Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Ó Donnchadha dírithe ar Chluiche Ceannais Uí Rinn ach Comórtas Peile na Gaeltachta ina chroí i gcónaí

Daire Ó Maoiléidigh, Dún na nGall, á chur faoi bhrú ag Éamon Óg Ó Donnchadha, An Mhí, le linn cluiche de chuid Shraitheanna Allianz i mbliana

Daire Ó Maoiléidigh, Dún na nGall, á chur faoi bhrú ag Éamon Óg Ó Donnchadha, An Mhí, le linn cluiche de chuid Shraitheanna Allianz i mbliana

Le Jamie Ó Tuama

Beidh deireadh seachtaine mór peile ag tosú amárach sna Méilte i nGaeltacht Dhún na nGall agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 á eagrú ag CLG Naomh Muire. Deis iontach é an’comórtas’ do Ghaeil ó cheantair Ghaeltachta agus ó chlubanna lán-Ghaeilge teacht le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an bpeil agus ar an nGaeilge.

Duine de pheileadóirí móra an chomórtais le blianta beaga anuas is ea fear Chlann na nGael, Éamon Óg Ó Donnchadha, ach ní bheidh sé ann i mbliana, faraor. Tá leithscéal maith aige, mar sin féin, agus é ag súil go mór le himirt leis an Mí i gCluiche Ceannais Chraobh Chorn Chríostóir Uí Rinn Dé Sathairn.

Shuigh mé síos le hÉamon an tseachtain seo le labhairt leis faoi Chluiche Ceannais Uí Rinn agus faoina chuimhní cinn ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Thosaigh mé le fíorú dhó cén chaoi a raibh sé ag aireachtáil faoin gcluiche ceannais Dé Sathairn.

‘Tá muid ríméadach a bheith sa gcluiche ceannais’, a deir Éamon. ‘Tá muid ag súil go mór leis. Tá mé beagáinín neirbhíseach, mar a bhím, ach tá muid réitithe den chuid is mó agus ag súil go mór leis an gcluiche, go háirithe agus muid ag imirt i bPáirc an Chrócaigh. Is iontach an rud é sin.’

Dar ndóigh, d’imir an Mhí in aghaidh Dhoire sa chraobh cheana féin i mbliana nuair a d’éirigh leo bua dhá chúilín a fháil ar a gcéilí comhraic in Abhainn Bheag ag deireadh mhí Aibreáin. Tá Éamon den tuairim nach mbeidh mórán tionchair ag an mbua sin ar an gcluiche ceannais, áfach.

‘Is cluiche nua é, cluiche ceannais, bíonn sé i gcónaí difriúil ach bhí an-choimhlint ann an uair dheireanach nuair a bhuail muid leo sa gCraobh agus bhí an cluiche sin fíorchrua’, a deir Éamon.

‘D’fhéadfadh sé gabháil ‘chaon bhealach agus beidh sé mar a chéile Dé Sathairn. Bheinn ag súil le cluiche fíorchrua uaidh muintir Dhoire. Tá iománaithe breátha acu agus tá siad réitithe go maith. Tá siad aclaí agus tá siad láidir. Ní bheidh tada éasca ach, le cúnamh Dé, gheobhaidh muid an ceann is fearr orthu.’

Tá Craobh Chorn Chríostóir Uí Rinn buaite ag an Mí faoi dhó le seacht mbliana anuas agus cé gur éirigh le Doire an cluiche ceannais a bhaint amach faoi dhó cheana níor éirigh leo é bhuachaint. Níl Ó Donnchadha den tuairim go mbeidh tionchar aige sin ar an gcluiche ceannais, mar sin féin.

‘Níl mé cinnte mar tá painéal sórt nua againn ó bhuaigh muid an chéad uair é i 2016’, a mhíníonn sé. ‘Tá sé athraithe go mór ó shin ach tá cúpla duine fós ann cinnte, agus tá sé iontach an taithí sin a bheith ann. Déanann sé an-difríocht agus b’fhéidir go dtabharfadh an dream a bhí ann i 2016 agus i 2019 muinín don chuid eile, don dream nua ar an bpainéal.

‘B’fhéidir go mbeadh beagán tionchair aige ach, ansin, tá fir ag Doire atá ag imirt le Sleacht Néill agus tá siad sin théis a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh, freisin. Mar sin, bheadh an-taithí acu sin air, freisin.

