Na Gaiscígh: Colm Cooper, Na Crócaigh agus Ciarraí
Áirítear Colm i measc na dtosaithe is fearr a d’imir an pheil Ghaelach riamh.
Le Jamie Ó Tuama
Rugadh agus tógadh Colm Cooper i gCill Airne i gcontae Chiarraí. Ó bhí sé an-óg rinne a athair cinnte go raibh sé sáite agus báite sa pheil Ghaelach, díreach mar a bhí a chuid gasúr eile. Bhí sé soiléir ó aois óg go raibh bua na peile ag Colm agus go raibh an-tallann aige.
Leagadh suntas ar leith i dtaispeántais Choilm lena chlub, Na Crócaigh, rud a chinntigh go bhfuair sé an glaoch isteach ar phainéal mionúr an chontae. Bhi sé ag imirt le foireann shinsear an chlub ag an am. Bhuaigh sé Craobh Mhionúr na Mumhan le Ciarraí sa bhliain 2001 agus bhuaigh sé Craobh faoi 21 na Mumhan leo an bhliain ina dhiaidh sin.
D’imir Colm le foireann shinsear Chiarraí don chéad uair sa bhliain 2002 agus gan é ach ocht mbliana déag d’aois. Ba in aghaidh Laoise a bhí siad sa chluiche sin – Cluiche Ceannais Roinn 2 den tsraith náisiúnta – agus d’aimsigh sé 1-02. Páidí Ó Sé a bhí mar bhainisteoir ar Chiarraí ag an am. Chaith Colm cúig bliana déag ar fad ag imirt le Ciarraí agus is cinnte gur fhág sé a rian ar an bpeil Ghaelach le linn an ama sin.
Cúig cinn ar fad de Chraobhacha Uile-Éireann a bhuaigh ‘Gooch’ le Ciarraí – sna blianta 2004, 2006, 2007, 2009 agus 2014. Naoi gcinn ar fad de Chraobhacha na Mumhan a bhuaigh sé, freisin, chomh maith le ceithre cinn de shraitheanna náisiúnta – trí cinn de chuid Roinn 1 agus ceann amháin de chuid Roinn 2.
Ní leis an gcontae amháin a bhí rath ar ‘Gooch’ le linn a chuid laethanta imeartha, dar ndóigh. D’éirigh leis na Crócaigh ocht gcinn ar fad de Chraobhacha Chiarraí agus sé cinn de Chraobhacha na Mumhan a bhuachan le Colm ar an bhfoireann. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag nuair a bhuaigh sé a chéad Chraobh Chontae sa bhliain 2000 agus a cheathrar deartháireacha - Vince, Mike, Mark, agus Danny – ar an bpainéal in éineacht leis.
Tháinig buaicphointe a shaoil imeartha leis na Crócaigh ar Lá Phádraig na bliana 2017, nuair a d’éirigh leis na Ciarraígh an ceann is fearr a fháil ar Shleacht Neill ó Dhoire i gCluiche Ceannais na hÉireann ar scór 1-09 go dtí 1-07. Thug an bua sin an-sásamh do Cholm agus do lucht na gCrócach go háirithe agus cluiche ceannais na bliana 2007 caillte acu in aghaidh Raonaithe na Croise tar éis athimeartha.
Is iomaí gradam aonair a bhuaigh Colm, freisin. Bronnadh ocht gcinn de Ghradaim All-Star air mar aitheantas ar a chuid gaiscí ar an bpáirc imeartha sna blianta 2002, 2004, 2005, 2007, 2008, 2010, 2011, 2013.
D’imir sé le foireann na hÉireann i Sraith na Rialacha Idirnáisiúnta in aghaidh na hAstráile sa bhiain 2005 agus roimhe sin d’imir sé le cúige Mumhan i gCorn an Iarnróid sna blianta 2002 agus 2004.
De réir an tseanchais, ba é iarchúl báire Chiarraí, Peter O’Brien, a bhaist an leasainm ‘Gooch’ ar Cholm de bharr gur cheap sé gur bhreathnaigh an tseanbhábóg Goochie, a bhí coitianta go leor sna hochtóidí, cosúil le Colm. D’fhan an leasainm leis go dtí an lá atá inniu ann.
Áirítear Colm i measc na dtosaithe is fearr a d’imir an pheil Ghaelach riamh.
Colm Cooper tar éis dó cúl a scóráil in aghaidh Mhaigh Eo i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann sa bhliain 2004