Peileadóir Chiarraí, Seán Ó Sé, ceaptha ina Ambasadóir Gaeilge CLG do 2024
Fógraíodh gurb é Seán O'Shea atá mar Ambasadóir Gaeilge CLG do 2024 ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inné
Fógraíodh gurb é peileadóir Chiarraí, Seán Ó Sé, a bheadh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2024, ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inné. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do Sheán agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge de chuid an Chumainn.
Mar chuid den ról beidh Seán ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Lá Mór na Gaeilge, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus na GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.
Ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh inniu chuir Gráinne McElwain, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, fáilte roimh Sheán chuig an ról agus ghuigh sí gach rath air don bhliain amach romhainn.
Dúirt Seán gur mhór an onóir a bhí ann dó a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge agus go raibh sé ag súil go mór leis an mbliain amach roimhe. Tá sé ag súil, freisin, le daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a labhairt le linn na bliana.
Ó d’imir Seán le Ciarraí don chéad uair thiar sa bhliain 2018, tá cúig cinn de Chraobhacha Mumhan, dhá cheann de Shraitheanna Náisiúnta agus Craobh amháin Uile-Éireann buaite aige. Bhí sé ina chaptaen ar Chiarraí nuair a bhuaigh siad an Chraobh Uile-Éireann sin i 2022 agus beidh cuimhne go deo ar an gcic saor buacach a d’aimsigh sé in aghaidh Átha Cliath i gcluiche leathcheannais na bliana sin chomh maith lena óráid bhuacach tar éis dó Corn Shomhailre Mhig Uidhir a ardú – de bharr an méid Gaeilge a labhair sé agus é ag caint. Tá dhá Ghradam All-Star buaite ag Seán go dtí seo.
Tá Cumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Seán don bhliain amach romhainn. Tagann fear Neidín sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí mar Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022 agus ar iománaí an Chláir, Paul Flanagan, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2023.