Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Leabhrán an Réiteora Óig ar fáil anois

Seoladh Leabhrán an Réiteora Óig ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le gairid

Seoladh Leabhrán an Réiteora Óig ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le gairid

Seoladh 'Leabhrán an Réiteora Óig' ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le gairid ar an lá céanna a fógraíodh Seán O'Shea mar Ambasadóir Gaeilge CLG do 2024.

Achmhainn luachmhar é seo do lucht bunscoile agus dóibh siúd atá i mblianta tosaigh na meánscoile atá ag smaoineamh tabhairt faoin réiteoireacht. Tá gach uile chineál nath cainte le fáil sa leabhrán ó 'lámh ar dhroim', go 'dhá phreab' go 'camán a chaitheamh'.

Ar an mbarr sin tá agallamh ann le réiteoir óg, cuardach focal, liosta de na téarmaí uilig a bhaineann le feisteas an réiteora agus go leor eile. Tá an leabhrán seo úsáideach, ach go háirithe, do réiteoirí óga Gaeltachta agus Gaelscoile.

Is féidir Leabhrán an Réiteora Óig a íoslódáil anseo thíos. Ba iad Coiste Náisiúnta Gaeilge a chuir le chéile.