Tús spleodrach le Sraitheanna Peile Allianz
1.08 ar fad a d'aimsigh David Clifford do Chiarraí in aghaidh Ros Comáin ar an deireadh seachtaine
Le Jamie Ó Tuama
Roinn 1
Cuireadh tús le Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz Dé Sathairn seo caite nuair a thug Áth Cliath agus Dún na nGall aghaidh a chéile i bPáirc an Chrócaigh. Cé go raibh na Conallaigh chun tosaigh go compordach ag leath ama, thug foireann Ger Brennan dúshlán dóibh sa dara leath. Bhí foireann Jim McGuinness róláidir dá gcéilí comhraic mar sin féin agus bhí bua aon chúl amháin acu sa deireadh. Deichniúr ar fad a d’aimsigh scóranna do Dhún na nGall agus 0-06 ó Michael Langan san áireamh. Chríochnaigh Con O’Callaghan le 0-08 d’Áth Cliath.
Imríodh na trí chluiche eile i Roinn 1 Dé Domhnaigh. Chuir Gaillimh fáilte roimh a gcomharsana béal dorais, Maigh Eo, go Staid an Phiarsaigh áit a raibh féasta cúl ann – cúig cinn ar fad. Cé go raibh Maigh Eo chun tosaigh go maith ag leath ama, tháinig Gaillimh amach go láidir sa dara leath agus sa deireadh ní raibh ach aon t-aon chúl amháin ag scaradh na bhfoirne. Bhí cúl báire, Mhaigh Eo, Rob Hennelly an-chruinn ó na ciceanna saora do Mhaigh Eo agus chríochnaigh sé an cluiche le 0-06 – trí scór dhá phointe! Chríochnaigh Fionn McDonagh le 1-04 do Ghaillimh.
Ba i Staid an Ghearaltaigh, Cill Airne, a imríodh an cluiche idir Ciarraí agus Ros Comáin. In ainneoin go raibh Ciarraí seacht bpointe chun tosaigh go luath sa dara leath, thóg sé scór déanach ó Thomás Kennedy leis na pointí a chinntiú do lucht na Ríochta. Chríochnaigh David Clifford le 1-08 do churaidh na hÉireann agus ba ar Dhiarmuid Murtagh agus ar Dhaire Cregg a bhí muintir Ros Comáin ag brath le haghaidh scóranna. Chríochnaigh Murtagh le 1-06 agus chríochnaigh Cregg le 0-09.
Chuir Muineachán tús leis an tsraith le cluiche baile in aghaidh a gcomharsana béal dorais, Ard Mhacha, i bPáirc Naomh Tighearnach, Cluain Eois. D’imir foireann Kieran McGeeney le cóir na gaoithe sa chéad leath, rud a d’fhág chun tosaigh iad le haon chúilín déag ag an mbriseadh. Choinnigh Ard Mhacha orthu sa dara leath agus bhí bua dhá chúilín déag sa deireadh acu. Is cinnte gur airigh an fhoireann baile uathu muintir na Botha don chluiche seo. Bheadh McGeeney sásta gur éirigh le 11 imreoir ar fad scóranna a aimsiú d’Ard Mhacha le 0-06 ó Conor Turbitt agus 1-03 ó Andrew Murnin san áireamh. Chríochnaigh Stephen O’Hanlon le 0-7 do Mhuineachán.
Roinn 2
Cuireadh tús le Roinn 2 den tsraith i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn nuair a thug an Mhí agus Doire aghaidh ar a chéile. Thosaigh Doire go láidir agus tar éis 25 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-05 go dtí 0-03. D’éirigh leis an Mí teacht ar ais láidir ina dhiaidh sin mar sin féin agus nuair a chuaigh siad chun tosaigh ar chlár na scór, d’fhan siad chun tosaigh. 0-07 a d’aimsigh Jack Flynn don Mhí agus 0-07 a d’aimsigh Shane McGuigan do Dhoire. Scór deiridh: An Mhí 0-19 Doire 1-13.