Níl Ó Donnchadha ag breathnú níos faide ar aghaidh ná an Satharn, ach, aithníonn sé go bhfuil sé tábhachtach don iománaíocht i gcontae na Mí go mbeadh an contae ag imirt ag an leibhéal is airde agus is féidir.

Éamon Óg Ó Donnchadha ag casadh na bpíob do Bhanríona Silvia agus Rí Carl XVI Gustaf na Sualainne thiar sa bhliain 2019

Éamon Óg Ó Donnchadha ag casadh na bpíob do Bhanríona Silvia agus Rí Carl XVI Gustaf na Sualainne thiar sa bhliain 2019

‘Tá muid ag iarraidh a bheith ag imirt ag an leibhéal is airde i gcónaí’, a deir sé, ‘agus sin Craobh Sheosamh Mhic Dhonncha, sin an áit a bhfuil muid ag iarraidh a bheith ag imirt – in aghaidh leithéidí Uíbh Fhailí agus Laoise, ach, tá muid san áit a bhfuil muid.

‘Ní raibh muid sách maith anuraidh agus caithfidh muid forbairt a dhéanamh i gContae na Mí faoi láthair agus b’fhéidir, le cúnamh Dé, má éiríonn linn Dé Sathairn, bheadh sé sin iontach go spreagfadh sé sin cúpla duine eile le gabháil ag imirt agus na daoine óga thimpeall na háite.’

Díreach ag an am céanna le Cluiche Ceannais Chríostóir Uí Rinn Dé Sathairn, beidh Comórtas Peile na Gaeltachta faoi lánseol sna Méilte i nGaeltacht Dhún na nGall. D’iarr mé ar Éamon an mbeadh sé ag faire amach dá chlub, Clann na nGael, le linn an lae.

‘Cinnte, beidh’, a deir sé, ‘agus faraor tá an dá rud ag tarlú ar an lá céanna. Is iontach an comórtas é Comórtas Peile na Gaeltachta. Fiú amháin anuraidh bhí an-chomórtas ann agus bhain muid an-taitneamh as.

‘Is comórtas speisialta é le haghaidh mhuintir na Gaeltachta. Tá an-pháirt aige i mo chroí agus bhí an-spórt againn anuraidh leis na cluichí agus ag castáil le daoine eile agus le foirne eile a labhraíonn Gaeilge agus le muintir na Gaeltachta freisin.

‘Ní minic a bhfaigheadh tú seans imirt in aghaidh na nGaeltachtaí eile mara bhfuil tú ar leibhéal fíorard. Tá sé go hiontach castáil le himreoirí difriúla agus díreach le bheith ann le bheith fírinneach.’

Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i Leitir Móir anuraidh. Tá ceangal láidir ag Éamon agus ag muintir Ráth Chairn le Leitir Móir agus an ceantar máguaird. Dá bhrí sin, bhí tábhacht ar leith ag baint le comórtas na bliana seo caite d’Éamon.

‘Bhí níos mó de thábhacht leis cinnte’, a deir sé go bródúil. ‘Níl mo Mhamó ach trasna ón bpáirc. Bhí mé ag iarraidh a bheith thiar ag an gcomórtas sin agus bhí sé sin go hiontach mar bhí aithne mhaith againn ar an áit agus bhíodh mo Dhaideo i gcónaí ag breathnú ar na cluichí thiar ansin.

‘Áit speisialta í dhomsa mar gheall gurb ann a bhínn agus mé óg. Bhínn féin agus mo dheartháir ‘is mo chol ceathracha ag ciceáil liathróide ann is ag pocáil. Bhí sé iontach a ghabháil ar ais chuig an bpáirc sin agus seans a fháil imirt ar Pháirc an Mháimín arís. Bhí sé fíorspeisialta agus fiú amháin tháinig mo chuid gaolta anall as Meiricieá, freisin, agus bhí sé sin an-an-speisialta.’

Mar is eol do dhuine ar bith a d’fhreastail ar Chomórtas Peile na Gaeltachta riamh cheana, tá i bhfad níos mó ag baint leis ná féile peile. Míníonn Éamonn na rudaí éagsúla a dhéanann an comórtas speisialta dhó féin.

‘Bheul, uimhir a haon, ná an pheil ar dtús’, a deir sé. ‘Is breá liom a bheith ag imirt na gcluichí. Bíonn an-choimhlint iontu. Bíonn an-choimhlint ar an bpáirc agus ina dhiaidh bíonn an-chraic agus spraoi ann. Déanann chuile dhuine ceiliúradh le chéile ag deireadh na hoíche agus na féile agus bíonn sé sin thar cionn.

