Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, ceaptha ina Ambasadóir Gaeilge CLG do 2026

In attendance, from left, Áine Uí Choinn Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG, Cáit Ní Choirbhín Bainisteoir Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Galway footballer Seán Ó Maoilchiaráin, Gaelic Athletic Association Ambasadóir na Gaeilge for 2026, Darren Ó Rodaigh Príomhfheidhmeannach Gaelchultúr, Mairéad Ní Thiomáin Bainisteoir Oibtíochtaí and Oifigeach Forbartha Gaeilge Jamie Ó Tuama pictured as Galway footballer Seán Ó Maoilchiaráin appointed GAA’s Ambasadóir na Gaeilge for 2026 at Croke Park in Dublin. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

Fógraíodh ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inniu gurb é peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2026. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do Sheán, ar as Inis Mór dó, agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge CLG.

Mar chuid den ról beidh Seán ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, podchraoladh nua staire CLG, CLG – Gluaiseacht á cur ar bun, Comórtas Peile na Gaeltachta i measc rudaí eile.

Ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh inniu chuir Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Áine Uí Choinn, fáilte roimh Sheán chuig an ról agus ghuigh sí gach rath air don bhliain amach romhainn.

Dúirt Seán, múinteoir meánscoile i gColáiste Bhaile Chláir i mBaile Chláir na Gaillimhe, gur mhór an onóir a bhí ann dó a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge agus go raibh sé ag súil go mór leis an mbliain amach roimhe. Tá sé ag súil, freisin, le daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a labhairt le linn na bliana.

Ó d’imir Seán le Gaillimh don chéad uair thiar sa bhliain 2018, tá dornán de Chraobhacha Sinsear Chonnacht buaite ag réalta Oileáin Árann le Gaillimh.

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Seán don bhliain amach romhainn. Tagann Seán sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí mar Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022, ar iománaí an Chláir, Paul Flanagan, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2023, ar Sheán O’Shea, Ciarraí, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge do 2024 agus Fergal Whitely, Áth Cliath, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2025.