Mar a shábháil dífhibrileoir de chuid CLG Naomh Maur páiste Gaelscoile
Tim Ó Tuachaigh, Príomhoide Ghaelscoil Ros Eo
Le Jamie Ó Tuama
Sheol Cumann Lúthchleas Gael a gclár ‘Community Heart’ nó ‘Croí an Phobail’ le cúpla mí anuas. Tar éis dóibh suirbhé a dhéanamh ar chlubanna de chuid an Chumainn fuarthas amach go raibh 42 duine beo i bpobail éagsúla ar fud na tíre a bhuíochas do dhífhibrileoirí a bheith i seilbh clubanna de chuid CLG.
Tá Cumann Lúthchleas Gael ag moladh dá chuid clubanna a dhéanamh cinnte go bhfuil dífhibrileoirí acu agus go bhfuil siad ag feidhmiú mar is ceart. Mar chuid den chlár seo molann an Cumann do chlubanna feidhmiú de réir ‘A.C.T.’ – ‘Accessible’, a dhéanamh cinnte go bhfuil sé éasca teacht ar an dífhibrileoir sa chlub, ‘Charged’, a dhéanamh cinnte go bhfuil sé lochtaithe agus ag feidhmiú i gceart agus ‘Trained’, a dhéanamh cinnte go bhfuil daoine oillte in úsáid dífhibrileoirí.
Tríd an gclár ‘Croí an Phobail’ seo tá clubanna de chuid CLG in ann airgead a bhailiú le dífhibrileoir nó ‘AED’ a cheannach don chlub. Tá na dífhibrileoirí áirithe seo ceangailte leis an idirlín trí na fóin phóca. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an ‘ríomhaire’ féin sna dífhibrileoirí in ann scéal a chur chuig seoltaí ríomhphoist áirithe de chuid choiste an chlub ag tabhairt le fios go bhfuil fadhb le leithéidí na cadhnraí nó na pillíní, mar shampla.
Tá lascaine €995 le fáil tríd an gclár seo le dífhibrileoir a cheannach don chub. Is faoin gclub atá sé an 2,150 eile a bhailiú. Cuirfidh páirtnéirí CLG sa scéim seo, ‘Heart Safety Solution’, an dífhibrileoir ar fáil ina dhiaidh sin.
Níl aon amhras faoi ach go bhfuil dífhibrileoirí á stóráil i gclubanna le tamall fada ar fud an domhain nar úsáideadh riamh. Rud maith, dar ndóigh, go bhfuil dífhibrileoirí acu ach, mar sin féin, moltar do chlubanna a dhéanamh cinnte go bhfuil a gcuid dífhribrileoirí ag feidhmiú i gceart de bharr nach maireann siad ach méid áiríthe blianta.
Ní oibreodh go leor dífhibrileoirí tar éis deich mbliana, mar shampla, agus bíonn gá le ceann nua a fháil tar éis méid áirithe blianta. Is í teachtaireacht an chláir seo ná a bheith réidh d’am an ghátair.
Tháinig am an ghátair féin do scoil amháin i dTuaiceart Átha Cliath roinnt blianta ó shin nuair a shábháil dífhibrileoir CLG Naomh Maur sa Ros páiste ó Ghaelscoil Ros Eo. Labhair GAA.ie le príomhoide na scoile sin, Tim Ó Tuachaigh, a bhí lárnach i saol an pháiste sin shábháil, an tseachtain seo. Roinn sé a scéal linn.
'Ar 14 Mean Fómhair a tharla sé’, a deir Tim. 'Am lóin agus bhí na daltaí amuigh sa chlós. Bhí siad roinnte sa scoil. Bíonn an taobh sinsir ar thaobh amháin agus bíonn an taobh sóisir ar an taobh eile. An múinteoir a bhí le bheith ar an gclós an lá sin, b’in é an chéad chlós a rinne sí riamh.'
Bhí an múinteoir nua amhrasach faoin gclós agus bhí go leor ceisteanna aici ar na múinteoirí eile faoin méid a thiteadh amach ar an gclós go hiondúil. Nuair a míníodh di gurbh é an clós sinsearach a bheadh faoina cúram an lá sin aontaíodh nach mbeadh aon fhadhb ann. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach, agus ní gnáthlá a bhí i ndán do mhuintir Ghaelscoil Ros Eo an lá sin.
'Bhí mise istigh sa seomra foirne agus tháinig an gasúr seo chugam ag rá go raibh mé ag teastáil sa gclós ón múinteoir. Chuaigh mé amach ar an gclós agus bhí an múinteoir cromtha síos os cionn an bhuachalla seo, i Rang 4 aois a 9 ceapaim ag an am.
