Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge
Mayo

Na Gaiscígh: Willie Joe Padden – Béal an Mhuirthead agus Maigh Eo

Cuimhnítear ar Willie Joe mar dhuine de na himreoirí is fearr a chaith geansaí Mhaigh Eo riamh

Cuimhnítear ar Willie Joe mar dhuine de na himreoirí is fearr a chaith geansaí Mhaigh Eo riamh

Le Niall Darby

Is ainm cáiliúil é Willie Joe Padden i measc lucht peile Mhaigh Eo agus níos faide i gcéin araon. Rugadh é sa bhliain 1959 agus bhí saol imeartha iontach aige go dtí gur éirigh sé as an bpeil agus é 34 bliana d'aois. Bronnadh an leasainm, ‘The Bullet from Belmullet’ air le linn a laethanta imeartha mar gheall ar an luas lasrach a bhí aige. Bhí an-cháil ar Willie Joe ní hamháin mar gheall ar an luas lasrach a bhí aige ach mar gheall ar a chumas mar fhear lár páirce chomh maith.

Thosaigh Willie Joe amach ag imirt peile lena chlub, Béal an Mhuirthead, club atá suite in iarthuaisceart an chontae. D’imir sé leis an bhfoireann shinsear nuair nach raibh ach sé bliana déag d’aois aige agus bhí sé mar chuid d’fhoireann mhionúr Mhaigh Eo an bhliain chéanna. Sa bhliain 1977, d’imir sé le foireann mhionúr Mhaigh Eo, le foireann fé 21 Mhaigh Eo agus le foireann shinsear Mhaigh Eo, rud nach bhfeicfeá i saol na linne seo. Ba é Willie Joe captaen fhoireann mhionúr Mhaigh Eo an bhliain sin nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnacht. D’imir sé i gCluiche Ceannais Roinn 1 na Sraithe leis an bhfoireann shinsear an bhliain ina dhiaidh sin i gcoinne Átha Cliath ach ní raibh an lá leo i bPáirc an Chrócaigh. Bhuaigh sé bonn fé 21 Chonnacht in 1980 ach theip orthu i gCluiche Leathcheannais na hÉireann i gcoinne Chorcaí.

Bhuaigh Willie Joe a chéad bhonn Chonnacht le foireann na sinsear sa bhliain 1981 agus d’éirigh leis ceithre cinn eile a bhuachan ina dhiaidh sin sna blianta 1985, 1988, 1989 agus 1992. Bhí fear Bhéal an Mhuirthead i mbarr a réime le linn na tréimhse sin agus bronnadh dhá ghradam All-Star air mar gheall ar a thaispeántais iontacha i lár na páirce in 1985 agus 1989. Tháinig Maigh Eo agus Corcaigh le chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann in 1989, buaicphointe ina shaol imeartha, ach fuair buachaillí an deiscirt an ceann is fearr ar fhoireann Mhaigh Eo. D’imir Willie Joe leis an bhfoireann idirchontae suas go dtí 1993 agus d’éirigh sé as ag deireadh na bliana sin. Cé go raibh an-rath air le Maigh Eo, ní raibh mórán ratha air lena chlub. D’imir siad i gCluiche Ceannais Sinsear Mhaigh Eo sa bhliain 1981, ach ní raibh an lá leo i gcoinne an Gharraí Mhóir.

D’imir mac Willie Joe, Billy Joe, le Maigh Eo idir 2001 agus 2010 chomh maith. Bhí sé mar chuid den phainéal sna blianta 2004 agus 2006 nuair a chaill siad Cluichí Ceannais na hÉireann i gcoinne Chiarraí. Anuas air sin, d’imir Billy Joe le hArd Mhacha idir 2011 agus 2012. Bhuaigh sé trí bhonn Chonnacht mar aon le bonn Sraithe Roinn 1 in 2001. B’in é an chéad bhua a bhí ag Maigh Eo sa chomórtas sin ó 1990. D’imir sé breis agus 100 cluiche le Maigh Eo.

Is léir gur fhág Willie Joe Padden lorg buan ar pheil Mhaigh Eo. Trína chuid éachtaí ar an bpáirc agus an díograis a léirigh sé don chluiche, thuill sé meas agus mórmheas lucht leanúna na peile ar fud na tíre. Lean a mhac, Billy Joe, leis an traidisiún peile sa teaghlach, rud a chuir le hoidhreacht chlúiteach mhuintir Padden. Go dtí an lá atá inniu ann, cuimhnítear ar Willie Joe mar dhuine de na himreoirí is fearr a chaith geansaí Mhaigh Eo riamh.

Willie Joe Padden, gaiscíoch peile de chuid Mhaigh Eo

Willie Joe Padden, gaiscíoch peile de chuid Mhaigh Eo