Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Sraitheanna Iomána Allianz faoi sheol

Chríochnaigh Jake Morris le 0-08 do Thiobraid Árann in aghaidh na Gaillimhe

Chríochnaigh Jake Morris le 0-08 do Thiobraid Árann in aghaidh na Gaillimhe

Le Jamie Ó Tuama

Imríodh an chéad bhabhta cluichí de chuid Shraitheanna Iomána Allianz an deireadh seachtaine seo.

Roinn 1A

Cuireadh tús leis an aicsean i Roinn 1A den tsraith i Staid Semple Dé Sathairn nuair a chuir curaidh na hÉireann, Tiobraid Árann, fáilte roimh Ghaillimh go Durlas. Bhí cúig chúilín le spáráil ag na Tiobradaigh ar a gcéilí comhraic a bhuíochas ach go háirithe le sárthaispeántas ó Jake Morris a chríochnaigh an cluiche le 0-08 agus cúig cinn acu ón imirt. Chríochnaigh Rory Burke le 1-03 do na Gaillimhigh.

An lá arna mhárach, bhí tús buacach ag Cill Chainnigh nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Uíbh Fhailí ar scór 0-20 go dtí 0-16. Chríochnaigh Eoin Cody le 0-10 ar do na Cait agus 0-09 a d’aimsigh Adam Screeney d’Uíbh Fhailí.

Bhí bua mór ag Corcaigh ar Phort Láirge os comhair breis agus 20,000 duine i SuperValu Páirc Uí Chaoimh sa chluiche eile a imríodh i Roinn 1A. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 3-25 go dtí 1-17. I measc na scórálaithe do Chorcaigh bhí William Buckley agus Declan Dalton a chríochnaigh le 1-04 an duine agus chríochnaigh Reuben Halloran le 0-13 do na Déisigh.

Roinn 1B

Chuir Ceatharlach agus an Dún tús leis an aicsean i Roinn 1B i bPáirc Uí Chuilinn Netwatch Dé Sathairn, áit a bhfuair Ceatharlach an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ar scór 2-18 go dtí 1-11 a bhuíochas le sárthaispeántas dara leithe. Chríochnaigh Donagh Murphy le 1-04 don fhoireann baile agus Pearse Og McCrickard le 0-04 do na cuairteoirí.

Ní rabh acu an t-aon chúilín ag scaradh Loch Garman agus Aontroim óna chéile ag an bhfead deiridh sa chluiche eile a imríodh i Roinn 1B Dé Sathairn i bPáirc Loch Garman Chadwicks, nuair a d’aimsigh Mark Fanning cúl do na Carmanaigh deireanach in am cúitimh. Chríochnaigh Simon Roche le 0-08 d’fhoireann Keith Rossiter agus chríochnaigh Seán Elliott le 0-07 d’fhoireann Davy Fitzgerald. Scór deiridh: Loch Garman 1-13 Aontroim 1-12.

Sa chluiche deireanach a imríodh i Roinn 1B i Zimmer Biomet Páirc Chíosóg Dé Domhnaigh, d’éirigh leis an gClár bua dhá chúilín a fháil ar Áth Cliath. Fuair Mark Rogers 0-11 do na Cláirínigh agus fuair Dónal Burke 0-11 d’fhoireann Néill Uí Cheallacháin. Scór deiridh: An Clár 3-18 Áth Cliath 1-22.

Roinn 2

I Roinn 2, d’eirigh leis an Mí an ceann is fearr a fháil ar Londain i mBaile Átha Troim Dé Sathairn agus deich gcúilín le spáráil acu ar a gcéilí comhraic. Bhí bua mór ag Ciarraí ar Dhoire i bPáirc na gCeilteach nuair a chláraigh siad 5-23 ar chlár na scór agus chuaigh Laois céim níos leis an 6-23 a d’aimsigh siad sa bhua compordach a bhí acu ar Mhaigh Eo sa Tuairín.

Roinn 3

Bhí buanna ag Lú ar Ard Mhacha, ag Ros Comáin ar Chill Mhantáin agus ag Dún na nGall ar Thír Eoghain i Roinn 3 den tsraith.

Roinn 4

Bhí buanna ag an gCabhán ar Warwickshire, ag an Longfort ar Liatroim agus ag Sligeach ar Mhuineachán i Roinn 4.

Cuirfidh Luimneach, Cill Dara, An Iarmhí, Fear Manach agus Lancaisír tús leis an tsraith an tseachtain seo chugainn.

Torthaí

Roinn 1A

Tiobraid Árann 1-21 Gaillimh 1-16

Cill Chainnigh 0-20 Uíbh Fhailí 0-16

Corcaigh 3-25 Port Láirge 1-17

Roinn 1B

Ceatharlach 2-18 An Dún 1-11

Loch Garman 1-13 Aontroim 1-12

An Clár 3-18 Áth Cliath 1-22

Roinn 2

An Mhí 1-20 Londain 1-10

Doire 0-12 Ciarraí 5-23

Maigh Eo 0-12 Laois 6-23

Roinn 3

Ard Mhacha 1-15 Lú 1-20

Ros Comáin 2-15 Cill Mhantáin 1-16

Tír Eoghain 1-18 Dún na nGall 3-23

Roinn 4

An Cabhán 3-13 Warwickshire 1-13

Liatroim 0-20 An Longfort 2-17

Muineachán 0-08 Sligeach 2-20