'Bhí sé sínte ar an dtalamh. Bhí sise cromtha síos os a chionn agus nuair a tháinig mé amach d’fhéach sí orm. Bhí a fhios agam go raibh sí an-bhuartha faoi rudaí. Bhí na daltaí eile sa chlós agus ní raibh rudaí mar a bhíodh siad de ghnáth.'
CLG Naomh Maur agus Gaelscoil Ros Eo buailte ar a chéile
Thuig Tim agus foireann na scoile nach raibh rudaí ceart agus thosaigh siad ag díriú ar an bpáiste a thabhairt slán.
'Ghlan muid an clós. Bhí an páiste fós ag luí ar an talamh agus ní raibh a fhios againn céard a tharla dó. Ní raibh a fhios ag aoinne. Chuir muid ceist ar na daltaí eile agus ní raibh a fhios ag aoinne.
'An t-aon scéal a tháinig ar ais chugainn ná gur dhúirt dalta amháin linn gur dhúirt sé gur mhothaigh sé trom agus leis sin gur thit sé ar an talamh. Bhíomar ag ceapadh ag an am go bhfuair sé drochbhuille uafásach sa cheann nó rud mar sin, mar ní raibh sé ina dhúiseacht. Bhí sé leagtha amach is dócha ag an bpointe seo agus an rud a bhí ann ná go raibh sé ag análú, ach ní raibh an t-análú go maith aige.
'Ní raibh rudaí mar ba chóir a bheith agus, i ndáiríre, ní raibh cliú againn céard a tharla. Ghlaomar ar ‘999’ agus thosaíomar, dáiríre, ag obair ar CPR air. Ní raibh a fhios againn céard eile a bhí le déanamh. B’in an t-aon rud a raibh muid in ann smaoineamh air.
'Bhíomar, thart ar chúigear againn, timpeall ar an bpáiste ag tabhairt an CPR dó. Ní cuimhin liom é a rá, ach dúirt na múinteoirí liom go ndúirt mé leo an defib a fháil ag an bpointe sin.
'Bhí a fhios againn go raibh defib ag Naomh Maur. Tá an scoil ar thalamh CLG Naomh Maur. Bhí a fhios againn go raibh defib ar crochadh istigh ansin. Rith an múinteoir isteach agus fuair sí an defib. Chuireamar ar an mbuachaill é agus rinne an defib an jab.'
Cuireann Tim síos ar an éascaíocht a bhaineann leis an dífhibrileoir a úsáid.
'Tá an defib an-éasca a úsáid', a deir Tim. 'Bhí cinn feicthe againn ach ní raibh mé riamh tar éis ceann a úsáid roimh an lá sin. Osclaíonn tú é. Cuireann tú ar siúl é. Tosaíonn sé ag caint leat. Éisteann tú leis agus leanann tú na treoracha. Tá sé an-éasca a úsáid.
'Ar an lá sin, ba é an defib an t-aon rud a bhí ag teastáil ón bpáiste sin. Gan é bheadh toradh an-difriúil ar an scéal. Shábháil sé an buachaill. Níl aon rud eile ar domhan a dhéanfadh an jab céanna is a rinne an defib. Gan é bheadh fadhb uafásach againn.'
Maidir leis an ngéarghá a bhaineann le dífhibrileoirí a bheith in áiteanna a bhfuil fáil éasca ag an bpobal orthu, deir Tim nach fiú dífhibrileoirí a bheith ag club nó ag aon dream eile más i bhfolach ón bpobal atá siad. Labhair sé, freisin, faoin tábhacht a bhaineann le seirbhís nó tástáil rialta a dhéanamh orthu.
'An rud a bhí ann le Naomh Maur, bhí sé sa foyer acu sa chlub, sa halla sula dtéann tú isteach. Bhí sé díreach ansin os do chomhair amach. Bhí duine ar bith in ann gabháil isteach ann agus é a fháil.
'Fuaireamar dhá defib ina dhiaidh sin agus is éard a dhéanann muidne leis an defib sa scoil ná go gcuireann muid fógra suas ag taispeáint cá bhfuil sé agus is féidir dul isteach air.
'Uaireanta faigheann daoine iad agus cuireann siad i bhfolach nó i dtaisce iad i seomra nó i gcófra faoi ghlas ionas go mbeadh siad slán sábhailte don lá a bheadh siad ag teastáil, ach, mara bhfuil duine ann le heochair don chófra nó don seomra sin níl aon mhaitheas leis sin. Caithfidh siad a bheith ar fáil go héasca.'
