Na Gaiscígh: Séamus Moynihan, Gleann Fleisce agus Ciarraí
Laoch agus gaiscíoch mór den chuid Chiarraí a bhí i Séamus Moynihan
Le Jamie Ó Tuama
Rugadh Séamus Moynihan i gCiarraí sa bhliain 1973. Tógadh é i Srón Darach idir an Barra Dubh agus Gleann Fleisce agus is ann atá sé ina chónaí go dtí an lá atá inniu ann. Ó bhí sé an-óg ba léir go raibh bua na caide aige agus chaith sé a óige ag imirt le Gleann Fleisce, áit ar chuir sé máistreacht ar a chuid scileanna.
Sa bhliain 1990 glaodh isteach ar fhoireann mhionúr Chiarraí é agus d’éirigh leis Craobh na Mumhan a bhuachan leo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh sa chluiche ceannais.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1992, d’imir Séamus le foireann a scoile Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, agus bhuaigh siad Corn Uí Ógáin tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Choláiste Iarlatha ó Thuaim, Contae na Gaillimhe, sa chluiche ceannais. Bhuaigh sé Craobh Faoi 20 na Mumhan le Ciarraí go gairid ina dhiaidh sin chomh maith.
Sa bhliain chéanna agus gan é ach 18 bliain d’aois, d’imir Séamus le foireann shinsear Chiarraí don chéad uair faoi stiúir Mickey Ned O’Sullivan a bhí ina bhainisteoir ag an am. Ba i lár na páirce a d’imir sé an chéad chluiche sin dá chontae in aghaidh an Chláir. B’in é an tús le 14 bliain ag imirt le Ciarraí.
Is iomaí rud a bhuaigh Séamus le linn an ama sin. Cé go raibh tréimhse dhúshlánach ag Ciarraí idir 1992 agus 1997, d’éirigh le Séamus ceithre cinn ar fad de Chraobhacha Uile-Éireann a bhuachan lena chontae sna blianta 1997, 2000, 2004 agus 2006. Bhuaigh sé naoi gcinn ar fad de Chraobhacha na Mumhan leo, chomh maith le trí cinn de shraitheanna náisiúnta Roinn 1 agus sraith naisiúnta amháin de chuid Roinn 2.
Ní leis an gcontae amháin a d’éirigh le Séamus comórtais agus coirn a bhuachan, dar ndóigh. D’éirigh leis trí cinn de Chraobhacha Chiarraí a bhuachan i ndiaidh a chéile le Ciarraí Thoir sna blianta 1997, 1998 agus 1999. Ceithre cinn ar fad de Chraobhacha Mhic Shíoghair a bhuaigh sé – péire le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, sna blianta 1994 agus 1995 agus péire le hInstitiúid Teicneolaíochta Thrá Lí sna blianta 1997 agus 1998. Cé a dhéanfadh dearmad ar an bhfoireann iontach sin a bhí ag an institiúid teicneolaíochta faoi stiúir Val Andrews agus leithéidí Mike Frank Russell, Pádraig Joyce, Jimmy McGuinness, Michael Donnellan agus Barry O’Shea ag imirt leo i measc daoine eile!
Bhuaigh Séamus Corn an Iarnróid le cúige Mumhan sa bhliain 1999 nuair a d‘éirigh leis an Mumhain an ceann is fearr a fháil ar Chonnachta sa chluiche ceannais ar scór 0-10 go dtí 0-07. Ba é Séamus féin a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann an lá sin.
Trí cinn ar fad de Ghradaim All-Star a bronnadh air mar aitheantas ar a chuid gaiscí ar an bpáirc imeartha sna blianta 1997, 2000 agus 2006.
D’éirigh Séamus as a bheith ag imirt lena chlub, Gleann Fleisce, sa deireadh thiar sa bhliain 2011. Áirítear é i measc na n-imreoirí is fearr a d’imir le Ciarraí riamh – agus insíonn sé sin a scéal féin!
Séamus Moynihan, Ciarraí, agus Alan Dillon, Maigh Eo, ag iarraidh seilbh a fháil ar an liathróid