Torthaí Lár Seachtaine – Craobhchomórtais Peile Thír Eoghain agus an Dúin faoi sheol
Tá na cluichí ag teacht go tréan
Cuireadh tús le Craobhacha Sinsir Peile an Dúin agus Thír Eoghain aréir. D’éirigh le Cláirseacha Bhaile Uí Thuathaláin an ceann is fearr a fháil ar Naomh Mochaí, Crois Darach i gCill Chua ar scór 1-18 go dtí 1-07 agus d’éirigh leis Na Fianna, Oileán an Ghuail an ceann is fearr a fháil ar Chumann Uí Raithile, Cluain Eo ar scór 2-14 go dtí 1-14 in Éadan na dTorc, i gCraobh Thír Eoghain.
Beidh clár iomlán cluichí sa dá Chraobh Peile sin ar an deireadh seachtaine. Tá gach eolas le fáil faoi na cluichí sin anseo:
Oíche Dé Céadaoin, bhí buanna ag Cumann Ruairí Mhic Asmaint, Lámh Dhearg, Clann na hÉireann agus ag Naomh Muire, Achadh Ghallan i gCraobh Peile Aontroma.
Fuair Gaeil Thriúcha an ceann is fearr ar Inis Caoin agus fuair Baile na Lorgan an ceann is fearr ar Charraig Mhachaire Rois i gCraobh Iomána Mhuineacháin. Bhí buanna ag Port an Pheire agus ag Baile Crann i gCraobh Iomána an Dúin.
Torthaí lár na seachtaine:
An Dún – Craobh Shinsir Iomána
Port an Pheire 4-19 An Bhréadach 0-13
Baile Crann 0-24 Baile Mhic Galgail 2-12 (tar éis am breise)
Muineachán – Craobh Shinsir Iomána
Gaeil Thriúcha 1-18 v Inis Caoin 1-08
Baile na Lorgan 2-21 Carraig Mhachaire Rois 1-16
Aontroim – Craobh Shinsir Peile
Cumann Ruairí Mhic Asmaint 4-13 Naomh Muire, Achadh Eochaille 3-07
Lámh Dhearg 3-09 Naomh Eoin 0-09
Clann na hÉireann 2-18 Naomh Séamas 0-09
Naomh Muire, Achadh Ghallan 3-14 Naomh Bríd 0-11
An Dún – Craobh Shinsir Peile
Cláirseacha Bhaile Uí Thuathaláin 1-18 Naomh Mochaí, Crois Darach 1-07
Tír Eoghain – Craobh Shinsir Peile
Na Fianna, Oileán an Ghuail 2-14 Cumann Uí Raithile, Cluain Eo 1-14