Tuarascáil Choiste Náisiúnta Déimeagrafaicí CLG Foilsithe
Conor Weir, Enda Stenson, Liam Lynch, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Déimeagrafaicí CLG, Benny Hurl, Colm Cummins, agus Peter Horgan, ag seoladh na tuarascála i bPáirc an Chrócaigh
D’fhoilsigh CLG tacar moltaí an tseachtain seo caite atá dírithe ar na hathruithe móra daonra atá le sonrú in Éirinn agus atá ag cur isteach go mór ar chlubanna tuaithe agus uirbeacha.
Ba é Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, a sheol Tuarascáil Choiste Náisiúnta Déimeagrafaicí CLG i bPáirc an Chrócaigh. Leagtar amach méid na ndúshlán atá roimh chlubanna tuaithe agus uirbeacha in Éirinn a bhfuil daonra d’os cionn seacht milliún duine aici anois – an líon is mó daoine a bhí sa tír ó 1851 i leith. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil formhór mór na ndaoine seo lonnaithe i gcathracha agus i mbailte.
Tá freagairt CLG ar an aistriú daonra in Éirinn bunaithe ar anailís atá déanta acu thar roinnt blianta. Léiríonn an anailís seo an bealach a mbíonn tionchar ag treochtaí daonra, ag meath tuaithe a léiriú i bhfoirm léarscáile chomh maith le saincheisteanna eile ar nós aistriú líon mór daoine go hoirthear chúige Laighean, ar go leor clubanna tuaithe atá ag streacailt foirne a chur le chéile. Ar an láimh eile, tá clubanna ag iarraidh déileáil le líon ollmhór ball i gceantair uirbeacha, rud a chuireann ualach orthu siúd a bhíonn ag cabhrú go deonach agus a chruthaíonn dúshláin mhóra maidir le rochtain a fháil ar áiseanna imeartha agus traenála.
Dúirt Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin:
“Le céad bliain anuas is í an bhagairt is mó a bhí againn maidir le cumas CLG fanacht ábhartha dár gcuid ball ná ceist seo an daonra. Níl smacht ag CLG ar go leor de na dúshláin a bhaineann le cúrsaí daonra. Mar sin féin, caithfidh muid labhairt le chéile fán dóigh is fearr le cinntiú go bhfuil láithreacht agus croí againn inár gcathracha, inár mbailte, inar sráidbhailte agus inár bpobail tuaithe.”
“Tréith láidir i stair iontach CLG ná an diongbháilteacht a bhaineann linn; an cumas atá ag an Chumann dúshláin a shárú agus fanacht i gcroílár shaol na hÉireann. Deirim é sin toisc go sílim go dtig linn cosán a leagan amach romhainn féin.”
Dúirt Benny Hurl, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Déimeagrafaicí CLG:
“Le blianta fada tá rabhadh á thabhairt dúinn i gCumann Lúthchleas Gael maidir le ceist seo na ndéimeagrafaicí agus na dúshláin a bhaineann leo. Creidimid go gcruthaíonn an tuarascáil seo pictiúr an-soiléir dúinn de na contúirtí atá romhainn agus an gá práinneach atá le gníomh. Ní rud é an t-aistriú daonra seo a bhaineann leis an todhchaí – baineann sé leis an lá inniu.”
“Tugann an tuarascáil seo mapa bealach chun tosaigh agus deis athnuachana dúinn, rud a chinnteoidh bhfanfaidh na cluichí Gaelacha ionchuimsitheach, láidir agus lárnach i saol na hÉireann.”
I measc phríomhthorthaí na tuarascála tá:
- Tá duine as gach triúr ina gcónaí i mBaile Átha Cliath nó i mbailte taobh istigh d’uair an chloig uaidh. Níl ach 18% de chlubanna CLG suite sa cheantar seo, rud a thugann le fios go bhfuil gá le clubanna nua a chur ar bun nó le aonaid atá ann cheana féin a athbheochan.
· Tá 25.5% de gach páiste idir 0–5 bliana d’aois in Éirinn ina gcónaí i limistéar 50 club.
· Tá 52% de gach páiste idir 0–5 bliana d’aois ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, sa Dún, i gCill Dara, i nGaillimh agus nó i gCorcaigh.
· Tá 78% de chlubanna CLG suite i gceantair thuaithe ina bhfuil an daonra ag meath iontu.
· Tá rátaí breithe atá ag titim in Éirinn ó 2010 i leith rud atá tar éis cur leis an meath i gceantair tuaithe. Tá tionchar mór aige seo ar líon na ndaoine atá ag glacadh páirte i gclubanna tuaithe. - Tá clubanna uirbeacha róphlódaithe rud a chuireann brú ar acmhainní, a fhágann rochtain ar áiseanna teoranta agus a laghdaíonn an líon imreoirí a bhíonn ag imirt.
- Bíonn an baol ann i gcónaí do CLG go gcaillfear imreoirí i gceantair uirbeacha atá ag fás muna gcuirtear clubanna agus áiseanna ar fáil dóibh.
Moltar cur chuige ilshrathach de ghníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha chun clubanna agus rátaí rannpháirtíochta CLG a chosaint don todhchaí sa tuarascáil. I measc na moltaí tá:
-
Cúnamh a thabhairt do chlubanna atá faoi bhrú maidir le foirne fásta a chur chun páirce agus a stádas oifigiúil club a choinneáil.
-
Forbairt spriocdhírithe ar chlubanna nua agus ar na clubanna atá ann cheana féin.
· Tograí píolótacha i gCiarraí agus i gCill Dara dírithe ar ionaid uirbeacha agus ceantair thuaithe a bhfuil meath sa daonra iontu, agus spriocanna atá dírithe rannpháirtíocht a mhéadú, cúrsaí imeasctha a fheabhsú, tionchar a imirt ar pholasaithe pleanála agus struchtúir inbhuanaithe club a chruthú. -
Tacaíocht a chur ar fáil do chláir chluichí atá modhnaithe nuair a bhíonn deacracht ag clubanna 15 imreoir a chur chun páirce, lena n-áirítear níos mó bliotsanna agus cluichí le 11 nó naonúr an taobh.