Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

hurling

Ruairí Ó Mianáin ag súil go mór le Cluiche Ceannais Iomána Roinn 2B

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, sa lár. Ó chlé Cormac Ludon, Cnoc Bhríde, Lú, Ruairí Ó Mianáin, Doire, Shane Flanagan, Stiúrthóir Cluichí agus Cóistseála CLG, Iománaí Shligigh, Tony O'Kelly-Lynch, Iománaí Lú Paddy Lynch agus iománaí óg de chuid Chnoc Bhríde, Lú, Cian Fehily, le linn sheoladh 'Táin Óg' agus 'Chú Chulainn i bPáirc an Chrócaigh. Grianghraf ó Ben McShane/Sportsfile

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, sa lár. Ó chlé Cormac Ludon, Cnoc Bhríde, Lú, Ruairí Ó Mianáin, Doire, Shane Flanagan, Stiúrthóir Cluichí agus Cóistseála CLG, Iománaí Shligigh, Tony O'Kelly-Lynch, Iománaí Lú Paddy Lynch agus iománaí óg de chuid Chnoc Bhríde, Lú, Cian Fehily, le linn sheoladh 'Táin Óg' agus 'Chú Chulainn i bPáirc an Chrócaigh. Grianghraf ó Ben McShane/Sportsfile

Le Jamie Ó Tuama

Cuirfear tús le Sraitheanna ‘Táin Óg’ an deireadh seachtaine seo. Ag seoladh oifigiúil shraitheanna ‘Táin Óg’ agus ‘Cú Chulainn’ i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo labhair GAA.ie le hiománaí óg Dhoire, Ruairí Ó Mianáin, faoi thábhacht na sraitheanna seo, faoina chlub, Roibeard Eiméid, Sleacht Néill, agus faoi Chluiche Ceannais Roinn 2B de Shraitheanna Iomána Allianz, idir Dhoire agus Thír Eoghain, a bheidh ar siúl Dé Sathairn.

Bhí Ruairí an-phaiseanta agus é ag labhairt faoi thábhacht shraitheanna an ‘Táin Óg’, ‘Cú Chulainn’ agus ‘Dúshlán na gCeilteach’ nó an ‘Celtic Challenge’ mar is fearr aithne air.

‘Tá siad millteanach tábhachtach, go háirithe do chontaetha nach bhfuil an iomáint mar phríomhspórt iontu’, a deir Ó Mianáin. ‘Má ghlacann tú mo chontae féin, Doire, mar shampla, is contae peile atá ann den chuid is mó. Mar sin, na blianta sula raibh an rud seo ann bheifeá i gCluiche Ceannais Uladh nó i gCluiche Leathcheannais Uladh agus bhuafadh Aontroim ort le 25-30 pointe. Bheadh an séasúr críochnaithe, ach, mar gheall ar chomórtais mar seo ta tú ábalta cluichí a imirt ag do leibhéal féin, cluichí iomaíocha a imirt.

‘Tá tú ag forbairt. Tá an contae ag forbairt san iomáint. Tá sult ag baint leis. Níl tú ag gabháil amach le cluiche a chailleadh le fiche pointe. Tá cúis ann go bhfuil tú ag traenáil go crua ar feadh cúpla mí. Sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach agus léiríonn bua s’againne in éadan Aontroma ansin go bhfuil na comórtais seo ag obair.

'Nuair a bhí mise seacht mbliana déag d’aois d’imir mé le Doire i gcomórtas an ‘Celtic Challenge’ agus bhuaigh muid ar Chill Mhantáin le cúpla pointe. Ag an am sin, dá ndéarfadh duine éigin linn go raibh muid a ghabháil a bheith iomaíoch le hAontroim i gCluiche Ceannais Uladh, dhéanfá gáire leo. Ní chreidfeá é. Bliain nó dhá bhliain ina dhiaidh sin, tá muid anois iomaíoch le hAontroim agus bhí muid iomaíoch leo i mbliana. Buíochas le Dia, bhain muid.

'Léiríonn sé go bhfuil tábhacht ann do na comórtais seo agus go bhfuil sé ag forbairt na hiomána ar 'an iomlán ar an oileán.'

Bhí bua mór ag foireann faoi 20 Dhoire ar Aontroim i gCluiche Ceannais Chraobh Chúige Uladh ag tús na míosa. Creideann Ruairí go láidir go raibh tionchar mór ag na comórtais fhorbartha seo ar an mbua sin.

