Tús na gCraobhchomórtas Peile buailte linn
Aaron Doherty, Dún na nGall, agus Diarmuid Baker, Doire, i gCluiche Ceathrú Ceannais Uladh anuraidh nuair a d'imir na foirne in aghaidh a chéile
Le Jamie Ó Tuama
Tar éis cúpla mí de scléip Shraitheanna Náisiúnta Allianz, cuirfear tús le scléip de chineál eile an deireadh seachtaine seo nuair a imríonn Londain in aghaidh Ros Comáin i bPáirc Mhig Shamhráin le craobhchomórtais peile na bliana seo a chur faoi sheol Dé Sathairn.
Ag teacht sna sála ar an gcluiche idir Londain agus Ros Comáin i gCraobh Peile Chonnacht Dé Sathairn ar 14.30, cuirfear tús le Craobhacha Peile Laighean agus na Mumhan ar 18.00 an tráthnóna céanna. Imreoidh Loch Garman in aghaidh Laoise i bPáirc Loch Garman Chadwicks i gCraobh Laighean, imreoidh Tiobraid Árann in aghaidh Phort Láirge i Staid Semple FBD agus imreoidh Luimneach in aghaidh Chorcaí i bPáirc na nGael TUS i gCraobh na Mumhan.
Ansin, Dé Domhnaigh, imreoidh Maigh Eo in aghaidh Shligigh i bPáirc Mhic Éil Hastings, Caisleán an Bharraigh, ar 15.30 agus imreoidh Nua-Eabhrac in aghaidh na Gaillimhe i bPáirc na nGael, Nua-Eabhrac, ar 20.00 i gCraobh Chonnacht.
Tabharfaidh an Mhí agus Ceatharlach aghaidh ar a chéile i bPáirc Tailteann i gCraobh Peile Laighean ar 15.00 agus tabharfaidh An Longfort agus Cill Mhantáin aghaidh ar a chéile i bPáirc an Phiarsaigh, Glennon Brothers, ar 15.30.
Cuirfear tús le Craobh Peile Uladh ar an Domhnach, freisin, nuair a imreoidh Dún na nGall in aghaidh Dhoire i gcluiche mór dheireadh na seachtaine, dar le go leor, i bPáirc Mhic Cumhaill, Baile Féich. Is cinnte go mbeidh dianchoimhlint idir an dá fhoireann seo agus iad san áireamh in aon phlé nó in aon chaint a dhéantar maidir le rogha na coitiantachta sa rás le haghaidh Chorn Shomhairle Mhig Uidhir.
Tar éis beagnach trí mhí de na rialacha nua, tá na foirne uilig cleachtaithe le stíl nua imeartha faoin tráth seo. Beidh sé suimiúil an dtiocfaidh mórán athruithe eile ar an gcaoi a n-úsáideann foirne na rialacha chun a leasa ag tosú an deireadh seachtaine.
Tá uair na cinniúna tagtha d'fhoirne Roinn 3 agus Roinn 4 agus fios maith acu go gcaithfidh siad cluichí ceannais na gcúigí a bhaint amach má tá sé i gceist acu a bheith ag imirt le haghaidh Chorn Shomhairle Mhig Uidhir níos faide anonn sa samhradh. Tosaíonn an chraic anois!
Cluichí dheireadh na seachtaine
Dé Sathairn
Connachta – Londain agus Ros Comáin, Páirc Mhig Shamhráin, 14.30, GAA+
Laighin – Loch Garman agus Laois, Páirc Loch Garman Chadwicks, 18.00
An Mhumhain – Tiobraid Árann agus Port Láirge, Staid Semple FBD, 18.00
An Mhumhain – Luimneach agus Corcaigh, Páirc na nGael TUS, 18.00
Dé Domhnaigh
Ulaidh – Dún na nGall agus Doire, Páirc Sheáin Mhic Cumhaill, 14.00, RTÉ agus BBC
Laighin – An MHí agus Ceatharlach, Páirc Tailteann, 15.00
Laighin – An Longfort agus Cill Mhantáin, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers, 15.30
Connachta – Maigh Eo agus Sligeach, Páirc Mhic Éil Hastings, 15.30 GAA+
Connachta – Nua-Eabhrac agus Gaillimh, Páirc na nGael, 20.00, GAA+