Maidir leis an tábhacht a bhaineann le dífhibrileoirí a bheith ag feidhmiú agus ag obair i gceart deir Tim:
'Níl mórán maitheasa dul ann agus an t-inneall a bhailiú mura bhfuil sé ag obair i gceart. Mara raibh sé sin ag obair i gceart an lá sin a bhí againn bheadh toradh iomlán difriúil ar an lá sin dúinne.'
Ambasadóir an Chláir, Community Heart, Neil McManus
Déanann Tim cinnte go bhfuil cleachtadh ag a fhoireann ar na dífhibrileoirí ar fhaitíos go dtitfeadh an crú ar an tairne agus go mbeadh siad ag teastáil. Deir sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh cleachtadh ag daoine ar a n-úsáid.
'Rud eile, agus seo an rud a dhéanann muidne leis an gceann atá againn', a deir Tim. 'Ní rabhamar tar éis é a úsáid roimh an lá a tharla an eachtra. Ní raibh aoinne againn tar éis ceann a úsáid. Bhí siad feicthe againn. Bhí muid tar éis a bheith ar chúrsaí garchabhrach is mar sin ach, dáiríre, ní raibh ceann úsáidte againn.
'Dá dtarlódh sé go mbeadh sé ag teastáil arís ní bheadh an t-imní céanna ag daoine an t-inneall a úsáid.'
Shocraigh Tim seicliosta a chur le chéile agus tá sé anois mar dhualgas ag múinteoir difriúil gabháil tríd an seicliosta sin gach seachtain le cinntiú go bhfuil an dífhibrileoir ag obair i gceart.
'Thosaíomar ar nós a fuair me ó fhear dóiteáin, duine de na tuismitheoirí sa scoil,' a deir Tim. 'Thaispeáin sé dom seicliosta agus ar an seicliosta tá ceisteanna cosúil le ‘an bhfuil na soilse ar lasadh?’, ‘an bhfuil gach píosa den trealamh sa mála ar chóir a bheith ann?, nuair a chuireann tú ar siúl é an dtosaíonn sé ag caint leat?
'Leis an seicliosta seo bíonn dualgas ar dhuine sa seomra foirne seiceáil a dhéanamh ar na defibs. Caithfidh an duine sin dul síos tríd an liosta leis an defib agus féachaint. Brúnn siad na cnaipí. Cuireann siad ar siúl e. Féachann siad an bhfuil na cadhnraí ann. An bhfuil na soilse ag preabadh mar is cóir srl…
'Tá na múinteoirí tar éis é a láimhseáil agus déanann sé sin an-difear. Tá a fhios agat nuair a osclaíonn tú é go bhfuil sé chun labhairt leat. Tá an siosúr seo ann. Tá an rásúr seo ann. Seo an áit a bhfuil na pads má bhíonn ort iad a chur ar aoinne.
'Déanann sé difear. Déanann sé an-difear agus anois sa scoil, agus ní hé go bhfuil aoinne ag iarraidh é a úsáid arís, ach chuirfeadh sé an-ionadh orm dá mbeadh fadhb ag duine éigin ar an bhfoireann é a úsáid mar tá siad théis é a láimhseáil chomh minic sin nach rud úrnua é.'
Maidir leis an bpáiste féin bhí deireadh sona leis an scéal seo a bhuíochas don dífhibrileoir agus tá an-dul chun cinn déanta aige ó shin i leith. Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh brionglóidí an pháiste chéanna á bhfíorú agus é ag imirt leis an scoil i bPáirc an Chrócaigh i gCluiche Ceannais na mBunscoileanna.
'D’éirigh leis an scoil imeacht chomh fada leis an gCraobh. Níor éirigh linn sa chraobh ach bhí muid sa chraobh agus fuair an fear seo deis imirt i bPáirc an Chrócaigh. Bhí sé sin iontach.
'An buachaill féin, bhí se an-spórtúil roimhe seo. Bhíodh sé ag snámh. Bhíodh sé ag rith.…peil, iomáint gach rud. Ag an tús ní raibh cead aige rud ar bith a dhéanamh ach diaidh ar ndiaidh tá sé ar ais agus ag déanamh na rudaí seo.
'Bhí sé iontach. Bhí duine éicint ag féachaint orainn an lá sin gur éirigh linn dul chomh fada leis an gcraobh agus go bhfuair an fear seo deis dul amach ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí sé sin iontach.'
Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gclár seo ‘Community Heart’, gabh chuig an nasc seo a leanas. Dar ndóigh cuireadh an nasc seo chuig gach rúnaí club. https://savealife.communityheartprogram.com/gaa.