Na Gaiscígh: Lee Keegan, Cathair na Mart agus Maigh Eo
Lee Keegan i seilbh na liathróide do Mhaigh Eo
Le Jamie Ó Tuama
Rugadh Lee Keegan i Maigh Eo i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1989. Cé gur i gCathair na Mart a bhí cónaí ar a thuismitheoirí ag an am, bhog an teaghlach chuig an gCabhán agus is ann a chaith sé an chéad deich mbliana eile nó mar sin dá shaol. D’fhill sé ar Chathair na Mart ina dhiaidh sin, mar sin féin, agus is ann atá sé ó shin.
Cé gur imir Lee peil ó bhí sé óg, imreoir an-chumasach rugbaí a bhí ann, freisin. D’fhág sé sin gur chaith sé go leor ama ag imirt rugbaí sna blianta tosaigh. An-imreoir a bhí ann agus níorbh fhada go bhfuair sé an glaoch ó Rugbaí Chonnacht le bheith mar chuid den acadamh rugbaí faoi aois a bhí ar bun ag an gcúige. Bhí sé chomh maith sin ag an rugbaí gur tairiscíodh conradh leath-ghairmiúil dó le Corinthians. Nuair a ghlaoigh Pat Holmes isteach ar fhoireann faoi 21 Mhaigh Eo é, mar sin féin, bhí cinneadh le déanamh ag Lee agus shocraigh sé gabháil leis an bpeil.
D’imir Lee le Maigh Eo ar feadh 12 bliain ar fad idir 2011 agus 2023 agus is iomaí gradam a bhuaigh sé leis an gcontae le linn an ama sin. Bhuaigh sé seacht gcinn ar fad de Chraobhacha Chonnacht sna blianta 2011, 2012, 2013, 2014, 2015, 2020 agus 2021 chomh maith le Roinn 1 den tSraith Náisiúnta sa bhliain 2019. Cé nár éirigh le Lee agus le peileadóirí Mhaigh Eo Corn Shomhairle Mhig Uidhir a thabhairt thar Sionainn le linn na tréimhse sin, d’imir sé i sé cinn ar fad de chraobhacha uile-Éireann leis an athimirt sa bhliain 2016 in aghaidh Átha Cliath san áireamh.
D’éirigh le Lee dhá Chraobh Idirmheánacha Chontae a bhuachan le Cathair na Mart sna blianta 2009 agus 2016 chomh maith le Craobh Shinsear sa bhliain 2022 – an chéad cheann i stair Chathair na Mart. Chuaigh sé cúpla céim níos faide leis an gclub idir 2016 agus 2017 nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnacht i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus nuair a bhuaigh sé Craobh Idirmheánach na hÉireann i mí Feabhra na bliana 2017. Fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Colmcille ón Mí sa chluiche ceannais ar scór 2-12 go dtí 3-08.
Cúig cinn ar fad de Ghradaim All-Star a bhuaigh Lee agus is é an t-imreoir leis an líon is mó Gradam All-Star riamh nár bhuaigh Corn Shomhairle Mhig Uidhir. Ba sna blianta 2012, 2013, 2015, 2016 agus 2021 a bronnadh na gradaim sin air. Vótáil a chomhimreoirí é mar Imreoir na Bliana de chuid CLG/Chumann na nImreoirí sa bhliain 2016 agus fuair sé ainmniúchán eile don ghradam sin sa bhliain 2021. Ar an mbarr sin, d’imir Lee ceithre huaire le foireann na hÉireann in aghaidh na hAstrála i Sraith na Rialacha Idirnáisiúnta agus bhí sé ina leaschaptaen orthu sa bhliain 2015. Insíonn sé sin uilig a scéal féin faoi Lee agus faoina chumas mar pheileadóir.
Is minc a thugtaí an jab crua do Lee Diarmuid Connolly a mharcáil nuair a d’imríodh Maigh Eo in aghaidh Átha Cliath agus bhí an-choimhlint idir an bheirt ghaiscíoch seo chuile uair a chastaí ar a chéile iad. Is cinnte go mbeidh caint ar na coimhlintí sin agus ar éachtaí Lee go deo.
Lee Keegan, Maigh Eo, á chur faoi bhrú anseo ag Colm Cooper, Ciarraí, thiar sa bhliain 2011