Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Scór na nÓg 2026 ag gabháil i ndéine

Ceol Uirlise CLG Aodha Ruaidh, Dún na nGall, ag Babhtaí Ceannais Scór na nÓg 2025

Ceol Uirlise CLG Aodha Ruaidh, Dún na nGall, ag Babhtaí Ceannais Scór na nÓg 2025

Le Jamie Ó Tuama

Tá Scór na nÓg ar ais agus faoi lánseol!

Tá clubanna agus baill de chuid Chumann Lúthchleas Gael ó gach cearn den tír ag réiteach do chomórtais na bliana seo. Tá siad ag cleachtadh a gcuid damhsaí, ag seinm ceoil agus ag réiteach a gcuid amhrán, aithriseoireachta agus a gcuid nuachleasanna.

Beidh go leor laethanta spraoi agus siamsaíochta romhainn amach uaidh seo go ceann cúpla mí. Chomh maith le siamsaíocht a chur ar fáil dá gcairde, dá dteaghlaigh agus dá gcomharsana, beidh súil ag go leor acu áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chontae, an chúige agus i mBabhtaí Ceannais na hÉireann agus a gcuid tallainne a thaispeáint ar stáitsí níos mó.

Dúirt Póilín Mhig Aoidh, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Scór;

‘Tá Scór na nÓg buailte linn agus tá lucht Scór ó cheann ceann na tíre ag réiteach le gabháil chun stáitse. Guíonn muid gach rath ar na mílte duine óg a bheidh ag glacadh páirte i mbabhtaí éagsúla de chuid Scór na nÓg uaidh seo go ceann roinnt míonna.

‘Tá muid ag dréim go mór le Babhtaí Ceannais na hÉireann a bheith ar ais in Amharclann an TF i gCaisleán an Bharraigh arís agus tá muid ag súil go mór leis an turas atá romhainn idir seo agus na babhtaí ceannais.

Beidh Babhtaí Ceannais na hÉireann Scór na nÓg 2026 ar siúl ar 23 Eanáir 2027.

Seo a leanas na dátaí atá deimhnithe do Babhtaí Ceannais Contae, Cúige agus na hÉireann:

Babhtaí Ceannais na hÉireann, 23 Eanáir, 2027, Amharclann an TF, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo

Dátaí Cúige

Connachta, Babhtaí Ceannais, 28 Samhain

An Mhumhain, Babhtaí Leathcheannais, 21 Samhain

An Mhumhain, Babhtaí Ceannais, 6 Nollaig

Ulaidh, Babhtaí Leathcheannais, 15 Samhain

Ulaidh, Babhtaí Leathcheannais, 28 Samhain

Laighean, Babhtaí Ceannais, 29 Samhain

Dátaí na gContaetha

Áth Cliath, 17 Deireadh Fómhair

Aontroim, 18 Deireadh Fómhair

Port Láirge, 24 Deireadh Fómhair

Muineachán, 24 Deireadh Fómhair

Laois, 25 Deireadh Fómhair

Ceatharlach, 30 Deireadh Fómhair

An Clár, 1 Samhain

Fear Manach, 1 Samhain

Dún na nGall, 1 Samhain

Cill Chainnigh, 4 Samhain

Cill Dara, 5-6 Samhain

Tiobraid Árann, 6 Samhain

An Mhí, 6 Samhain

Uíbh Fhailí, 7 Samhain

Loch Garman, 7 Samhain

Liatroim, 7 Samhain

Luimneach, 7 Samhain

Ciarraí, 7 Samhain

An Cabhán, 7 Samhain

Ard Mhacha, 7 Samhain

An Dún, 7 Samhain

Cill Mhantáin, 7 Samhain

Lú, 8 Samhain

Sligeach, 8 Samhain

An Iarmhí, 8 Samhain

Doire, 8 Samhain

Gaillimh, 8 Samhain

Ros Comáin, 8 Samhain

An Longfort, 8 Samhain

Tír Eoghain, 11 Samhain

Corcaigh, 14 Samhain

Maigh Eo, 15 Samhain

Is comórtas de chuid Chumann Lúthchleas Gael é Scór a thugann dathanna agus iomaíocht na gCluichí Gaelacha chomh maith leis an spraoi agus spórt a bhaineann le sean-nósanna traidisiúnta na hÉireann le chéile.

Cuireadh tús le Scór sa bhliain 1969 le cultúr agus traidisiúin na hÉireann a chur chun cinn. Tugann Scór deis do bhaill na gclubanna teacht le chéile, spraoi a bheith acu agus ionadaíocht a dhéanamh ar a gclubanna agus ar a bpobail.

Tá ocht gcomórtas ar fad i Scór a chlúdaíonn gnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann: Rince Foirne, Amhránaíocht Aonair, Bailéad-Ghrúpa, Aithriseoireacht / Scéalaíocht, Nuachleas, Ceol Uirlise, Rince Seit, Tráth na gCeist.

Tá dhá ghrád de Scór ann: Scór na nÓg, do dhaoine óga faoi bhun 17 bliain d'aois, agus Scór Sinsear, do dhaoine atá 17 bliain d'aois nó níos sine.

Eagraítear Scór go dátheangach - i nGaeilge agus i mBéarla - agus fáiltítear roimh iontrálacha sa dá theanga.

Is féidir coinneáil suas chun dáta maidir le gníomhaíochtaí Scór ar an leathanach Facebook oifigiúil @GAAScórOifigiúil.