Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge
Kerry

Na Gaiscígh: Darragh Ó Sé, Cumann Caide na Gaeltachta agus Ciarraí

Áirítear Darragh Ó Sé i measc na bpeileadóirí is fearr lár páirce a d’imir an pheil Ghaelach riamh

Áirítear Darragh Ó Sé i measc na bpeileadóirí is fearr lár páirce a d’imir an pheil Ghaelach riamh

Le Jamie Ó Tuama

Bhí Darragh Ó Sé ar dhuine d’imreoirí a linne. Bhí sé ag an stiúir i lár na páirce ar feadh os cionn cúig bliana déag lena chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, agus lena chontae, Ciarraí. Le linn an ama sin, d’éirigh leis sé cinn ar fad de chraobhacha uile-Éireann a bhuachan le Ciarraí. D’éirigh leis Craobh na Mumhan a bhuachan lena chlub chomh maith le Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach leo, freisin.

Duine de cheathrar deartháireacha, rugadh agus tógadh Darragh in Ard an Bhóthair i nGaeltacht Chorca Dhuibhne sa bhliain 1975. Bhí an ‘chaid’ go smior ann ón gcéad lá agus é ina chónaí béal dorais lena uncail Páidí a bhuaigh ocht gcinn ar fad de chraobhacha uile-Éireann le linn ré órga na peile Gaelaí i gCiarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí.

Bhí Páidí ina bhainisteoir buacach ar Chiarraí ina dhiaidh sin agus bhí beirt dá chuid mac dearthár ar an bhfoireann – Darragh agus Tomás. Cúig cinn ar fad de chraobhacha uile-Éireann a bhuaigh an deartháir eile, Marc, le Ciarraí. D’imir deartháir eile Dharragh, Feargal, le foirne faoi aois Chiarraí, freisin, ach bhí air éirí as agus é óg de bharr gortaithe. Is iomaí lá a chaith Darragh ag cleachtadh a chuid scileanna peile lena dheartháireacha agus é óg in Ard an Bhóthar agus, dar ndóigh, lena chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, i nGallaras. Nach tráthúil go raibh an ceathrar acu ar an bhfoireann a chuaigh a fhad le Cluiche Ceannais na hÉireann sa bhliain 2004.

D’imir Darragh 81 cluiche craoibhe ar fad le Ciarraí idir na blianta 1994 agus 2009 agus d’imir sé 95 cluiche ar fad sa tsraith. 1-31 ar fad a d’aimsigh sé sa chraobh le linn an ama sin agus 1-26 ar fad a d’aimsigh an fear lár páirce sa tsraith. Sé cinn ar fad de chraobhacha uile-Éireann a bhuaigh sé chomh maith le naoi gcinn de chraobhacha na Mumhan. Bhuaigh sé trí cinn de shraitheanna náisiúnta le linn an ama sin, freisin, agus bronnadh ceithre cinn de Ghradaim All-Star air mar aitheantas ar a chuid gaiscí ar an bpáirc imeartha.

Bhuaigh Ó Sé Craobh na Mumhan lena chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, agus cé go raibh briseadh croí in ann dó in aghaidh na Cealtraí ó Ghaillimh, d’éirigh leo Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach sa bhliain 2024.

D’imir Ó Sé le mionúir agus le foireann f21 Chiarraí chomh maith agus bhuaigh sé Corn Uí Thrínsigh le DIT sa bhliain 1995. Bhuaigh sé bonn uile-Éireann an bhliain chéanna le foireann f21 Chiarraí nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Mhaigh Eo tar éis athimeartha.

Bhuaigh sé bonn eile f21 an bhliain dar gcionn nuair a fuair Ciarraí an ceann is fearr ar an gCabhán sa chluiche ceannais. Bhuaigh sé Corn an Iarnróid le cúige Mumhan sa bhliain 1999 agus bhuaigh sé bonn buacach le hÉirinn sna rialacha idirnáisiúnta in aghaidh na hAstrála sa bhliain 2001.

Áirítear Darragh Ó Sé i measc na bpeileadóirí is fearr lár páirce a d’imir an pheil Ghaelach riamh.

Darragh in éineacht le Roibeard Mac Gearailt i ngeansaí Chumann Caide na Gaeltachta

Darragh in éineacht le Roibeard Mac Gearailt i ngeansaí Chumann Caide na Gaeltachta