Os cionn 300 peileadóir óg páirteach sna GAAgaeilge Go Games i bPáirc an Chrócaigh
D'imir an Ghaeltacht ó Phort Láirge agus Naomh Muire ó Dhún na nGall in aghaidh a chéile ag na Go Games Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh inné, 13 Aibreán, 2026
Le Jamie Ó Tuama
Ghlac os cionn 300 peileadóir óg ó chlubanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge páirt i GAAgaeilge Go Games a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inné, 13 Aibreán.
I measc na gclubanna agus na scoileanna a bhí páirteach ar an lá bhí Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Na Gaeil Óga, Áth Cliath, An Ghaeltacht agus an Seanphobal ón Rinn, Naomh Abán agus Béal Átha an Ghaorthaidh ó Chorcaigh, Micheál Breathnach, Ros Muc, An Cheathrú Rua agus Oileáin Árann ó Ghaillimh, Tuar Mhic Éadaigh ó Mhaigh Eo, Naomh Muire, Íoctar na Rosann, ó Dhún na nGall agus Gaelscoil Charman ó Loch Garman.
Ba iad Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG, CLG Chonnacht agus CLG na Mumhan a d’eagraigh na GAAgaeilge Go Games i gcomhar le Rannóg um Fhorbairt na gCluichí Náisiúnta, CLG. Gabhann siad buíochas leis na foirne uilig a ghlac páirt sa scléip.
Bhí aoi speisialta ina measc ar an lá freisin, dar ndóigh, agus tugadh deis do na gasúir uilig a bpictiúr a fháil le Corn Shomhairle Mhig Uidhir.
Beidh na GAAgaeilge Go Games á n-eagrú arís amach anseo agus táthar ag súil le cuireadh a thabhairt do chlubanna as ceantair eile Ghaeltachta agus as Gaelscoileanna eile.
Foireann Scoil Uí Ghramhnaigh ag na Go Games Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh inné 13 Aibreán, 2026