Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge
Galway

Paul Conroy éirithe as an bpeil idirchontae le Gaillimh

Paul Conroy i mbun a cheirde le Gaillimh i 2025

Paul Conroy i mbun a cheirde le Gaillimh i 2025

Tá sé fógartha ag Paul Conroy go bhfuil sé tar éis éirí as agus slán a fhágáil le painéal peile na Gaillimhe.

Is iomaí gradam a bhuaigh fear Naomh Séamus ó d’imir sé le Gaillimh den chéad uair thiar sa bhliain 2008. I measc na ngradam sin bhí seacht gcinn de Chraobhacha Chonnacht.

Roimhe sin bhí sé ina chaptaen buacach le mionúir na Gaillimhe nuair a d’éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan sa bhliain 2007.

Ainmníodh Paul mar imreoir na bliana de chuid PWC CLG/CIG sa bhliain 2024.

Ceapadh é ina Ambasadóir Gaeilge de chuid Chumann Lúthchleas Gael don bhliain 2022.

I ráiteas a chuir Conroy amach aréir, dúirt sé gur phribhléid a bhí ann dó imirt le Gaillimh. Dúirt sé go mbíodh sé ag brionglóideach faoi imirt lena chontae agus é ina ghasúr beag agus go raibh sé fíorbhuíoch díobh siúd uilig a chabhraigh leis an bhrionglóid sin a fhíorú.