Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge
Mayo

Na Gaiscígh: Anthony Finnerty – Maigh Ghabhnach agus Maigh Eo

Laoch agus gaiscíoch mór é Anthony Finnerty de chuid Mhaigh Eo i gcónaí

Laoch agus gaiscíoch mór é Anthony Finnerty de chuid Mhaigh Eo i gcónaí

Le Jamie Ó Tuama

Rugadh agus tógadh Anthony Finnerty sa Charn i bparóiste Mhaigh Ghabhnach i gcontae Mhaigh Eo. Bhain sé cáil náisiúnta amach de bharr a chuid taispeántas ar an bpáirc imeartha do Mhaigh Eo mar lántosaí ar dheis agus is ann a d’imir sé lena chontae den chuid is mó idir na blianta 1986 agus 1996. Is minic a d’fheictí é ag uimhir 14 i ndathanna Mhaigh Ghabhnach agus na Ceathrú Rua (níos faide anonn) freisin, mar sin féin.

D’eirigh le Anthony cúig cinn ar fad de Chraobhacha Chonnacht a bhuachan le linn an ama sin le Maigh Eo – sna blianta 1988, 1989, 1992, 1993 agus 1996 agus d’imir sé i dhá cheann de chluichí ceannais uile-Éireann – sa bhliain 1989 in aghaidh Chorcaí agus i 1996 in aghaidh na Mí. Ba é Anthony a d’aimsigh an t-aon chúl amháin a aimsíodh i gcluiche ceannais 1989 in aghaidh na gCorcaíoch.

Bhog sé go contae na Gaillimhe thart ar an am sin, áit ar chaith sé seal ag imirt leis an gCeathrú Rua sa dara leath de na nóchaidí. Dar ndóigh, bhuaigh sé Craobh an Chontae lena chlub nua sa bhliain 1996 – agus bhuaigh sé Corn Sigerson le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an bhliain chéanna. Bhí sé mar chuid den fhoireann a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta an bhliain ina dhiaidh sin, 1997, nuair a eagraíodh an Comórtas ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorca Dhuibhne sa chluiche ceannais.

Tá Anthony ag cur faoi anois i mBóthar na Trá ar imeall chathair na Gaillimhe, áit a bhfuil a chuid gasúr ag imirt leis an gclub áitiúil Bóthar na Trá Cnoc na Cathrach. Tá go leor ama caite aige ag cóitseáil sa chlub ó shin. Bhí sé mar bhainisteoir ar fhoireann a mhic, Robert, suas chomh fada le grád na mionúr agus bhí an-bhród air nuair a d’imir cúigear ar fad ón bhfoireann sin le Gaillimh in aghaidh Chiarraí i gCluiche Ceannais Mionúr na hÉireann sa bhliain 2016.

Bhí sé mar chuid d’fhoireann bhainistíochta fhoireann ban Bhóthar na Trá Cnoc na Cathrach a bhuaigh Cluiche Ceannais Sóisear na hÉireann in aghaidh Naomh Abán, Corcaigh, sa bhliain 2022. Bhí a iníon Ailbhe ina captaen ar an bhfoireann an lá sin. Chaith sé cúpla bliain ina bhainisteoir ar fhoireann na bhfear leis an gclub, freisin.

Tá a mhac Robert ag imirt le Gaillimh ó 2019 i leith agus tá ceithre cinn de Chraobhacha Chonnacht buaite aige le linn an ama sin. Bronnadh Gradam All-Star air sa bhliain 2024 mar aitheantas ar a chuid éachtaí ar an bpáirc imeartha. Ní ón ngaoth a thóg sé é!

Cé gur i nGaillimh atá Anthony le fada, níor fhág Maigh Eo a chroí riamh agus ní bhíonn leisce air riamh sin a chur in iúl. Mar a deir an seanfhocal ‘briseann an dúchas tríú shúile an Chait’.

Laoch agus gaiscíoch mór é Anthony de chuid Mhaigh Eo i gcónaí.

Anthony ag tabhairt aghaidhe ar chúl Chorcaí i gCluiche Ceannais na bliana 1989

Anthony ag tabhairt aghaidhe ar chúl Chorcaí i gCluiche Ceannais na bliana 1989