Na hiomaitheoirí deimhnithe do Bhabhtaí Ceannais Scór na nÓg 2025
Ceoltóirí CLG Bhaile Chláir na Gaillimhe ag Babhtaí Ceannais na hÉireann de Scór na nÓg san INEC, Cill Airne, i 2022
Tá na hiomaitheoirí deimhnithe do Bhabhtaí Ceannais Scór na nÓg 2025 a bheidh ar siúl in Amharclann an INEC, Cill Airne, ar an Satharn 24 Eanáir, 2026. Tá féasta mór amhránaíochta, damhsa, scéalaíochta agus siamsaíochta amach rompu siúd a bheidh ag freastal ar na babhtaí ceannais i mbliana.
Beidh ticéid do na babhtaí ceannais ar fáil in am trátha ach beidh deis acu siúd nach bhfuil ar a gcumas a bheith i láthair breathnú ar na babhtaí ceannais beo ar stáisiún YoutTube TG4.
Déanfar ionadaíocht ar 36 club ar fad ó 19 contae ag na babhtaí ceannais – deich gclub as cúige Uladh, 9 gclub as cúige Laighean, 9 gclub as cúige Mumhan agus 8 gclub as cúige Chonnacht.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Scór is féidir cuairt a thabhairt ar leathanach Facebook GAA Scór Oifigiúil agus is féidir súil a choinneáil amach ar ardáin chumarsáide CLG.
Is iad seo a leanas na hiomaitheoirí a bheidh ag glacadh páirte i mBabhtaí Ceannais Scór na nÓg 2025:
Rince Foirne
Connachta – Cora Finne, Gaillimh
Laighin – CLG Bhaile Uí Cheog, Loch Garman
An Mhumhain – CLG an Chaisleáin Nua, Tiobraid Árann
Ulaidh – Naomh Moninna, Cill Shléibhe, Ard Mhacha
Amhránaíocht Aonair
Connachta – Gemma Ní Chathasaigh, Naomh Doiminic, Ros Comáin
Laighin – Darragh Mac Cába, Seamróga an Mhuilinn Chearr, An Iarmhí
An Mhumhain – Donna Ní Mhuineacháin, An Bóthar Buí, Corcaigh
Ulaidh – Éinín Duggan, CLG Ualtar Uí Ghréacháin An Gleann, Co. Dhoire
Aithriseoireacht / Scéalaíocht
Connachta – Cumann Phádraig Mhic Phiarais, Ros Comáin
Laighin – Eoghan Mac Cionnaith, Naomh Lómán, An Iarmhí
An Mhumhain – Lúsaí Ní Dhálaigh, S.C. Ó Breacáin, Tiobraid Árann
Ulaidh – Enya Nic Dhoinnléibhín, Clan na Gael, Ard Mhacha
Bailéad-Ghrúpa
Connachta – Barr na Cúile, Liatroim
Laighin – An Bhanbh Baile Uí Mhítigh, Loch Garman
An Mhumhain – CLG Ghleann Fleisce, Ciarraí
Ulaidh – CLG Sheáin Mhic Dhiarmada, Muineachán
Nuachleas
Connachta – Cumann Phádraig Mhic Phiarais, Ros Comáin
Laighin – Naomh Pádraig, An Baile Uachtarach, Loch Garman
An Mhumhain – Cumann Uí Chíonáin, Teampall Doire, Tiobraid Árann
Ulaidh – Naomh Muire, Achadh Gallan, Aontroim
Ceol Uirlise
Connachta –Naomh Tomás, Gaillimh
Laighin – An Bhanbh Baile Uí Mhítigh, Loch Garman
An Mhumhain – Cumann Uí Chíonáin Teampall Doire, Tiobraid Árann
Ulaidh – CLG Aodha Ruaidh, Béal Átha Seanaidh
Rince Seit
Connachta – Mainistir Chnoc Muaidhe, Gaillimh
Laighin – Bun Brosnach, An Iarmhí
An Mhumhain – CLG An Spá, Ciarraí
Ulaidh – CLG Sheáin Mhistéil Ghleann an Iolair, Doire
Tráth na gCeist
Connachta – Barr na Cúile, Liatroim, Cúil Iorra/Leathros, Sligeach, Gaeil Chill Ghlais, Ros Comáin
Laighin – Cumann Uí Duibhir, Áth Cliath, Béal Átha na nGabhar, An Iarmhí, Éadan Doire, Uíbh Fhailí
An Mhumhain – Lios an Phúca, Ciarraí, An Mhaighean Teampall Tuaithe, Tiobraid Árann, Cróch Cill na Fíonaí, Luimneach
Ulaidh – CLG Naomh Columba, Dún na nGall, Corr na Féinne, An Cabhán, Achadh Dearg/Bhaile an Mhéirligh, An Dún