Plúr na nIománaithe ainmnithe le haghaidh Ghradaim All-Star Iomána PWC
Gearóid Hegarty agus Diarmaid Byrnes tar éis do Luimneach Craobh Shinsear Iomána na hÉireann a buachan i mbliana
13 ainmniúchán ar fad as 45 a fuair curaidh iomána na hÉireann 2026, Luimneach, do Ghradaim All-Star Iomána PWC a fógraíodh le cúpla lá anuas.
Imreoirí ó ocht gcontae ar fad a fuair ainmniúcháin. Taobh amuigh den 13 ainmniúchán sin do Luimneach bhí 11 do Ghaillimh, seacht gcinn do Chorcaigh, sé cinn don Chlár, trí cinn d’Áth Cliath, péire do Loch Garman agus d’Uibh Fhailí agus ceann amháin do Chill Chainnigh.
Is iad Diarmaid Byrnes agus Gearóid Hegarty, Luimneach, agus Brian Hayes, Corcaigh, atá ar an ngearrliosta d’Iománaí na Bliana. William Buckley, Corcaigh, chomh maith le Jason Rabbitte agus Cillian Trayers, Gaillimh, atá ainmnithe ar an ngearrliosta d’Iománaí Óg na Bliana.
Ba ghrúpa comhfhreagraithe de chuid na gCluichí Gaelacha a raibh ionadaíocht déanta acu ar na meáin chlóite, raidió, teilifíse agus dhigiteacha a roghnaigh na hainmniúcháin do na Gradaim All-Star agus ba é Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, a bhí ina chathaoirleach ar an ngrúpa. Is í seo an 55ú bliain de na gradaim seo a bheith ar an bhfód ag gabháil siar chomh fada le 1971.
Bronnfar Gradaim All-Star PwC ag ócáid mhór san RDS i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair. Craolfar an ócáid beo ar RTÉ.
Na hainmniúcháin le haghaidh Ghradaim All-Star Iomána PwC:
Cúl Báire
Billy Nolan (Port Láirge)
Nickie Quaid (Luimneach)
Éibhear Quilligan (An Clár)
Cúlaithe
Seán Finn (Luimneach)
William O’Donoghue (Luimneach)
Barry Nash (Luimneach)
Diarmaid Byrnes (Luimneach)
Kyle Hayes (Luimneach)
Darren Morrissey (Gaillimh)
Padraic Mannion (Gaillimh)
Daithí Burke (Gaillimh)
Cillian Trayers (Gaillimh)
Ronan Glennon (Gaillimh)
Seán O’Donoghue (Corcaigh)
Niall O’Leary (Corcaigh)
Mark Coleman (Corcaigh)
Rob Downey (Corcaigh)
Niall O’Farrell (An Clár)
Diarmuid Ryan (An Clár)
Ben Conneely (Uíbh Fhailí)
Paddy Smyth (Áth Cliath)
Imreoirí Lár Páirce
Cian Lynch (Luimneach)
Adam English (Luimneach)
Cathal Mannion (Gaillimh)
Tony Kelly (An Clár)
Brian Hayes (Áth Cliath)
Cian Kenny (Cill Chainnigh)
Tosaithe
Cathal O’Neill (Luimneach)
Aidan O’Connor (Luimneach)
Peter Casey (Luimneach)
Gearóid Hegarty (Luimneach)
Shane O’Brien (Luimneach)
Jason Rabbitte (Gaillimh)
Tom Monaghan (Gaillimh)
Darragh Neary (Gaillimh)
Conor Whelan (Gaillimh)
Aaron Niland (Gaillimh)
Shane Barrett (Corcaigh)
William Buckley (Corcaigh)
Brian Hayes (Corcaigh)
Peter Duggan (An Clár)
Seán Rynne (An Clár)
Dónal Burke (Áth Cliath)
Eoghan Cahill (Uíbh Fhailí)
Stephen Bennett (Port Láirge)
Ainmniúcháin le haghaidh Iománaí na Bliana de chuid PwC CLG GPA
Diarmaid Byrnes (Luimneach)
Brian Hayes (Corcaigh)
Gearóid Hegarty (Luimneach)
Ainmniúcháin le haghaidh Iománaí Óg na Bliana de chuid PwC CLG GPA
William Buckley (Corcaigh)
Jason Rabbitte (Gaillimh)
Cillian Trayers (Gaillimh)