Togha na rogha fágtha i gCluiche Ceannais Iomána Mionúr na hÉireann
Tabharfaidh Luimneach agus Tiobraid Árann aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Mionúr Iomána na hÉireann Dé Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Tá muid fágtha le togha na rogha i gCraobhchomórtas Iomána Mionúr na hÉireann i bPáirc na nGael TUS Dé Sathairn agus Luimneach agus Tiobraid Árann réidh le gabháil chun catha le haghaidh Chorn an Irish Press.
Dhá fhoireann iontacha a ghabhfaidh chun páirce inniu. Breathnóidh muid anseo ar a dturais chuig an gcluiche ceannais agus stair na gcontaetha i gcluichí ceannais an chomórtais seo.
Chuir Tiobraid Árann tús le Craobh na Mumhan thiar i mí Aibreáin nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an gClár ar scór 4-20 go dtí 3-19 i nDurlas Éile. Ina dhiaidh sin, chuir siad fáilte roimh Chorcaigh go Staid Semple, áit a raibh bua seacht gcúilín acu ar a gcéilí comhraic – 2-17 go dtí 0-16. Thug siad cuairt ar a gcéilí comhraic inniu, Luimneach, sa chéad chluiche eile a bhí acu agus d’éirigh leo bua trí chúilín a fháil sa chluiche sin nuair a chríochnaigh na foirne ar scór 2-13 go dtí 0-16. Bua dhá chúl a bhí acu ar Phort Láirge sa chluiche deireanach a bhí acu sa ghrúpa – 3-17 go dtí 1-17. D’fhág na ceithre bhua sin na Tiobradaigh ag barr an ghrúpa agus iad tríd chuig Cluiche Ceannais na Mumhan.
Maidir le Luimneach, chríochnaigh siad an grúpa sa dara háit a bhuíochas le buanna ar an gClár, 2-12 go dtí 0-12, agus ar Chorcaigh 2-21 go dtí 0-18. Chaill siad an dá chluiche eile a bhí acu sa ghrúpa – in aghaidh Phort Láirge, 1-17 go dtí 1-14 agus in aghaidh na dTiobradach mar luadh thuas, 2-13 go dtí 0-16. D’fhág na torthaí sin Luimneach ar an líon céanna pointe le Corcaigh ach de bharr go bhfuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh chuaigh siad ar aghaidh chuig Cluiche Ceannais na Mumhan.
Imríodh Cluiche Ceannais na Mumhan i lár mhí Bealtaine agus ba iad na Tiobradaigh a fuair an lámh in uachtar ar Luimneach don dara huair i gCraobh na Mumhan. D’aimsigh siad 1-02 i nóiméid dheireanacha an chluiche leis an mbua a fháil ar scór 3-16 go dtí 0-18.
Ina dhiaidh sin, chuaigh Luimneach ar aghaidh chuig Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann áit a bhfuair siad an ceann is fearr ar an gClár don dara huair i mbliana ar scór 2-15 go dtí 0-13 an iarraidh seo. Ba in aghaidh na Gaillimhe a bhí siad ina dhiaidh sin agus naoi gcúilín ar fad le spáráil acu ar na Connachtaigh – 1-26 go dtí 1-15.
Maidir le Tiobraid Árann, ba in aghaidh Chorcaí a bhí siad i gCluiche Leathcheannais na hÉireann, áit a bhfuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ar scór 5-18 go dtí 2-19.
Fágann sé sin muid le cluiche ceannais dheireadh na seachtaine – Luimneach in aghaidh Thiobraid Árann. Is e seo an 36ú huair do Thiobraid Árann a bheith i gCluiche Ceannais Mionúr na hÉireann agus tá siad ar thóir a 23ú craobh inniu. Tá an comórtas seo buaite ag Luimneach trí huaire roimhe seo agus tá siad sa chluiche ceannais don naoú huair inniu. Bhuaigh Tiobraid Árann go deireanach é sa bhliain 2024 agus caithfidh tú gabháil siar chomh fada 1984 don uair dheireanach ar éirigh le Luimneach é a bhuachan nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chainnigh sa chluiche ceannais.
Má tá Luimneach lena gceathrú craobh uile-Éireann a bhuachan inniu beidh orthu a bheith dírithe go mór ar an mbagairt scórála ó Chris Dunne. Is cinnte go mbeidh ar na Tiobradaigh plean a bheith acu do thosaí Luimnigh, Shane Waters.
Neosfaidh an aimsir céard a thitfidh amach sa chluiche ceannais seo is cinnte go mbeidh go leor cora agus castaí ann nuair a théann na himreoirí chun páirce. Cosúil leis na cluichí a imríodh idir na foirne i gCraobh na Mumhan níos túisce sa bhliain ní bheidh mórán idir na foirne Dé Sathairn. Bainimis sult as an bhféasta iomána atá amach romhainn.