Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Tráth na gCeist Gaeilge CLG 2026

Éadan Doire, Uíbh Fhailí, Buaiteoirí Thráth na gCeist Gaeilge 2026

Éadan Doire, Uíbh Fhailí, Buaiteoirí Thráth na gCeist Gaeilge 2026

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais do Thráth na gCeist Gaeilge CLG 2026 faoi láthair. Más mian le do chlub a bheith páirteach ann cuir scéala chuig jamie.otuama@gaa.ie (roimh an Aoine, 25 Meán Fómhair).

Ag brath ar éileamh, d'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar chlubanna níos mó ná babhta amháin a dhéanamh le Babhta Ceannais na hÉireann a bhaint amach. Eagrófar na babhtaí cúige i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna agus socrófar dáta do Bhabhtaí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ina dhiaidh sin. Tá rialacha an chomórtais le fáil thíos. Ní mór a bheith i do bhall den chlub le páirt a ghlacadh ann.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Jamie Ó Tuama ag an seoladh ríomhphoist thuasluaite.