirí óga suas agus ghlacadar lena gcuid róil éagsúla. Bhí Mark Coleman lárnach i gcoinne Phort Láirge, ag cruthú spáis amuigh ar an gcliathán sa líne leathchúil chun pocanna Anthony Nash a bhailiú agus Corcaigh a chur ar an ionsaí. Sna cluichí go dtí seo, d’imir Corcaigh ‘man to man’ in ionad imirt le fir sa bhreis mar chosantóirí.

D’fhoireann Dónal Moloney agus Gerry O’Connor beidh a fhios acu gur chóir an liathróid a scaoileadh isteach go tapa go dtí Shane O’Donnell mar tá an fear ó Éire Óg ar ais ag barr a mhaitheasa tar éis roinnt blianta ag streachailt le gortaithe éagsúla. D’aimsigh sé 2-02 an lá deireanach. Deirtear go mbíonn tromluí ar mhuintir Chorcaí fós faoin am ar aimsigh O’Donnell 3-03 ina gcoinne i gcluiche Ceannais na hÉireann 2013 chun An Clár a stiúradh chun ráithe. Is dócha go mbeidh Damian Cahalane ag tabhairt aghaidh air.

Tá an t-ádh leis an gClár go bhfuil Tony Kelly acu, cé go raibh an fear ó Ballyea ciúin go maith i gcoinne Luimnigh ag cur poc éirice ar seachrán agus mí-ábalta scór a aimsiú is fíor le rá go mbeidh lá eile ag an bpaorach mar cheapfainn nach mbeidh Imreoir na Bliana 2013 chomh ciúin sin an deireadh seachtaine seo.

Tiocfaidh an cosantóir greamaitheach, Séadna Morey, amach na páirce chun súil a choimeád ar an bhfear ó Middleton, Conor Lehane, a bhfuil ag imirt go smior do Chorcaigh i mbliana, le captaen an Chláir, Pat O’Connor ag tógáil Patrick Horgan, a bhfuil ar tí dul thar an laoch Christy Ring le líon scóir aimsithe i gCraobhchomórtas na hÉireann.

Ar an taobhlíne, beidh an bheirt chara agus iar-comhimreoirí le Corcaigh, Diarmuid O’Sullivan agus Dónal Óg Cusack in éadan a chéile le Cusack mar chuid d’fhoireann bhainistíochta an Chláir. Ón gclub céanna, Cloyne, in oirthear Chorcaí, tá ceart maímhe ar fáil anseo agus beidh an bheirt ag iarraidh an bua a fháil thar an duine eile, cuma más cairde iad!

An éireoidh le Corcaigh cur leis an athnuachan dóchais ar bhruacha na Laoi trí bhuacaint ar an Domhnach nó an imreoidh An Clár an cleas céanna is a d’imir siad i gCraobh na hÉireann i 2013? Fan go bhfeicimid.