Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Na Conallaigh ag ceiliúradh tar éis Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026

Gaoth Dobhair - Buaiteoirí Chraobh Shinsear na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026

Gaoth Dobhair - Buaiteoirí Chraobh Shinsear na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026

Le Jamie Ó Tuama

Is iad na Conallaigh atá ag ceiliúradh tar éis Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 agus na cúig chraobh buaite ag clubanna Gaeltachta de chuid Dhún na nGall.

Chonaic muid gur éirigh le mná Naomh Columba an ceann is fearr a fháil ar mhná Naomh Anna Leitir Móir ar an Domhnach sa chomórtas idirmheánach agus lean an fhoireann baile, Cill Chartha, an t-éacht sin nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr ar Chlann na nGael ón Mí le Craobh Shóisear na mBan a thabhairt leo ar scór 2-05 go dtí 0-06.

I gCraobh Shinsear na mBan, d’imir an Tearmann, Dún na nGall, in aghaidh Bhaile Chláir na Gaillimhe, Gaillimh, agus bhí bua trí chúilín le spáráil acu ar a gcéilí comhraic. Bhí Gearóidín Nic Lochlainn thar cinn do na Conallaigh. Scór deiridh: An Tearmann 1-10 Baile Chláir na Gaillimhe 0-10.

I gCraobh Shóisear na bhFear, thug Tuar Mhic Éadaigh ó Mhaigh Eo agus Gaeil Fhánada ó Dhún na nGall aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais. Bhí tús iontach ag Tuar Mhic Éadaigh agus bhí siad i bhfad chun tosaigh ar scór 2-08 go dtí 0-04 ag an mbriseadh a bhuíochas ach go háirithe le ceithre shábháil iontacha óna gcúl báire, Lee Ó Tuathaláin Mac Sheoinín.

Scéal dhá leithe a bhí ann mar sin féin, agus tháinig Gaeil Fhánada amach go láidir sa dara leath agus iad ag imirt le cóir na gaoithe. D’éirigh leo 2-05 a aimsiú gan fhreagra óna gcéile comhraic agus bhí siad cúilín chun tosaigh ar chlár na scór. D’fhan siad chun tosaigh agus bhí bua compordach acu sa deireadh. Scór deiridh: 2-18 go dtí 3-09.

Maidir le Craobh Shinsear na bhFear ba iad Bhulf Tón na Mí, buaiteoirí 2025, a bhí ag imirt in aghaidh Ghaoth Dobhair ó Dhún na nGall. Bhí tús maith ag club na Mí agus iad ag imirt le cóir na gaoithe. Níorbh fhada go raibh siad chun tosaigh ar scór 1-04 go dtí 0-03 agus scór dhá phointe ó imreoir na Mí, Adam O’Neill, san áireamh. Chríochnaigh na Conallaigh an leath go láidir mar sin féin agus nuair a d’aimsigh Adam Mac Íomhair cúl d’fhoireann na gConallach bhí an bhearna dúnta. Scór leath ama: Bhulf Tón 1-06 Gaoth Dobhair 1-05.

Agus iad ag imirt leis an ngaoth sa dara leath, d’éirigh le Gaoth Dobhair an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic agus choinnigh siad clár na scór ag bogadh a bhuíochas d’Éthan Ó hEarcáin ach go háirithe. 0-05 ar fad a d’aimsigh sé sa chluiche ar fad leis an mbua a fháil do Ghaoth Dobhair. Scór deiridh: Gaoth Dobhair 2-13 Bhulf Tón 1-09.

Torthaí Chluichí Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026

Comórtas Sóisear na bhFear

Cluichí Ceathrú Ceannais

Naomh Pádraig An Fhairche 2-19 Clann na nGael 4-12

Na Gaeil Óga 3-22 An Seanphobal 0-02

Tuar Mhic Éadaigh 2-19 Laochra Loch Lao 0-07

Gaeil Fhánada 1-15 Lios Póil 0-15

Cluichí Leathcheannais

Tuar Mhic Éadaigh 1-15 Na Gaeil Óga 1-06

Gaeil Fhánada 2-11 Naomh Pádraig An Fhairche 0-10

Cluiche Ceannais

Gaeil Fhánada 2-18 Tuar Mhic Éadaigh 3-09

Comórtas Sóisear na mBan

Cluichí Ceathrú Ceannais

Cill Chartha 9-17 Na Gaeil Óga 2-04

Clann na nGael 2-06 Carna Caiseal 2-03

Cluichí Leathcheannais

Cill Chartha 8-10 agus Laochra Loch Lao 3-03

Clann na nGael 4-10 Tuar Mhic Éadaigh 3-07

Cluiche Ceannais

Cill Chartha 2-05 Clann na nGael 1-06

Comórtas Idirmheánach na mBan

Cluiche Ceannais

Naomh Columba 2-08 Naomh Anna Leitir Móir 2-06

Comórtas Sinsear na mBan

Cluiche Ceannais

An Tearmann 1-10 Baile Chláir na Gaillimhe 0-10

Comórtas Sinsear na bhFear

Réamhbhabhta

Gaoth Dobhair 1-16 agus Cill tSéadhna 0-08

Cluichí Ceathrú Ceannais

Naomh Abán 2-13 Cumann Caide na Gaeltachta 0-12

Bhulf Tón 1-25 An Rinn 1-10

Gaoth Dobhair 4-17 Maigh Cuilinn 2-14

Cluichí Leathcheannais

Bhulf Tón 1-16 Naomh Abán 1-10

Gaoth Dobhair 1-20 Cill Chartha 0-20

Cluiche Ceannais

Gaoth Dobhair 2-13 Bhulf Tón 1-09