Os cionn 300 iománaí óg páirteach sna GAAgaeilge Go Games i bPáirc an Chrócaigh
Daingean Uí Chúis in aghaidh Ghaeltacht Iorrais
Le Jamie Ó Tuama
Ghlac os cionn 300 iománaí óg ó chlubanna Gaeltachta, ó Ghaelscoileanna agus ó mhórcheantair Ghaeilge páirt i mbliotsanna faoi 11 ag na GAAgaeilge Go Games a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inné, 24 Meitheamh. Ina gcomhluadar ar an lá, bhí Ambasadóir Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael agus an t-iománaí de chuid Átha Cliath, Fergal Whitely, agus é ag spreagadh na bpáistí chun iomána agus lena gcuid Gaeilge a labhairt ar an lá. Bhí Fergal le feiceáil i mbun cóitseála agus i mbun réiteoireachta ar an lá freisin dar ndóigh!
I measc na gclubanna agus na scoileanna a bhí páirteach ann bhí Gaeltacht Iorrais, Micheál Breathnach, Cumann Camógaíochta Chois Fharraige, Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Scoil San Treasa (scoil Fergal Whitely), Cumann an Chloigthí, Cluain Dolcáin, Gaelscoil Oilibhéir, Mungairit Naomh Pól, An Mhodhscoil, Na Laochra Óga, Daingean Uí Chúis agus Na Gaeil Óga.
Ba iad Coiste Naisiúnta Gaeilge CLG, Oifigigh Ghaeilge na Mumhan agus Uladh a d’eagraigh na GAAgaeilge Go Games i gcomhar le Rannóg um Fhorbairt na gCluichí Náisiúnta, CLG. Gabhann siad buíochas leis na réiteoirí óga a tháinig ó Na Fianna agus ó Na Gaeil Óga agus a thug aire mhaith do na hiománaithe óga ar an lá.
Beidh na GAAgaeilge Go Games á n-eagrú arís amach anseo agus táthar ag súil le cuireadh a thabhairt do chlubanna as ceantair eile Ghaeltachta agus as Gaelscoileanna eile.
Scoil Oilibhéir in aghaidh Chumann an Chloigthí, Cluain Dolcáin