Bhí an-chluiche go deo i bPáirc Uí Éilí O’Neills tráthnóna Dé Sathairn nuair a chríochnaigh Tír Eoghain agus Cill Dara ar comhscór – 2-16 go dtí 1-19. Chuaigh na foirne isteach ag leath ama leis na Lilí chun tosaigh ar scór 1-08 go dtí 0-08. Tháinig Tír Eoghain amach láidir sa dara leath mar sin féin agus thóg sé scór dhá phointe sa nóiméad deireanach ó Bhrian McLoughlin leis an gcluiche a chothromú. Chríochnaigh McLoughlin an cluiche le 0-09 ar fad do Chill Dara agus chríochnaigh Ethan Jordon, a bhí ag imirt a chéad chluiche sraithe do Thír Eoghain, le 1-09.
Bhí tús buacach ag Jack Flynn agus ag an Mí in aghaidh Dhoire Dé Sathairn
Thug Corcaigh agus an Cabhán aghaidh ar a chéile i SuperValu Páirc Uí Chaoimh Dé Domhnaigh. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag an gCabhán agus an cluiche ag tarraingt ar an deich nóiméad dheireanacha ach chríochnaigh Corcaigh láidir leis an dá phointe sraithe a bhuachan. Chríochnaigh Mark Cronin le 0-07 do na Corcaígh agus chríochnaigh Dara McVeety le 1-04 don Chabhán. Scór deiridh: Corcaigh 0-24 An Cabhán 2-17.
Thug Uíbh Fhailí agus Lú aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Chonchubhair Glenisk sa chluiche eile a imríodh i Roinn2. Bhí tús spleodrach leis an gcluiche seo agus 0-14 ar fad a aimsíodh sa chéad cheathrú. Bhí an-tionchar ag an ngaoth ar an gcluiche ach d’éirigh le Lú greim a fháil ar an gcoimhlint seo sa dara leath le bua cúig chúilín a bhaint amach. D’aimsigh Craig Lennon 0-05 agus Sam Mulroy 1-01 do Lú agus d’aimsigh Keith O’Neill 0-05 agus Ciarán Murphy 0-04 d’Uíbh Fhailí. Scór deiridh: Lú 1-21 Uíbh Fhailí 0-19.
Roinn 3
I Roinn 3, fuair an Dún an ceann is fearr ar an gClár ar scór 2-19 go dtí 2-14 agus bhí comhscór idir Laois agus Luimneach. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 1-10 go dtí 0-13. D’éirigh le Loch Garman an ceann is fearr a fháil ar Fhear Manach ar scór 1-13 go dtí 0-12 agus bhí bua aon chúilín amháin ag an Iarmhí ar Shligeach. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 2-14 go dtí 1-16.
Roinn 4
Bhí buanna ag Ceatharlach ar Aontroim agus ag Cill Mhantáin ar Liatroim i Roinn 4. Chríochnaigh an cluiche idir Londain agus Tiobraid Árann ar comhscór agus cuireadh an cluiche idir Port Láirge agus an Longfort ar ceal de bharr na drochaimsire.
Roinn 1
Áth Cliath 0-20 Dún na nGall 1-20
Gaillimh 2-18 Maigh Eo 3-18
Ciarraí 2-18 Ros Comáin 1-20
Muineachán 0-18 Ard Mhacha 1-27
Roinn 2
An Mhí 0-19 Doire 1-13
Tír Eoghain 2-16 Cill Dara 1-19
Corcaigh 0-24 An Cabhán 2-17
Uíbh Fhailí 0-19 Lú 1-21
Roinn 3
An Dún 2-19 An Clár 2-14
Laois 1-10 Luimneach 0-13
Fear Manach 0-12 Loch Garman 1-13
An Iarmhí 2-14 Sligeach 1-16
Roinn 4
Port Láirge 0-00 An Longfort 0-00 (ar ceal)
Londain 0-21 Tiobraid Árann 0-21
Aontroim 1-15 Ceatharlach 2-16
Cill Mhantáin 1-17 Liatroim 2-13