Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Naomh Columba buacach ar lá 3 de Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026

Naomh Columba, Buaiteoirí Chraobh Idirmheánach na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026

Naomh Columba, Buaiteoirí Chraobh Idirmheánach na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026

Le Jamie Ó Tuama

Le tús a chur leis an tríú lá ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026, d’imir an fhoireann baile Cill Chartha in aghaidh Laochra Loch Lao ó Aontroim i gCraobhchomórtas Sóisear na mBan.

Thug Cill Chartha an-taispeántas go deo agus murach éachtaí chúl báire na Laochra, Caoimhe Nic Chú Uladh, d’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos measa do mhná Aontroma.

Chríochnaigh an cluiche ar scór 8-10 go dtí 3-03. D’aimsigh Caitríona Ní Bheirn 2-02 do Chill Chartha agus d’aimsigh Laura Ní Chloscaigh 3-02 dóibh. 1-02 a d’aimsigh Jennifer Nic Adaim do na Laochra.

Sa chluiche leathcheannais eile, d’éirigh le Clann na nGael ón Mí an ceann is fearr a fháil ar Thuar Mhic Éadaigh ó Mhaigh Eo.

I gCluiche Ceannais Idirmheánach na mBan ina dhiaidh sin, d’éirigh le Naomh Columba, Dún na nGall, an ceann is fearr a fháil ar Naomh Anna Leitir Mór, Gaillimh, i sárchluiche. Ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne sa deireadh.

Nuair a d’aimsigh laoch na himeartha, Laoise Nic Fhionnlaigh, dhá chúl do Naomh Columba ag tús na dara leithe bhí siad cúig chúilín chun tosaigh ach níor stop mná Chonamara agus choinnigh siad orthu go dtí an deireadh.

D’fhág cúl ó Sarah Ní Loingsigh Naomh Anna Leitir Móir dhá chúilín taobh thiar agus gan fágtha ach cúpla nóiméad. Chruthaigh siad cúpla seans sna nóiméid dheireanacha sin ach d’éirigh le Naomh Columba an brú a shárú. Scór deiridh: Naomh Columba 2-08 Naomh Anna Leitir Móir 2-06.

Sa chéad chluiche i gCraobh Shinsear na bhFear thug an fhoireann baile Cill Chartha aghaidh ar Ghaoth Dobhair. Ní raibh mórán idir na foirne ó thús deireadh. Mar sin féin, ba iad fir Ghaoth Dobhair a chuaigh isteach chun tosaigh ag an mbriseadh ar scór 0-12 go dtí 0-09.

Tar éis 45 nóiméad nó mar sin, áfach, ní raibh ach cúilín amháin ag scaradh na bhfoirne a bhuíochas le scór dhá phointe agus dhá chúilín ó Mhaitiú Mac Giolla Aon do Chill Chartha. D’aimsigh Fiachra Mac Giolla Chóil cúl do Ghaoth Dobhair go gairid ina dhiaidh sin, áfach, leis na cuairteoirí a chur ceithre chúilín chun tosaigh.

Cé gur laghdaigh Cill Chartha an bhearna arís ba iad Gaoth Dobhair a chríochnaigh láidir, le bua trí chúilín a fháil ar a gcéilí comhraic. 0-11 ar fad a d’aimsigh Mac Giolla Aon do Chill Chartha agus d’aimsigh Mac Giolla Chóil 0-06 do Ghaoth Dobhair. Scór deiridh: Gaoth Dobhair 1-20 Cill Chartha 0-20.

Bhí gleo mór ón slua nuair a tháinig bainisteoir na hIarmhí, Mark Mag Aoidh, isteach do Chill Chartha sa dara leath.

I gcluiche deireanach an lae, d’imir Bhulf Tón na Mí in aghaidh Naomh Abán Chorcaí i gCraobh Shinsear na bhFear. Thosaigh Bhulf Tón go tréan agus chuaigh siad cúig chúilín chun tosaigh tar éis 15 nóiméad. Cé gur aimsigh Naomh Abán trí chúilín ina dhiaidh sin ba iad Bhulf Tón a chuaigh isteach chun tosaigh ag leath ama ar scór 0-10 go dtí 0-04.

Mar a rinne siad sa chluiche roimhe sin in aghaidh Chumann Caide na Gaeltachta, áfach, bhí tús iontach ag Naomh Abán leis an dara leath agus tar éis 45 nóiméad, ní raibh ach an t-aon chúilín amháin ag scaradh na bhfoirne – ach Bhulf Tón fós chun tosaigh.

Chríochnaigh Bhulf Tón, curaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025, go láidir, mar sin féin, agus bhí bua sé chúilín acu sa deireadh – 1-16 go dtí 1-10. Seachtar ar fad a d’aimsigh scóranna Bhulf Tón agus d’aimsigh Dónal Ó Ceallaigh 1-03 do Naomh Abán.

I gCraobhchomórtas Sóisear na bhFear, fuair Tuar Mhic Éadaigh an ceann is fearr ar Na Gaeil Óga agus fuair Gaeil Fhánada an ceann is fearr ar Naomh Pádraig, An Fhairche, lena n-áit a dheimhniú sa chluiche ceannais.

Torthaí agus sceideal na gcluichí ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026

Comórtas Sóisear na bhFear

Cluichí Ceathrú Ceannais

Naomh Pádraig An Fhairche 2-19 Clann na nGael 4-12

Na Gaeil Óga 3-22 An Seanphobal 0-02

Tuar Mhic Éadaigh 2-19 Laochra Loch Lao 0-07

Gaeil Fhánada 1-15 Lios Póil 0-15

Cluichí Leathcheannais

Tuar Mhic Éadaigh 1-15 Na Gaeil Óga 1-06

Gaeil Fhánada 2-11 Naomh Pádraig An Fhairche 0-10

Cluiche Ceannais

Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo) agus Gaeil Fhánada (Dún na nGall)

Comórtas Sóisear na mBan

Cluichí Ceathrú Ceannais

Cill Chartha 9-17 Na Gaeil Óga 2-04

Clann na nGael 2-06 Carna Caiseal 2-03

Cluichí Leathcheannais

Cill Chartha 8-10 agus Laochra Loch Lao 3-03

Clann na nGael 4-10 Tuar Mhic Éadaigh 3-07

Cluiche Ceannais

Cill Chartha (Dún na nGall) agus Clann na nGael (An Mhí)

Comórtas Idirmheánach na mBan

Cluiche Ceannais

Naomh Columba 2-08 Naomh Anna Leitir Móir 2-06

Comórtas Sinsear na mBan

Cluiche Ceannais

Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh) agus An Tearmann (Dún na nGall)

Comórtas Sinsear na bhFear

Réamhbhabhta

A Gaoth Dobhair 1-16 agus Cill tSéadhna 0-08

Cluichí Ceathrú Ceannais

Naomh Abán 2-13 Cumann Caide na Gaeltachta 0-12

Bhulf Tón 1-25 An Rinn 1-10

Gaoth Dobhair 4-17 Maigh Cuilinn 2-14

Cluichí Leathcheannais

Bhulf Tón 1-16 Naomh Abán 1-10

Gaoth Dobhair 1-20 Cill Chartha 0-20

Cluiche Ceannais

Bhulf Tón (An Mhí) agus Gaoth Dobhair (Dún na nGall)