Spreagtar clubanna le blitzchomórtas Go Games a eagrú i Mí Mheán Fómhair
Spreagtar clubanna le blitzchomórtas Go Games a eagrú i Mí Mhean Fómhair
Tugtar cuireadh do chlubanna de chuid na gcluichí Gaelacha blitzchomórtas peile, iomána nó camógaíochta Go Games faoi 8 a eagrú le linn mhí Mheán Fómhair.
Eagrófar na blitzchomórtais peile le linn deireadh seachtaine 12/13 Meán Fómhair agus eagrófar na blitzchomórtais iomána agus chamógaíochta le linn deireadh seachtaine 19/20 Meán Fómhair.
Tá os cionn 150 club tar éis suim a léiriú i mblitzchomórtas a eagrú go dtí seo agus má tá suim ag club ar bith eile a leithéid a dhéanamh is féidir leo an fhoirm seo a leanas a líonadh isteach - National U8 Blitz Events - September 2026 – Fill in form.
Bheadh muid buíoch díbh ach an fhoirm a líonadh isteach ar a laghad deich lá roimh thús an bhlitzchomórtais.
Ba chóir go mbeadh sé d’aidhm ag lucht eagraithe na mblitzchomórtas díriú ar eispéireas dearfach agus taitneamhach a thabhairt do gach páiste a ghlacann páirt iontu. Iarrann muid ar chlubanna a dhéanamh cinnte go mbeidh na nithe seo a leanas ag croílár an lae:
- Go mbainfeadh gach duine idir spórt agus spraoi as.
- Go mbeadh an oiread daoine agus is féidir páirteach ann.
- Nuair is féidir, níos mó ná foireann amháin a chur chun páirce le líon na n-ionadaithe a laghdú.
- Cluichí le líon beag imreoirí (uasmhéid de sheisear in aghaidh seisear).
- Dóthain ama imeartha ag gach páiste.
- Timpeallacht dhearfach a chruthú ina bhfuil an bhéim ar na páistí.
- Deiseanna le clubanna, teaghlaigh agus pobail a thabhairt le chéile (taobh istigh nó taobh amuigh de do chontae/chúige).
- Nuair is féidir, cuir leis an atmaisféar trí cheol, aíonna speisialta, ar nós imreoirí nó bainisteoirí idirchontae, a mhealladh le cinntiú go mbeidh cuimhne ar an lá.