Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Iarlaith Ó Broin le bheith ina 41ú hUachtarán de chuid Chumann Lúthchleas Gael

Iarlaith Ó Broin tar éis gur toghadh é mar Uachtarán Tofa Chumann Lúthchleas Gael é ag Comhdháil Bhliantúil 2023 i bPáirc an Chrócaigh. 

Iarlaith Ó Broin tar éis gur toghadh é mar Uachtarán Tofa Chumann Lúthchleas Gael é ag Comhdháil Bhliantúil 2023 i bPáirc an Chrócaigh. 

Cuirfear tús le ré Iarlatha Uí Bhroin mar 41ú hUachtarán de chuid CLG nuair a thagann sé i gcomharbacht ar Labhrás Mac Carthaigh, Nua-Eabhrac, ag Comhdháil Bhliantúil CLG in Óstán an Canal Court in Iúr Cinn Trá Dé Sathairn seo chugainn, 24 Feabhra, 2024.

Is ball é Iarlaith de chuid CLG Bhéal Átha an Airgid in Ard Mhacha, a shaothraigh go cumasach thar ceann a chlub, a chontae agus a chúige ar an bpáirc imeartha agus amuigh ón bpáirc imeartha i gcónaí.

Bhí sé ina rúnaí ar a chlub féin ag an am a toghadh agus a insealbhaíodh é agus bhí an iliomad rólanna éagsúla aige leis an gclub céanna thar na blianta. Leanfaidh sé leis ina ról mar rúnaí club le linn a thréimhse Uachtarántachta.

Ar an bpáirc imeartha, d’imir Iarlaith le hArd Mhacha ar feadh 13 bliain. D’imir sé i lár na páirce agus bhí sé ina chaptean nuair a bhuaigh siad Craobh Shinsear Uladh sa bhliain 1999 – an chéad uair dóibh Corn an Anglo Celt a bhuachan ó 1982 i leith. Roimhe sin, d’imir sé le foireann Naomh Muire a bhuaigh Corn Sigerson sa bhliain 1989. Le linn a leathanta scoile, d’fhreastail sé ar Choláiste Cholmáin, Iúr Cinn Trá, áit ar mhúin duine de bhunaitheoirí Chumann Lúthchleas Gael, Micheál Cíosóg, ar feadh seal dá shaol sular bunaíodh an Cumann.

Le linn dó a bheith ina riarthóir náisiúnta, chaith Iarlaith seal ina Chathaoirleach ar chéad Choiste na nImreoirí sa bhliain 2000 agus bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Comórtha 125 bliain de CLG a bheith ar an bhfód sa bhliain 2009. Bhí sé ina thoscaire Ard-Chomhairle thar ceann Ard Mhacha chomh maith le bheith ina bhall de chuid Choiste Leighis agus Eolaíochta CLG, de chuid an Ghrúpa um Láithriú Páirce agus de chuid an Bhuanchoiste um Rialacha Imeartha.

Tá sé an-tugtha do Scór agus don Ghaeilge agus chaith sé na blianta ina chomhthráchtaire iomráiteach le TG4. Múinteoir meánscoile é Iarlaith agus le linn a ré mar Phríomhoide ar Naomh Pól sa Sruthán i gContae Ard Mhacha, tháinig fás as cuimse ar an scoil. Tá 1,800 scoláire ag freastal ar an scoil anois.

Is é an chéad iarimreoir idirchontae le bheith ina Uachtarán CLG ó bhí Nioclás Ó Braonáin ina Uachtarán (2006-2009) agus is é an chéad oifigeach ó chlub sna Sé Chontae le bheith ina Uachtarán ar an gCumann ó bhí Peadar Ó Cuinn ann (1991-1994).

Toghadh Iarlaith ar an gcéad chomhaireamh i dtoghchán an Uachtaráin Tofa i bPáirc an Chrócaigh ag Comhdháil Bhliantúil 2023, nuair a d’éirigh leis 158 as 277 vóta a fháil. Trí bliana roimhe sin tháinig sé sa dara háit taobh thiar de Labhrás Mac Carthaigh. Rugadh é sa bhliain 1968. Tá sé pósta le Suzanne agus tá cúigear clainne acu.

Is é Iarlaith an dara duine de bhunadh Ard Mhacha le bheith ina Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael tar éis d’Alf Ó Muirí a bheith sa ról idir na blianta 1964-1967. Mairfidh a thréimhse oifige go dtí mí Feabhra, 2027.