Reáltaí Peile 2026 PwC Fógartha
Sé cinn ar fad de Ghradaim All-Star atá faighte ag peileadóirí Mhaigh Eo
Sé áit ar fad a fuair curaidh na hÉireann, Maigh Eo, ar Fhoireann Réaltaí Peile PwC 2026 a fógraíodh inniu agus a bhfuil ionadaíocht ag imreoirí ó ocht gcontae éagsúla uirthi.
Is é seo an chéad uair ó 2010 i leith a raibh ionadaithe ón oiread contaetha ar fhoireann na réaltaí. Chomh maith leis sin, 11 imreoir ar fad a bhuaigh Gradam All-Star den chéad uair riamh i mbliana – an líon is mó réaltaí nua in aon bhliain amháin ó 2022 i leith.
Tá a sheachtú Gradam All-Star buaite ag David Clifford, rud a chuireann cothrom é le laoch eile de chuid pheil Chiarraí, Mikey Sheehy. Níl ach Colm Cooper agus Pat Spillane tar éis níos mó Gradam All-Star a bhuachan do lucht na Ríochta, ocht gcinn ag Cooper agus naoi gcinn ag Spillane, cé go bhfuil neart ama fós ag Clifford leis na héachtaí sin a shárú.
Tá an líon is mó réaltaí ag Maigh Eo i mbliana tar éis dóibh Corn Shomhairle Mhig Uidhir a thabhairt thar Sionainn don chéad uair le 75 bliain anuas. Seisear ar fad a fuair gradaim dóibh – Sam Callinan, Enda Hession, Darragh Beirne, Kobe McDonald, Jack Carney agus Ryan O’Donoghue.
Trí cinn de Ghradaim All-Star atá ag tánaistigh na bliana seo, Ciarraí – David Clifford, Jason Foley agus cúl báire na Ríochta, Shane Murphy.
D’éirigh le Ronan Wallace Gradam All-Star a fháil don Iarmhí le cur leis an ngradam a fuair sé ar fhoireann na bliana de chuid Chorn Tailteann thiar sa bhliain 2022. I measc na réaltaí eile bhí Dara McDonnell do Lú, Jarly Óg Burns d’Ard Mhacha, Conn Kilpatrick do Thír Eoghain, Niall Scully d’Áth Cliath agus Stephen O’Hanlon do Mhuineachán.
Is iad Dara McDonnell, Darragh Beirne agus Kobe McDonald atá ainmnithe do Pheileadóir Óg na Bliana de chuid PwC CLG/GPA agus is iad David Clifford, Jack Carney agus Ryan O’Donoghue atá ar an ngearrliosta do Pheileadóir na Bliana. Fógrófar na buaiteoirí seo agus réaltaí na hiomána amárach ag ócáid san RDS i mBaile Átha Cliath.
Le coimhlint leasa a sheachaint sheas Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, siar ón gCathaoirleacht agus ón díospóireacht nuair a bhí na cúlaithe á roghnú.
Craolfar ócáid bhronnta na nGradam All-Star ó 7.30 tráthnóna amárach, Dé hAoine, 20 Deireadh Fómhair, agus beidh réamhchlár ar siúl ó 6.00 ar Staisiún YouTube Chumann Lúthchleas Gael an lá céanna.
Réaltaí Peile PwC 2026
1 Shane Murphy (Ciarraí)
2 Sam Callinan (Maigh Eo)
3 Jason Foley (Ciarraí)
4 Enda Hession (Maigh Eo)
5 Ronan Wallace (An Iarmhí)
6 Dara McDonnell (Lú)
7 Jarlath Óg Burns (Ard Mhacha)
8 Conn Kilpatrick (Tír Eoghain)
9 Jack Carney (Maigh Eo)
10 Niall Scully (Áth Cliath)
11 Ryan O’Donoghue (Maigh Eo)
12 Stephen O’Hanlon (Muineachán)
13 Darragh Beirne (Maigh Eo)
14 David Clifford (Ciarraí)
15 Kobe McDonald (Maigh Eo)
Ainmniúcháin le haghaidh Pheileadóir na Bliana PwC CLG GPA
1 David Clifford (An Fosadh, Ciarraí)
2 Ryan O’Donoghue (Béal an Mhuirthead, Maigh Eo)
3 Jack Carney (Cill Mhíona, Maigh Eo)
Ainmniúcháin le haghaidh Pheileadóir Óg na Bliana PwC CLG CIG
1 Darragh Beirne (Clár Chlainne Mhuiris, Maigh Eo)
2 Kobe McDonald (Crois Mhaoilíona Fánaithe na Daoile, Maigh Eo)
3 Dara McDonnell (Naomh Máirtín, Lú)