‘Ní minic a bhaineann Doire Craobh A le gabháil amach, mar a dúirt mé, le bheith iomaíoch agus le hAontroim a bhualadh. Sílim gur rud ollmhór a bhí ann don iomáint ar an iomlán i nDoire. Thug sé spreagadh do na himreoirí óga. An lá ina dhiaidh sin, bhain foireann faoi 17 s’againn Craobh Uladh in éadan Aontroma, fosta. Léiríonn sé go bhfuil rudaí i nDoire ag gabháil go maith ó thaobh na hiomána de.

‘Bheadh sé cothrom a rá nach mbeidh iomáint riamh ar an bpríomhspórt i nDoire agus caithfidh tú glacadh leis sin seachas a chur ina éadan. Caithfidh tú obair leis na huirlisí atá agat agus fá láthair tá muid á dhéanamh sin. Tá an struchtúr in áit agus tá sé ag éirí níos fearr. Le cuidiú Dé, beidh Doire ag imirt ag leibhéal níos airde agus níos iomaíche sna blianta romhainn.’

Maidir leis na cuimhní is mó atá ag Ruairí ar na comórtais seo luaigh sé an cairdeas a chruthaigh sé le himreoirí óga eile.

‘Is cuimhin liom go raibh muid ag traenáil ar feadh sé mhí agus go raibh mé mar chuid d’fhoireann,’ a deir Ruairí. ‘Tá cairde agat ó chlubanna eile. Is cineál de thuras atá ann. Bhain Doire trí chraobh ‘Celtic Challenge’ i ndiaidh a chéile. Bhain siad Roinn 3, Roinn 2 agus, ansin, Roinn1. Buíochas le Dia, bhí muid mar chuid den phainéal a bhain Roinn 1. Mar sin, tá na cuimhní agus an cairdeas a dhéanann tú ag an leibhéal seo millteanach tábhachtach.’

Bhí bliain réasúnta maith ag club Ruairí, Roibeard Eiméid, Seacht Néill, anuraidh ach chaill siad Cluiche Ceannais Uladh in aghaidh Ruairí Óig, Bun Abhann Dalla. Labhair Ó Mianáin linn faoi sin.

‘Bliain mheasartha olc a bhí ann má amharcann tú ar an chaighdeán ag a raibh Sleacht Néill le deich nó cúig bliana déag anuas’, a deir sé. ‘Bhain muid Craobh Dhoire san iomáint ach chaill muid Cluiche Leathcheannais Dhoire sa pheil in éadan an Ghleanna. Chuaigh siadsan ar aghaidh le Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint agus chaill muid in éadan Ruairí Óig, Bun Abhann Dalla.

‘Ní cuimhní ródheasa atá iontu ag amharc orthu, ach, mar a deir na himreoirí sinsearacha caithfidh tú cailleadh le foghlaim agus, le cuidiú Dé, foghlaimeoidh muid don bhliain seo atá amach romhainn.’

Beidh Cluiche Ceannais 2B de Shraitheanna Iomána Allianz ar siúl De Sathairn agus tabharfaidh Doire aghaidh ar Thír Eoghain. Tá Ó Mianáin ag súil go mór leis an dúshlán.

‘Tá muid i ndiaidh ardú céime a fháil don bhliain seo chugainn’, a deir sé. ‘Tá muid sásta leis sin, dar ndóigh, ach tá muid ag iarraidh gabháil agus an jab a chríochnú an deireadh seachtaine seo in éadan Thír Eoghain.

‘D’imir muid ina n-éadan i bPáirc na gCeilteach sa chéad chluiche den tsraith agus bhí gaoth mhillteanach láidir ann agus cuireadh beirt imreoirí s’acu den pháirc. Mar sin, tá a fhios againn gur cluiche iomaíoch, cluiche fisiciúil a bheidh ann ar an Satharn.

‘Ag an leibhéal sin bíonn achan chluiche iomaíoch agus fisiciúil agus, le cuidiú Dé, glacfaidh muid an chéad chéim eile. Má bhaineann muid sin beidh muid ag gabháil go maith agus réidh don Christy Ring!’

Is ar 5.30 a bheidh Cluiche Ceannais 2B de Shraitheanna Iomána Allianz in Abhainn Bheag Dé Sathairn.

Seilbh na liathróide ag Ruairí Ó Mianáin d'fhoireann faoi 20 Dhoire. Ní iomáint amháin atá ag fear Roibeaird Eiméid, Sleacht Néill.

Seilbh na liathróide ag Ruairí Ó Mianáin d'fhoireann faoi 20 Dhoire. Ní iomáint amháin atá ag fear Roibeaird Eiméid, Sleacht Néill.