Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Stádas Amaitéarach CLG – gairm chun gnímh

Stádas amaitéarach Chumann Lúthchleas Gael faoi chaibidil

Stádas amaitéarach Chumann Lúthchleas Gael faoi chaibidil

Tá iarrtha ag Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, ar bhaill uile Chumann Lúthchleas Gael a nglór a úsáid trí shuirbhé maidir le stádas amaitéarach an Chumainn a líonadh isteach agus a gcuid tuairimí i leith na ceiste fíorthábhachtaí seo a nochtú.

Ina theachtaireacht, a bheidh le léamh sna cláracha oifigiúla do Chluichí Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo, deir an tUachtarán gur sainghné de chuid Chumann Lúthchleas Gael é a éiteas amaitéarach agus iarrann sé ‘go ndéanfaí athnuachan ar luachanna an Chumainn seachas a bheith ag cuimhneamh orthu.’

Déanann an tUachtarán tagairt, freisin, den tábhacht a bhaineann leis an stádas amaitéarach i gcomhthéacs an phobail, na daoine a bhíonn ag feidhmiú go deonach agus an bród a bhíonn ar dhaoine agus iad ag caitheamh gheansaí an chlub. Aithníonn sé, mar sin féin, gur gá machnamh a dhéanamh ar ár gcuid luachanna i gcónaí i ndomhan mór agus i sochaí a bhíonn ag athrú de shíor.

Déanann sé cur síos ar an suirbhé agus ar an athbhreithniú cuimsitheach atá á dhéanamh faoi láthair ar stádas amaitéarach an Chumainn faoi stiúir an Ollaimh David Hassan. Iarrann sé ar bhaill, ar imreoirí, ar lucht bainistíochta, ar lucht riaracháin agus ar lucht tacaíochta an Chumainn a nglór a úsáid agus a gcuid tuairimí a nochtú sa suirbhé seo.

Luann sé cuid na príomhcheisteanna a chuirtear sa suirbhé agus aithníonn sé an géarghá atá ann tabhairt fúthu. Ar chóir aonad maoirseachta maidir le cúrsaí rialachais a chur ar bun? Cén chaoi ar chóir dúinn tacaíocht chothrom a thabhairt do bhainisteoirí idirchontae? An bhfuil na struchtúir maidir le costaisí feiliúnach?

Iarrann an tUachtarán ar chosmhuintir CLG, agus orthu siúd a bhíonn ag feidhmiú ar an talamh ó lá go lá fud fad an Chumainn, ról a imirt i múnlú thodhchaí stádas amaitéarach Chumann Lúthchleas Gael tríd an suirbhé a líonadh isteach.

Is féidir an suirbhé a líonadh isteach ANSEO: