Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Sraitheanna Iomána agus Peile Allianz ar an teilifís an deireadh seachtaine seo

Cuirfear tús leis an aicsean i Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz Dé Sathairn nuair a chuireann Tiobraid Árann fáilte roimh Luimneach go Staid Semple FBD

Cuirfear tús leis an aicsean i Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz Dé Sathairn nuair a chuireann Tiobraid Árann fáilte roimh Luimneach go Staid Semple FBD

Le Jamie Ó Tuama

Tá deireadh seachtaine mór peile agus iomána amach romhainn i Sraitheanna Allianz an deireadh seachtaine seo agus sé cinn ar fad de chluichí le feiceáil ar an teilifís idir GAA+, RTÉ agus TG4.

Le tús a chur le haicsean dheireadh na seachtaine, tabharfaidh Tiobraid Árann agus Luimneach aghaidh ar a chéile i Staid Semple FBD ar 5.30in Dé Sathairn agus beidh an cluiche sin le feiceáil beo ar RTÉ. Dhá bhua atá ag na Tiobradaigh go dtí seo agus bua amháin atá ag Luimneach. Teastóidh na pointí go géar ón dá fhoireann má tá ceachtar acu leis an gcluiche ceannais a bhaint amach.

Díreach tar éis an chluiche sin, craolfar an cluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí beo ó Pháirc an Chrócaigh ar 7.00in. Tá dhá bhua ó thrí chluiche ag Ciarraí sa tsraith go dtí seo agus tá bua amháin ag Áth Cliath, rud a chiallaíonn go mbeidh an dá fhoireann ar a seacht ndícheall ag iarradh na pointí a fháil.

Cuirfear tús leis an aicsean ar an teilifís De Domhnaigh ar GAA+ nuair a thabharfas Aontroim agus Ceatharlach aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Chorragáin i Roinn 1B de Shraitheanna Iomána Allianz. Tá dhá phointe ag Ceatharlach go dtí seo agus tá Aontroim fós ar thóir a gcéad phointí sraithe. Cinntíonn sé seo go bhfuil sárchluiche amach romhainn.

Cuirfear tús le sceideal TG4 Dé Domhnaigh nuair a thugann Cill Chainnigh agus Port Láirge aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Nualláin UPMC ar 1.45in i Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá dhá bhua ag na Déisigh agus tá bua amháin ag na Cait – cé go bhfuil cluiche sa bhreis imeartha ag Port Láirge.

Ag an am céanna ar Sheinnteoir TG4 craolfar an cluiche idir Muineachán agus Maigh Eo i Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz ar 1.45in. Tá Muineachán fós ar thóir a gcéad phointí sraithe agus tá Maigh Eo ar thóir a dtríú bua sraithe.

Ina dhiaidh sin agus clabhsúr le cur leis an gclúdach teilifíse, craolfar an cluiche idir Ard Mhacha agus Dún na nGall i Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz beo ón bPáirc Lúthchleasa BOX-IT ar 3.45in. Tá na Conallaigh ag barr na sraithe le trí bhua ó thrí chluiche agus tá bua amháin ag a gcéilí comhraic tar éis trí chluiche.

Dé Sathairn, 21 Feabhra

Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz

Áth Cliath agus Ciarraí, Páirc an Chrócaigh, 7.00in, TG4
Gaillimh agus Ros Comáin, Staid an Phiarsaigh, 7.00in

Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz

Doire agus Uíbh Fhailí, Páirc na gCeilteach Find Insurance, 6.00in

Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz

Ceatharlach agus Port Láirge, Páirc Uí Chuilinn Netwatch, 5.00in

Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz

Tiobraid Árann agus Luimneach, Staid Semple FBD, 5.30in, RTÉ

Roinn 1B de Shraitheanna Iomána Allianz

Áth Cliath agus Loch Garman, Páirc an Chrócaigh, 5.00in
Cill Dara agus An Clár, Páirc Naomh Connladh Cedral, 6.30in

Roinn 2 de Shraitheanna Iomána Allianz

Laois agus Ciarraí, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 2.00in

Roinn 3 de Shraitheanna Iomána Allianz

Dún na nGall agus Ard Mhacha, Páirc Uí Dhónaill, 2.00in
Fear Manach agus Tír Eoghain, Páirc Brewster, 2.00in
Lú agus Ros Comáin, Protection & Prosperity Louth, 2.00in

Roinn 4 de Shraitheanna Iomána Allianz

An Cabhán agus Lancasír, Páirc Bhreifne Kingspan, 1.00in
Sligeach agus Warwickshire, Tobar an Choire, 1.00in
Muineachán agus Liatroim, Páirc Grattan, 2.00in

Dé Domhnaigh, 22 Feabhra

Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz

Muineachán agus Maigh Eo, Páirc Naomh Tighearnach, 1.45in, Seinnteoir TG4
Ard Mhacha agus Dún na nGall, An Pháirc Lúthchleasa BOX-IT, 3.45pm, TG4

Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz

Corcaigh agus An Mhí, Páirc Uí Rinn, 2.00in
Lú agus Tír Eoghain, Páirc Mhuire DEFY, 2.00in
An Cabhán agus Cill Dara, Páirc Bhreifne Kingspan, 3.00in

Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz

An Iarmhí agus Fear Manach, Páirc Uí Chíosóig TEG, 1.00in
An Clár agus Laois, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 2.00in
Sligeach agus Luimneach, Páirc Markievicz, 2.00in
Loch Garman agus An Dún, Páirc Loch Garman Chadwicks, 2.00in

Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz

Cill Mhantáin agus Londain, Páirc Echelon, 1.00in
Liatroim agus Aontroim, Páirc Seán Heartland Credit Union, 2.00in
An Longfort agus Tiobraid Árann, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers, 2.00in

Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz

Cill Chainnigh agus Port Láirge, Páirc Uí Nualláin UPMC, 1.45in, TG4
Uíbh Fhailí agus Gaillimh, Páirc Naomh Breandáin, 2.00in

Roinn 1B de Shraitheanna Iomána Allianz

Aontroim agus Ceatharlach, Páirc Uí Chorragáin, 1.00in, GAA+

Roinn 2 de Shraitheanna Iomána Allianz

Londain agus An Iarmhí, Páirc Mhig Shamhráin, 1.00in
An Mhí agus Doire, Páirc Naomh Lomán, 1.00in