Timpeall na tíre: súil siar ar an aicsean uilig ó Bhabhta 3 de Shraitheanna Iomána Allianz
0-08 a d'aimsigh Alan Connolly do Chorcaigh in aghaidh Thiobraid Árann
Le Jamie Ó Tuama
Imríodh Babhta 3 de Shraitheanna Iomána Allianz an deireadh seachtaine seo agus tá cruth ag teacht ar na táblaí sraithe tar éis na scléipe uilig.
Roinn 1A
Cuireadh tús leis an aicsean i Roinn 1A den tsraith i Staid Semple Dé Sathairn nuair a chuir Corcaigh fáilte roimh Thiobraid Árann go SuperValu Pairc Uí Chaoimh in athimirt ar Chluiche Ceannais na hÉireann 2025. 30,910 ar fad a bhailigh isteach don chluiche mór seo. Bhí seacht gcúilín le spáráil ag an bhfoireann baile ar a gcéilí comhraic a bhuíochas, ach go háirithe, le sárthaispeántais os comhair na gcuaillí ó Alan Connolly (0-08) agus ó Dharragh Fitzgibbon (0-07).
Cé go raibh Corcaigh chun tosaigh don chuid is mó den chluiche seo ní raibh na Tiobradaigh riamh mórán taobh thiar agus thóg sé ceithre chúilín dheireanacha ó Connolly leis na pointí a dheimhniú d’fhoireann Ben O’Connor. 13 imreoir ar fad a d’aimsigh na scóranna do Thiobraid Árann agus is cinnte go mbeidh Liam Cahill sásta leis an méid sin. Scór deiridh: Corcaigh 0-29 Tiobraid Árann 0-22.
An an Domhnach, fuair Port Láirge an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí in athimirt ar Chluiche Ceannais Roinn 1B anuraidh ar scór 1-19 go dtí 0-16 a bhuíochas le taispeántas láidir dara leithe. Bhí Reuben Halloran thar cionn arís eile do na Deisigh ó na pocanna saora agus chríochnaigh sé le 1-12 ar fad. D’aimsigh Adam Screeney 0-10 d’Uíbh Fhailí.
Sa chluiche eile a imríodh i Roinn 1A Dé Domhnaigh, d’éirigh le Luimneach an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh ar scór 1-26 go dtí 2-16. Bhí brú ar fhoireann John Kiely roimh an gcluiche seo agus bheadh sé sásta gur éirigh lena fhoireann a gcéad phointí sraithe a bhaint amach. Mar sin féin, ní bheadh Derek Lyng róshásta le cruinneas a fhoirne sa dara leath. 0-10 a d’aimsigh Aidan O’Connor do Luimneach agus 1-06 a d’aimsigh Eoin Cody do na Cait. Imríodh an cluiche seo os comhair slua de 8,958.
Tar éis trí bhabhta den tsraith tá Corcaigh in uachtar le 6 phointe agus tá na Tiobradaigh agus na Déisigh sna sála orthu le ceithre phointe. Tá Uíbh Fhailí agus Gaillimh in íochtar gan aon phointí sraithe fós.
Roinn 1B
Chuir Loch Garman agus Ceatharlach tús leis an aicsean i Roinn 1B i bPáirc Loch Garman Chadwicks Dé Sathairn, áit a bhfuair Loch Garman an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ar scór 2-28 go dtí 1-21 leis an tús buacach a bhí acu leis an mbliain a choinneáil ag imeacht. Chríochnaigh Simon Roche le 0-14 don fhoireann baile agus d’aimsigh Marty Kavanagh an méid céanna do na cuairteoirí.
Thug Cill Dara sárthaispeántas in aghaidh Aontroma Dé Domhnaigh nuair a thug na foirne aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Connladh nuair a bhí an dá fhoireann sa tóir ar a gcéad phointí sraithe. D’éirigh le Jack Sheridan 0-09 a aimsiú do na Lilí agus d’aimsigh Muiris Curtin 2-02 dóibh, freisin. 0-12 a d’aimsigh Sean Elliott d’Aontroim. Scór deiridh: Cill Dara 3-21 Aontroim 0-20.
Ba iad an Clár a thóg na pointí sa chluiche eile a imríodh i Roinn 1B nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Dún i Zimmer Biomet Páirc Chíosóg Dé Domhnaigh ar scór 3-35 go dtí 0-15. 1-09 ar fad a d’aimsigh Mark Rodgers do na Cláirínigh agus 0-07 a d’aimsigh Pearse Óg McCrickard do na cuairteoirí.
Fágann sé sin uilig an Clár agus Loch Graman ag barr na sraithe le sé phointe agus tá Aontroim agus an Dún gan aon phointí fós.
D'fhill Lee Chin d'iománaithe Loch Garman in aghaidh Cheatharlach ar an deireadh seachtaine
Roinn 2
I Roinn 2 de Shraitheanna Iomána Allianz, thug Londain cuairt ar Chiarraí áit a raibh bua ag an bhfoireann baile ar a gcéilí comhraic ar scór 5-21 go dtí 1-21. Bhí bua mór ag Doire ar Mhaigh Eo i bPáirc na gCeilteach, áit ar chláraigh siad 2-25 ar chlár na scór. I gcluiche mór dheireadh na seachtaine i Roinn 2, bhí bua trí chúilín ag an Iarmhí ar an Mí. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 0-25 go dtí 1-19.
Is iad na Ciarraígh atá in uachtar i Roinn 2 le cúig phointe agus tá ceithre phointe ag Laois faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair.
Roinn 3
I Roinn 3, d’éirigh le Ros Comáin an ceann is fearr ar Ard Mhacha agus bhí buanna ag Lú ar Fhear Manach agus ag Cill Mhantáin at Thír Eoghain.
Fágann sé sin go bhfuil ceithre phointe an taobh ag Dún na nGall, Cill Mhantáin, Ros Comáin agus ag Lú ag barr na sraithe.
Roinn 4
Bhí buanna ag Sligeach ar Lancaisír, ag an Longfort ar Mhuineachán agus ag Liatroim ar Warwickshire i Roinn 4.
Tar éis trí bhabhta de Roinn 4 fágann sé sin Sligeach agus an Longfort in uachtar le sé phointe agus iad ag breathnú compordach.
Torthaí dheireadh na seachtaine
Roinn 1A
Corcaigh 0-29 Tiobraid Árann 0-22
Port Láirge 1-19 Uíbh Fhailí 0-16
Luimneach 1-26 Cill Chainnigh 2-16
Roinn 1B
Loch Garman 2-28 Ceatharlach 1-21
Cill Dara 3-21 Aontroim 0-20
An Clár 3-35 An Dún 01-5
Roinn 2
Ciarraí 5-21 Londain 1-21
Doire 2-25 Maigh Eo 0-20
An Iarmhí 0-25 An Mhí 1-19
Roinn 3
Ros Comáin 2-17 Ard Mhacha 0-12
Lú 3-20 Fear Manach 2-19
Cill Mhantáin 3-14 Tír Eoghain 0-15
Roinn 4
Sligeach 4-21 Lancaisír 1-12
An Longfort 1-23 Muineachán 0-12
Liatroim 2-28 Warwickshire 2-11