‘Bíonn an comórtas iontach. Bíonn deis ann labhairt le daoine as Gaeltachtaí difriúla, agus castáil le daoine le canúintí difriúla! Seans nach mbeadh taithí ag corrdhuine sa nGaeltacht ar chanúintí difriúla agus bíonn rudaí mar sin go hálainn.

‘An comórtas a bhíonn ann le haghaidh na mban (an cailín Gaelach). Bíonn sé sin thar cionn agus bíonn an-cheol agus amhráin agus rudaí mar sin ag gabháil leis, freisin, agus damhsa. Is sórt ceiliúradh é, b’fhéidir, ar an gcultúr. Ní hamháin ar an bpeil ach ar na rudaí sin cosúil leis an damhsa, leis an gceol, an amhránaíocht. Is deas an rud é sin leis an bpictiúr iomlán a fháil de shaol na Gaeltachta.’

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, in éineacht le cuid de na clubanna a bheidh páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta sna Méilte an tseachtain seo chugainn

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, in éineacht le cuid de na clubanna a bheidh páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta sna Méilte an tseachtain seo chugainn

Is iomaí réalta mór peile a d’imir ag an gcomórtas thar na blianta. Ina measc siúd tá leithéidí muintir Uí Shé agus Dara Ó Cinnéide ó Chumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí, Seán Ó Domhnaill ó CLG na Ceathrún Rua, Caoimhín Ó Casaide ó Ghaoth Dobhair, Micheál Ó Cróinín Naomh Abán agus go leor leor eile nach iad. D’iarr mé ar Éamon cérbh iad na himreoirí ab fhearr a chonaic seisean ag Comórtas Peile na Gaeltachta.

‘B’fhéidir leithéidí Caoimhín Ó Casaide,’ a deir sé. ‘Bhí sé dochreidte mar imreoir. Bhí sé láidir, sciobthaí. Bhí sé in ann chuile rud a dhéanamh agus cumhachtach ar an bpáirc agus thaithin sé sin go mór liom.’

Ní raibh sé d’ádh ag Éamonn imirt in aghaidh an Chasaidigh, mar sin fein.

‘Ní raibh muid sa gcomórtas sinsir ag an am. Bhí muid sa gcomórtas sóisir ach bhí sé iontach fiú amháin breathnú ar a leithéid sin a bheith ag imirt agus fear a bhí ag imirt le Dún na nGall ar feadh na mblianta. Bhí sé go hiontach leithéidí sin a fheiceáil ag imirt agus bhí sé i mbarr a réime ag an am.

‘Cé eile? Na McHughs. Bhí siad sin thar cionn agus Pádraig McBrearty. Bhí sé iontach leithéidí sin a fheiceáil nuair a bhí siad sin ag imirt sa gcomórtas ag an gcraobh. Bhí siad thar barr agus is cuimhneach liom Mark McHugh. Bhí sé thar cionn. Bhí sé ag smachtú an chluiche. Nuair a fheiceann tú leithéidí na himreoirí sin ag imirt cuireann sé go mór leis.

Maidir le seansanna a chlub féin ag an gcomórtas, tá Éamonn dóchasach go maith.

‘Bheul, tá siad á thógáil an-dáiríre i mbliana’, a deir sé. ‘Tá roinnt mhaith ag gabháil suas. Creidim go bhfuil painéal de thart ar 30 againn ag gabháil suas. Tá sé sin thar cionn nuair a chloiseann tú go bhfuil an méid sin ann. Beidh sé go hiontach.

‘Is breá le fir agus mná na háite an comórtas agus tá foireann mhaith ag na mná ag gabháil suas, freisin, agus le cúnamh Dé, éireoidh go maith leo.

‘Tá foireann láidir ag na mná agus tá foireann réitithe go maith ag na fir. Le cúnamh Dé, déanfaidh siad an-jab agus bheadh súil againn go mbeadh cúpla bua againn. Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go mbeadh siad sa gcluiche ceannais Dé Luain.

D’fhág mé Éamonn le ceist amháin eile. Dá n-éireodh le Clann na nGael an cluiche ceannais a bhaint amach ar an Luan an mbeadh sé ar fáil le gabháil ag taisteal?

‘B’fhéidir go mbeinn ag fáil an helicopter suas’, a deir sé le meangadh gáire ar a éadan!