Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Mórshuirbhé Choiste Athbhreithnithe an Stádais Amaitéaraigh

Stádas amaitéarach CLG faoi chaibidil i mórshuirbhé

Stádas amaitéarach CLG faoi chaibidil i mórshuirbhé

Tá Coiste Athbhreithnithe an Stádais Amaitéaraigh, Cumann Lúthchleas Gael, ag tabhairt faoi mhórshuirbhé faoi láthair atá dírithe ar bhaill uile an Chumainn maidir lena stádas amaitéarach.

Chuir Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, an coiste seo ar bun i mí an Mhárta 2024 faoi stiúir an iarimreora idirchontae de chuid Dhoire, An tOllamh David Hassan. Ó shin i leith, tá siad ag breathnú ar an eolas uilig atá ar fáil agus ar thuarascálacha a rinneadh le blianta beaga anuas maidir leis an gceist seo. Tá siad ag breathnú ar na príomhdhúshláin atá amach romhainn mar Chumann maidir le caomhnú an bhunluacha fhíorthábhachtaigh seo.

Ag eascairt as cur i láthair a cuireadh os comhair Choiste Bainistíochta CLG, aontaíodh go ndéanfaí suirbhé cuimsitheach ar bhaill an Chumainn le tuairimí na cosmhuintire a fháil. I measc an iliomad réimsí éagsúla atá clúdaithe anseo, iarrtar ar lucht líonta an tsuirbhé an mbeadh siad i bhfabhar aonaid nua mhaoirseachta le tabhairt faoi chúrsaí rialachais agus le déanamh cinnte go bhfuil stádas amaitéarach an Chumainn á chur i bhfeidhm mar is ceart.

Tugtar cuireadh do bhaill moltaí a chur ar aghaidh tríd an suirbhé maidir leis na bealaí is fearr chun an stádas amaitéarach a chosaint. Iarrtar chomh maith orthu an mbeadh siad i bhfabhar liúntais nua aontaithe do bhainisteoirí idirchontae agus ar chóir go mbeadh an múnla costaisí á chur i bhfeidhm níos doichte.

Déanfaidh an coiste plé agus machnamh, freisin, ar aiseolas maidir leis an líon uaireanta an chloig ar chóir d’imreoirí idirchontae a bheith ag caitheamh le foirne idirchontae gach seachtain, maidir leis an méid ama ar chóir a bheith ann do ‘shéasúr dúnta’ agus maidir leis na campaí traenála thar lear a bhíonn ar siúl ag cuid de na foirne idirchontae gach bliain.

Nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin seo, ar a bhfuil 25 Iúil luaite mar spriocdháta aige, thart beidh lucht Choiste Athbhreithnithe an Stádais Amaitéaraigh ag tuairisciú ar ais don Ard-Chomhairle ag tús an fhómhair le tacaíocht a lorg dá gcuid moltaí. D’fhéadfaí go mbeadh cuid de na moltaí ag gabháil os comhair na Comhdhála Speisialta níos déanaí sa bhliain agus an chuid eile á gcur os comhair Chomhdháil Bhliantúil 2026.

Is féidir an suirbhé a líonadh isteach ANSEO