Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Podchraoladh nua CLG ina acmhainn thráthúil do dhaltaí Ardteiste agus do lucht staire araon

Podchraoladh nua CLG ina acmhainn thráthúil do dhaltaí Ardteiste agus do lucht staire araon Seoladh podchraoladh nua a dhíríonn ar bhlianta corracha tosaigh Chumann Lúthchleas Gael. Díríonn CLG: Gluaiseacht á cur ar bun ar an tréimhse idir 1884 agus 1891 agus tá sé á chur ar fáil mar phodchraoladh uair an chloig i mBéarla agus i nGaeilge. Déanann staraithe agus múinteoirí aitheanta plé ar an gcúlra sóisialta agus polaitiúil a bhain le bunú Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884. Pléitear an bhéim a bhí ar lúthchleasaíocht agus pléitear na fórsaí agus na daoine siúd a mhúnlaigh an Cumann le linn na mblianta tosaigh, blianta a bhí dúshlánach agus casta. Luaitear coimhlintí cumhachta agus easaontais inmheánacha a thit amach ag am a bhí an Cumann ag iarraidh a áit a dhaingniú i saol na hÉireann. Comhpháirtíocht atá sa phodchraoladh seo idir Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach, Coiste Staire CLG agus Rannóg Cumarsáide CLG. Acmhainn thráthúil atá ann dar ndóigh nuair a thugtar san áireamh go bhfuil an tréimhse seo mar chás-staidéar éigeantach ar churaclam staire na hArdteistiméireachta do 2026 agus 2027. Beidh acmhainní agus ceardlanna breise ar fáil mar chuid den phodchraoladh seo, freisin, a chabhróidh le múinteoirí agus le daltaí.

Seoladh podchraoladh nua a dhíríonn ar bhlianta corracha tosaigh Chumann Lúthchleas Gael.

Díríonn CLG: Gluaiseacht á cur ar bun ar an tréimhse idir 1884 agus 1891 agus tá sé á chur ar fáil mar phodchraoladh uair an chloig i mBéarla agus i nGaeilge.

Déanann staraithe agus múinteoirí aitheanta plé ar an gcúlra sóisialta agus polaitiúil a bhain le bunú Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884. Pléitear an bhéim a bhí ar lúthchleasaíocht agus pléitear na fórsaí agus na daoine siúd a mhúnlaigh an Cumann le linn na mblianta tosaigh, blianta a bhí dúshlánach agus casta. Luaitear coimhlintí cumhachta agus easaontais inmheánacha a thit amach ag am a bhí an Cumann ag iarraidh a áit a dhaingniú i saol na hÉireann.

Comhpháirtíocht atá sa phodchraoladh seo idir Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach, Coiste Staire CLG agus Rannóg Cumarsáide CLG. Acmhainn thráthúil atá ann dar ndóigh nuair a thugtar san áireamh go bhfuil an tréimhse seo mar chás-staidéar éigeantach ar churaclam staire na hArdteistiméireachta do 2026 agus 2027.

Beidh acmhainní agus ceardlanna breise ar fáil mar chuid den phodchraoladh seo, freisin, a chabhróidh le múinteoirí agus le daltaí.

CLG: Gluaiseacht á cur ar bun

CLG: Gluaiseacht á cur ar bun

Dúirt Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, a ghlac páirt sna podchraoltaí:

‘Cuireadh Cumann Lúthchleas Gael ar bun le linn tréimhse thar a bheith suimiúil i saol na hÉireann, le linn réabhlóid chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil. Tá muid fíorbhuíoch díobh siúd a ghlac na céimeanna tosaigh sin os cionn 140 bliain ó shin agus díobh siúd a chinntigh gur tháinig an Cumann tríd go leor aighneas. D’fhéadfadh na haighnis sin deireadh a chur leis an Chumann sula raibh deis aige bláthú.

