TG4 le Cluichí Ceannais Sinsear Corr CLG a chraoladh beo
Fir Iolair an Éirne tar éis a mbua i gCluiche Ceannais Sinsear Corr na hÉireann anuraidh
Tá páirtnéireacht mhór nua fógartha ag Cluiche Corr CLG agus ag TG4 agus an stáisiún Gaeilge ag réiteach le Cluichí Ceannais Sinsear Corr na hÉireann a chraoladh beo ó Lárionad Forbartha na gCluichí Náisiúnta, CLG, i mBaile an Aba Dé Sathairn seo chugainn, 6 Meán Fómhair.
Rinneadh sruthú ar chraobhchomórtais chluichí corr roimhe seo ar ardáin ar líne TG4, ach tríd an bpáirtnéireacht nua seo, déanfar na cluichí ceannais a chraoladh beo ina n-iomláine le tráchtaireacht agus le poiblíocht náisiúnta don chéad uair riamh. Le hos cionn 75,000 síntiúsóirí ar YouTube agus le síneadh cuimsitheach TG4 ar na meáin shóisialta, tabharfar ardán do na cluichí ceannais do na mílte duine ar fud na tíre agus, dar ndóigh, níos faide i gcéin.
Tá an cluiche corr mar dhlúthchuid de CLG ó bunaíodh é sa bhliain 1884 agus tá fás mór tagtha ar an gcluiche le blianta beaga anuas. Go dtí seo i mbliana, imríodh os cionn 600 cluiche daoine fásta ar fud na tíre – an bhliain is gnóthaí a bhí ag an gcorr le tamall maith de bhlianta anuas.
Is é an corr an t-aon chluiche de chuid Chumann Lúthchleas Gael inar féidir le fir agus mná imirt ar an bhfoireann chéanna agus tá cluiche ceannais measctha na craoibhe ar cheann de na cluichí ceannais is mó ar fhéilire an chluiche corr.
Beidh cuid de na himreoirí corr is fearr dá bhfuil ann, agus neart gradam All-Star acu mar chruthúnas air sin, le feiceáil sna cluichí ceannais seo agus foirne ó Bhréachmhaigh, Iolair an Éirne, Bhaile an Lorgain, Charraig Mhachaire Rois agus An Gleann-Baile an Bharúnaigh réidh le gabháil chun páirce le craobhchomórtais náisiúnta a bhuachan Dé Sathairn.
Cluichí Ceannais Sinsear na hÉireann – Dé Sathairn, 6 Meán Fómhair
- Cluiche Ceannais Sinsear na mBan – 1:00in
Bréachmhaigh (Maigh Eo) v An Gleann - Baile an Bharúnaigh (Loch Garman)
- Cluiche Ceannais Sinsear Measctha – 3:15in
Bréachmhaigh (Maigh Eo) v Iolair an Éirne (An Cabhán)
- Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear – 5:30in
Carraig Mhachaire Rois (Muineachán) v Iolair an Éirne (An Cabhán)
Ní hiad na cluichí do dhaoine fásta amháin a bhfuil fás tagtha orthu, dar ndóigh. Tá borradh faoin gcorr faoi aois agus leithéidí Go Games, Féile agus comórtais scoile ag cinntiú go mbeidh an cluiche beo beathach don chéad ghlúin eile.
Is féidir leat a bheith mar chuid den lá stairiúil seo trí fhreastal ar na cluichí i mBaile an Aba nó trí bhreathnú orthu beo ar stáisiún YouTube Spórt TG4.
👉 Tuilleadh eolais: www.gaarounders.ie