Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Sceideal Choiste Athbhreithnithe na Peile fógartha

GAA Football Review Committee chairperson Jim Gavin addresses the media during a briefing at the GAA Football Review Committee media event held at Croke Park in Dublin. Photo by Seb Daly/Sportsfile

GAA Football Review Committee chairperson Jim Gavin addresses the media during a briefing at the GAA Football Review Committee media event held at Croke Park in Dublin. Photo by Seb Daly/Sportsfile

Thug Cathaoirleach Choiste Athbhreithnithe na Peile, Jim Gavin, agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, uasdátú inniu maidir le hobair an Choiste agus an sceideal don chuid eile den tionscnamh.

Ó ceapadh an Coiste ag Comhdháil Bhliantúil CLG in Iúr Cinn Trá ag deireadh mhí Feabhra, tá tús curtha leis an obair le roinnt seachtainí anuas agus anailís déanta ar rialacha reatha an chluiche agus ar thuairiscí a rinneadh san am atá caite. Ar an mbarr sin, rinneadh athbhreithniú ar chluichí a imríodh le deireanas.

Sa bhreis ar an bplé a bhí ann le gairid leis an Ard-Chomhairle agus leis an mBuanchoiste um Rialacha Imeartha, sheol Coiste Athbhreithnithe na Peile a suirbhé inniu dóibh siúd a bhfuil suim acu san ábhar seo agus beidh go dtí 30 Meitheamh 2024 ag daoine an suirbhé a líonadh isteach (Suirbhé Choiste Athbhreithnithe na Peile ).

Sa sceideal a cuireadh faoi bhráid na meán inniu, deimhníodh pleananna le haghaidh dréacht-tuarascála a bheidh le cur os comhair na hArd-Chomhairle i mí na Samhna 2024 d’fhonn breathnú ar na féidearthachtaí do Chomhdháil Speisialta i mí na Nollag le go bhféadfaí tús a chur le trialacha rialacha feabhsaithe do chomórtais 2025.

Bheadh athbhreithniú lár séasúir san áireamh air seo, roimh dheireadh foirmiúil na trialach ag deireadh chraobhchomórtais 2025.

Bheadh sé i gceist athbhreithniú iomlán a dhéanamh ag an bpointe sin agus an Coiste ag súil go gcuirfí rialacha nua i bhfeidhm ó 1 Eanáir, 2026, ar aghaidh.

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin:

‘Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Jim Gavin agus le baill Choiste Athbhreithnithe na Peile as a bheith sásta tabhairt faoin obair seo agus guím gach rath ar a gcuid oibre.

‘Níl amhras ar bith orm, ag tabhairt san áireamh an mianach atá sna daoine atá páirteach san obair seo, gur próiseas cuimsitheach agus fóiréinseach a bheidh ann agus mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil suim acu sa chluiche an suirbhé atá seolta acu inniu a líonadh isteach.

‘Tá mé ag súil le torthaí na hoibre seo a fheiceáil agus tá mé muiníneach go bhfuil féidearthachtaí ann a chinntiú go mbeidh an pheil chomh agus is féidir léi a bheith ó thaobh imeartha de agus ó thaobh a bheith ag amharc air.’

Dúirt Cathaoirleach Choiste Athbhreithnithe na Peile, Jim Gavin:

‘Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, as ucht an deis a thabhairt dom gabháil ag obair leis an gCoiste maidir le hábhar a bhfuil an oiread tábhachta ag baint leis.

‘Níl aon tuairimí réamhshocraithe againn agus tá muid tar éis tús a chur lenár gcuid oibre le hintinn oscailte. Tá muid ag súil le bheith ag plé le réimse leathan grúpaí trasna mhórphobal CLG agus le tuairimí daoine a fháil maidir le cluiche atá an-tábhachtach don iliomad daoine.

'Tá mé ag súil, freisin, go mbeidh an oiread daoine agus is féidir páirteach sa phróiseas seo agus tá muid ag súil le réimse leathan agus éagsúil aiseolais a fháil a bheidh ríthábhachtach don phróiseas.'

Tá gach eolas faoi obair Choiste Athbhreithnithe na Peile le fáil anseo: https://www.gaa.ie/the-gaa/games/football-review-committee