‘Bíonn go leor le foghlaim againn fúinn féin trí staidéar a dhéanamh ar an stair. Cé muid féin? Cá has a dtáinig muid? Cad é na rudaí a fágadh linn agus cad é a thig linn a thógáil ón aimsir atá caite a chuideoidh linn saol an lae inniu a thuigbheáil níos fearr agus le cinntiú go mbeidh rudaí in áit níos fearr ag an ghlúin atá le teacht.

‘Léirítear ón staidéar seo ar bhlianta tosaigh Chumann Lúthchleas Gael a bheith ar an churaclam an tábhacht a bhaineann le ról an Chumainn sa saol in Éirinn. Tá súil agam go mbeidh na podchraoltaí seo ina chuidiú ní hamháin do dhaltaí meánscoile ach do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i stair na hÉireann.’

Dúirt Frances Moss, Stiúrthóir Ionad Oideachais Dhroim Conrach:

‘Tá ríméid orm fáilte a chur roimh an gcomhpháirtíocht seo idir Ionad Oideachais Dhroim Conrach, roinnt oidí staire mór le rá, Cumann Lúthchleas Gael trína Uachtarán, trína Mhúsaem agus trína fhoireann a bhíonn ag plé le cúrsaí cultúir. Is é toradh na comhpháirtíochta seo ná go bhfuil acmhainn againn ar stair bhlianta tosaigh Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil go leor le foghlaim uaidh agus atá éasca a úsáid do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon, go háirithe nuair a thugann tú san áireamh ceisteanna Ardteistiméireachta a bhíonn bunaithe ar cháipéisí.

‘Cuireann na ceardlanna agus na seimineáir ghréasáin do mhúinteoirí atá mar chuid den phodchraoladh go mór leis. Tacaíonn siad le príomhtheachtaireacht an phodchraolta agus tugtar deis gabháil isteach níos doimhne i scileanna anailíse doiciméad, rud atá lárnach don staidéar ar an stair.

‘Is féidir le lucht féachana níos leithne taitneamh a bhaint as an bpodchraoladh seo, freisin, dar ndóigh. Léirítear na rudaí a spreag agus na dúshláin a bhí roimh cheannairí Chumann Lúthchleas Gael sna blianta tosaigh. Tugann sé léargas úr dúinn ar an gcaoi ar féidir leis na cartlanna agus na hacmhainní atá i bPáirc an Chrócaigh a bheith ina bhfoinse inspioráide agus eolais do dhaoine – idir óg agus aosta – a bhfuil suim acu i stair na hÉireann.’

Tá cuid de na cáipéisí is luachmhaire i gcartlann Mhúsaem CLG á bplé agus ar taispeáint sa phodchraoladh seo. Tá turais ar leith á n-eagrú ag lucht an Mhúsaeim atá dírithe ar an bpodchraoladh agus ar an modúl Ardteiste seo ina bhfuil Cumann Lúthchleas Gael faoi chaibidil ann. ‘Mystery out of History’ atá á thabhairt ar an turas speisialta seo. Is féidir an turas a chur in áirithe ag tours@crokepark.ie.

Is féidir le múinteoirí staire a bhfuil tuilleadh acmhainní uathu i leith an ábhair seo tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach. Is féidir leo clárú le haghaidh ceardlainne ag an nasc seo a leanas, freisin: Drumcondra Education Centre

Ba iad Niamh Boyle agus Cian Murphy a léirigh CLG: Gluaiseacht á cur ar bun agus tá sé ar fáil ar na hardáin seo a leanas:

YouTube: https://www.youtube.com/playlist?list=PL4RAFa1AwtRYHT_8KL2V5zQ1XrV0EKPqm

Spotify: https://open.spotify.com/show/39CbspFyyhxDx3O0BZz57K?si=6bb285a5f69e48a5

Apple Podcasts: https://podcasts.apple.com/us/podcast/gaa-founding-a-movement/id1885571770

Tuilleadh eolais: communications@gaa.ie

An podchraoladh, CLG: Gluaiseacht á cur ar bun, seolta

An podchraoladh, CLG: Gluaiseacht á cur ar bun, seolta