Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Go leor idir chamáin an deireadh seachtaine seo sna craobhacha peile agus iomána

Tabharfaidh Tiobraid Árann agus an Clár aghaidh ar a chéile i gCraobhchomórtas Iomána Sinsear na Mumhan Dé Sathairn

Tabharfaidh Tiobraid Árann agus an Clár aghaidh ar a chéile i gCraobhchomórtas Iomána Sinsear na Mumhan Dé Sathairn

Le Jamie Ó Tuama

Tá deireadh seachtaine mór millteach eile amach romhainn agus go leor idir chamáin sna craobhchomórtais iomána agus peile uaidh seo go ceann cúpla lá.

Imreofar Cluichí Ceannais Sinsear Peile Laighean agus Uladh Dé Domhnaigh agus beidh Coirn Uí Dhúshláine agus an Angla-Cheilteach mar dhuais ag na buaiteoirí.

Imreoidh Áth Cliath agus an Iarmhí in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais Sinsear Peile Laighean don chéad uair ó 2004 i leith, áit ar éirigh leis an Iarmhí bua stairiúil a fháil ar a gcéilí comhraic faoi stiúir a mbainisteora ag an am, Páidí Ó Sé. 20 uair ar fad a thug na foirne seo aghaidh ar a chéile i gCraobhchomórtas Peile Laighean go dtí seo agus tá 17 bua ag Áth Cliath agus trí cinn ag an Iarmhí.

I gCluiche Ceannais Sinsear Peile Uladh, tabharfaidh Ard Mhacha agus Muineachán aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Tighearnach, Cluain Eois. Is é seo an chéad uair do na foirne seo casadh ar a chéile i gCluiche Ceannais Uladh ó 1938 i leith nuair a bhí bua trí phointe ag Muineachán ar a gcéilí comhraic. Tá Muineachán ag iarraidh a gcéad chraobh chúige a bhuachan ó 2015 i leith agus tá Ard Mhacha ar thóir a gcéad chraobh ó 2008 i leith.

Tabharfaidh an Dún agus Liatroim aghaidh ar a chéile i mBabhta 1 de Chraobhchomórtas Peile Chorn Tailteann Dé Sathairn.

I gCraobhchomórtas Sinsear Iomána Laighean, an lá céanna, tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Áth Cliath i Staid an Phiarsaigh. Faoi mar sheasann rudaí faoi láthair, tá na Gaillimhigh ag barr na sraithe le sé phointe agus tá Áth Cliath sa dara háit le cúig phointe. Sa chúig chluiche dheireanacha a imríodh idir na foirne seo sa chraobh, bhí dhá bhua an taobh ag na foirne agus bhí comhscór amháin eatarthu. Bheadh aithne mhaith ag Micheal O’Donoghue ar imreoirí Átha Cliath dar ndóigh!

Sna cluichí eile i gcúige Laighean, tabharfaidh Cill Chainnigh aghaidh ar Chill Dara i bPáirc Uí Nualláin UPMC agus tabharfaidh Uíbh Fhailí aghaidh ar Loch Garman i bPáirc Uí Chonchubhair Glenisk.

I gCraobhchomórtas Sinsear Iomána na Mumhan, tabharfaidh na Tiobradaigh aghaidh ar an gClár Dé Sathairn agus tabharfaidh Luimneach agus Port Láirge aghaidh ar a chéile Dé Domhnaigh. Tá am na cinniúna buailte linn i gCraobh na Mumhan agus beidh na foirne nach mbuann an deireadh seachtaine seo i mbaol.

I gCraobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha Dé Sathairn, tabharfaidh Ceatharlach agus Londain, Aontroim agus an Iarmhí agus Laois agus an Dún aghaidh ar chéile. Má éiríonn le Ceatharlach an bua a fháil ar Aontroim gabhfaidh siad ar aghaidh chuig an gCluiche Ceannais.

I gCraobhchomórtas Chríostóir Uí Rinn, tabharfaidh Doire agus Ciarraí, Dún na nGall agus an Mhí agus Cill Mhantáin agus Ros Comáin aghaidh ar a chéile. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá a n-áit deimhnithe ag na Ciarraígh sa chluiche ceannais agus tá an Mhí agus Doire beagán taobh thiar sna sála orthu.

I gCraobhchomórtas Niocláis Mhic Riocaird imreoidh Lú in aghaidh Mhaigh Eo, Sligeach in aghaidh Fhear Manach agus Tír Eoghain in aghaidh Ard Mhacha. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá Tír Eoghain chun tosaigh le hocht bpointe, tá sé phointe ag Maigh Eo agus tá Sligeach agus Lú ar cheithre phointe an taobh.

I gCraobhchomórtas Labhraí Uí Mheachair imreoidh Lancasír in aghaidh Warwickshire, Liatroim in aghaidh an Chabháin agus an Longfort in aghaidh Mhuineacháin.

Dé Sathairn

Babhta 4 de Chraobhchomórtas Sinsear Iomána Laighean

Gaillimh agus Áth Cliath, Staid an Phiarsaigh, 4.30in, GAA+

Cill Chainnigh agus Cill Dara, UPMC Páirc Uí Nualláin, 6.00

Uíbh Fhailí agus Loch Garman, Páirc Uí Chonchubhair Glenisk,6.00in

Babhta 4 de Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na Mumhan

Tiobraid Árann agus An Clár, Staid Semple FBD, 7.00in, GAA+

Babhta 4 de Chraobhchomórtas Iomána Sheosaimh Mhic Dhonncha

Ceatharlach agus Londain, Páirc Uí Chuilinn Netwatch, 1.00in

Aontroim agus An Iarmhí, Páirc Uí Chorragáin, 5.00in

Laois agus An Dún, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 5.00in

Craobhchomórtas Chorn Tailteann

An Dún agus Liatroim, Páirc Esler, 6.00in, GAA+

Babhta 5 de Chraobhchomórtas Chríostóir Uí Rinn

Doire agus Ciarraí, Páirc na gCeilteach Find Insurance, 1.00in

Dún na nGall agus An Mhí, Páirc Uí Dhomhnaill, 1.30

Cill Mhantáin agus Ros Comáin, Páirc Echelon, 1.30in

Babhta 5 de Chraobhchomórtas Niocláis Mhic Riocaird

Lú agus Maigh Eo, Mullach an Dúdálaigh, 13.15

Sligeach agus Fear Manach, Páirc Markievicz, 13.15

Tír Eoghain agus Ard Mhacha, Garbh Achaidh, 13.15

Babhta 5 de Chraobhchomórtas Labhraí Uí Mheachair

Lancasír agus Warwickshire, Páirc na hÉireann, 2.00in

Liatroim agus An Cabhán, Páirc Seán Mac Diarmada Heartland Credit Union, 2.00in

An Longfort agus Muineachán, Páirc na bPiarsach Glennon Brothers, 2.00in

Dé Domhnaigh

Craobhchomórtas Sinsear Peile Laighean

Áth Cliath agus An Iarmhí, Páirc an Chrócaigh, 2.00in, RTÉ Sport

Craobhchomórtas Sinsear Peile Uladh

Ard Mhacha agus Muineachán, Páirc Naomh Tighearnach, 4.15in, RTÉ Sport, BBC Sport

Babhta 4 de Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na Mumhan

Luimneach agus Port Láirge, Páirc na nGael TUS, 3.00in, GAA+