Sraitheanna Iomána Allianz ar an teilifís an deireadh seachtaine seo
Tabharfaidh na seanchairde, Tiobraid Árann agus Corcaigh, aghaidh ar a chéile i Sraitheanna Iomána Allianz an deireadh seachtaine seo
Tá sceideal lán cluichí amach romhainn ar an teilifís an deireadh seachtaine seo i mBabhta 3 de Shraitheanna Iomána Allianz.
Tabharfadh Loch Gorman agus Ceatharlach aghaidh ar a chéile Dé Sathairn ar 5:15in beo ar TG4 le tús a chur le haicsean dheireadh na seachtaine. Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ar a seacht ndícheall ag iarraidh cur leis an tús buacach a bhí acu leis an tsraith.
Ina dhiaidh sin imreoidh Corcaigh agus Tiobraid Árann in aghaidh a chéile in athimirt ar Chluiche Ceannais na hÉireann i Roinn 1A i SuperValu Páirc Uí Chaoimh. Beidh an cluiche seo le feiceáil ar RTÉ 2 agus é ag tosú ar 7.30in.
Cuirfear tús leis an gclúdach teilifíse Dé Domhnaigh nuair a thugann Port Láirge agus Uíbh Fhailí aghaidh ar a chéile ar 1.45in i bPáirc an Bhreathnaigh. Dar ndóigh, d’imir na foirne seo i gCluiche Ceannais 1B anuraidh nuair a d’éirigh leis na Déisigh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic. Tá cluiche maith eile amach romhainn leis an gceann seo a bheidh le feiceáil beo ar TG4.
Cuirfear tús go gairid ina dhiaidh sin le Cill Dara agus Aontroim ar 2in i bPáirc Naomh Connladh. Beidh an cluiche seo le feiceáil níos déanaí sa lá ar 5.35in ar AIP agus ar Sheinnteoir TG4.
Ansin, le clabhsúr a chur le scléip dheireadh na seachtaine imreoidh Luimneach in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc na nGael agus ba chóir go mbeadh cluiche den scoth ann go háirithe agus an dianiomaíocht atá le feiceáil idir na foirne le blianta beaga anuas. Beidh an cluiche seo ar siúl ar 3.45in ar TG4.
Ar an teilifís
Dé Sathairn, 7 Feabhra
Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz
Corcaigh agus Tiobraid Árann, 7.30in, SuperValu Páirc Uí Chaoimh - RTÉ 2
Roinn 1B de Shraitheanna Iomána Allianz
Loch Garman agus Ceatharlach, 5.15in, Páirc Loch Garman Chadwicks - TG4
Dé Domhnaigh, 8 Feabhra
Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz
Luimneach agus Cill Chainnigh, 3.45in, Páirc na nGael -TG4
Port Láirge agus Uíbh Fhailí,1.45in, Páirc an Bhreathnaigh -TG4
Roinn 1B de Shraitheanna Iomána Allianz
Cill Dara agus Aontroim, 2.00in, Páirc Naomh Connladh – Seinnteoir agus AipTG4 – Iarbheo (5.35 in)