Marc Ó Sé ag seoladh sceideal GAAGO do Chraobhchomórtais 2024 i bPáirc an Chrócaigh inné
Le Jamie Ó Tuama
D’fhógair GAAGO a sceideal craolacháin do 2024 ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inné. I measc na n-anailísithe de chuid GAAGO a bhí i láthair bhí Marc Ó Sé. Labhair Marc liom faoin séasúr peile atá amach romhainn agus faoina chéad bhliain le GAAGO. Tá sé ag súil go mór le 2024.
‘Bheul, bhaineas ana-thaitneamh as an mbliain seo caite’ a deir Marc. ‘Is deas go bhfuil sé ag tarlú arís i mbliana. Bhaineas taitneamh as a bheith ag léimint isteach sa mhótar ar an Satharn, ag dul chuig áiteanna éagsúla timpeall na tíre, go háirithe agus mé ag dul suas go dtí’n Tuaisceart, sna cluichí ansan thuas ag féachaint ar Chraobh Uladh. Bhaineas sárthaitneamh as a bheith ag obair le leithéidí Michael Murphy agus Paddy Andrews.
‘Tánn tú, is dócha, ag foghlaim an t-am ar fad, ag féachaint ar na cluichí agus is dócha na córais agus an stíl dhifriúil atá ag na contaetha difriúla. Is rud deas é sin agus nuair a éiríonn tú as an bpeil tánn tú fós sórt sáite ann i slí éigin. Is deas go bhfuilim fós ann.’
Bíonn an-spraoi ag an bpainéal nuair a bhíonn siad le chéile agus tagann sé sin trasna nuair a bhíonn siad ag obair le chéile.
‘Nuair atánn tú ag déileáil le leithéidí Michael Murphy agus Paddy Andrews, dream seoigh ar fad is ea iad agus bíonn an-chraic agus spraoi againn nuair a théimid suas faoin tír,’ a mhíníonn Marc. ‘Bímid ag dul go dtí na páirceanna difriúla agus bíonn ort fanacht in óstáin agus bíonn cad é mar chlismirt agus mar chraic againn.
‘Bíonn gach aon sórt craic againn leo. Leaideanna iontacha is ea iad agus tá mé ana-cheanúil orthu, caithfidh mé a rá. Caithfidh craic a bheith agat chomh maith nuair atá tú ag dul go dtí na háiteanna so. Muna bhfuil craic agat bíonn sé ábhairín leadránach.’
Ní raibh ach oiread na fríde idir Áth Cliath agus Ciarraí i gcluiche ceannais na bliana seo. Tá Marc den tuairim go dteastaíonn cúpla imreoir nua ó Chiarraí má ta siad chun an beart a dhéanamh i 2024.
‘Bheul, is dócha an dúshlán mór atá roimh Chiarraí ag féachaint amach anso, b’fhéidir i lár an ghoirt agus an líne leatosach. Caithfimid, b’fhéidir, imreoir nó dhó a fháil do na háiteanna san,’ a mhíníonn Marc. ‘Tá leithéidí David Moran éirithe as. Tá Jack Barry imithe go dtí an Astráil. Beidh ar Jack O’Connor imreoir de shaghas éigin a chur isteach ansan.
‘Is cuimhin liom na blianta ó shin bhíodh Mike Breen ag imirt i lár an ghoirt do Chiarraí leis na mionúir. Tá a fhios agam go bhfuil mórán difríochtaí idir na mionúir agus na sinsir ach, ag an am céanna, b’fhéidir gur chóir féachaint air sa tsraith. Is dóigh liom go bhfuil an cumas aige ach an mbeadh sé in ann imirt i lár an ghoirt sa tsraith?
‘Más rud e go bhfuil sé, bheadh sé go diail ar fad ansan mar tá sé láidir. Is féidir leis dul suas an gort agus tá sé in ann cosaint chomh maith. Mar sin, b’fhéidir gur chóir féachaint ar Mike Breen i lár an ghoirt. Bheadh sé go maith i gcomhair Chiarraí.’
Sna nóiméid díreach tar éis d’Áth Cliath Craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana, bhí go leor den tuairim go raibh a dheireadh fecithe le James McCarthy agus roinnt daoine eile i ngeansaí Átha Cliath. De réir mar a théann muid níos gaire don séasúr nua, áfach, tá roinnt den tuairim go bhfeicfí arís iad. Tá Marc den tuairim go bhfuil neart peile fágtha iontu.
‘Cén fáth nach bhféadfaidís dul i gcomhair bliana eile’, a deir Marc. ‘Is féidir leo. Féach ar thaispeántas Cluxton i gcluiche ceannais na bliana seo caite. Bhí sé thar barr ar fad. Na ciceana a bhí aige. James McCarthy mar an gcéanna. Tá an séasúr gairid anois. Tá tú ag caint ar b’fhéidir Aibreán, Bealtaine, Meitheamh, Iúil agus is dóigh liomsa nach mbeadh aon fhadhb acu imirt.
‘Ní dóigh liom go mbeadh mórán daoine ag éirí as i mBleá Cliath agus tá Dessie ag fanacht. B’fhéidir go bhfanfadh siad san chomh maith. Is féidir leo fanacht. Tá peil fós le himirt acu agus beidh sé deacair stop a chur leo.’
Maidir leis na foirne eile tá Marc den tuairim go mbeidh Doire, ach go háirithe, an-láidir. Tá dul chun cinn mór déanta acu le blianta beaga anuas agus tá Marc den tuairim go bhfuil seans maith acu agus iad faoi stiúir Mickey Harte anois.
‘Is dóigh liom go mbeidh Doire an-mhaith i mbiana go háirithe nuair atá Mickey Harte tar éis dul isteach ann. Is dóigh liom go mbeidh siad siúd láidir. Beidh Gaillimh ann is dócha, freisin.
‘Tiocfaidh feabhas ar Dhún na nGall ach ní dóigh go mbeidh siad ag an leibhéal san fós. Tír Eoghain, is dóigh liom go dtiocfaidh feabhas orthu siúd chomh maith ach is dóigh liomsa Áth Cliath, Doire, Ciarraí, agus Ard Mhacha, b’fhéidir. Sin iad na foirne a bheinnse ag faire orthu, ach n’fheadar an bhfuil aoinne ann fós, b’fhéidir Doire, go bhféadfaidís Craobh na hÉireann a bhaint amach.’
Maidir leis na peileadóirí féin tá Marc ag súil le bliain mhór ó mhuintir Clifford agus Cillian Burke i measc daoine eile.
‘Na himreoirí móra a mbeinnse ag súil le rudaí móra uathu i 2024 ná David Clifford gan dabht, Paudie Clifford, Seánie O’Shea ach tá imreoirí óga eile ag teacht aníos. Ag féachaint ar Bhleá Cliath fuair Basquel Gradam All-Star i mbliana. Beidh sé ag féachaint ar dhul céim sa mbreis i mbliana chomh maith le Shane McGuigan.
‘Tá imreoirí óga ag teacht suas chomh maith ó chontaetha difriúla. Ó thaobh Chiarraí de tá leithéidí Cillian Burke. Is dóigh liom go bhfuil sé ar an bpainéal anois. Bhí se ag imirt go maith i gCraobhacha an Chontae agus bhí sé ag imirt go maith lena chlub. Le cúnamh Dé beidh sé sin in ann áit a fháil ar fhoireann Chiarraí agus b’fhéidir an geansaí a choimeád ansan.