Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Glór Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á thabhairt ar ais do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu

Ag Seoladh ‘The Replay’ – Glór Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á thabhairt ar ais chuig teaghlaigh Éireannacha agus ag ceangal an athuair le cuimhní atá caillte, bhí Jack O'Shea, Paul Earley, Príomhfheidhmeannach TBWA Ireland Deirdre Waldron, Aonghus Ó Muircheartaigh, Eadaoin Ní Mhuircheartaigh, Doireann Ní Mhuircheartaigh, Helena Ní Mhuircheartaigh, Niamh Ní Mhuircheartaigh, Eamonn Ó Muircheartaigh, Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Backhurst, Neasa Ní Mhuircheartaigh, Príomhfheidhmeannach Chumann Alzheimer na hÉireann, Andy Heffernan, Bainisteoir Pobail agus Folláine CLG, Colin Regan, agus Cathryn O'Leary, Cumann Alzheimer na hÉireann

Ag Seoladh ‘The Replay’ – Glór Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á thabhairt ar ais chuig teaghlaigh Éireannacha agus ag ceangal an athuair le cuimhní atá caillte, bhí Jack O'Shea, Paul Earley, Príomhfheidhmeannach TBWA Ireland Deirdre Waldron, Aonghus Ó Muircheartaigh, Eadaoin Ní Mhuircheartaigh, Doireann Ní Mhuircheartaigh, Helena Ní Mhuircheartaigh, Niamh Ní Mhuircheartaigh, Eamonn Ó Muircheartaigh, Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Backhurst, Neasa Ní Mhuircheartaigh, Príomhfheidhmeannach Chumann Alzheimer na hÉireann, Andy Heffernan, Bainisteoir Pobail agus Folláine CLG, Colin Regan, agus Cathryn O'Leary, Cumann Alzheimer na hÉireann

Seoladh ‘The Replay’ – Glór Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á thabhairt ar ais do theaghlaigh Éireannacha agus ag ceangal an athuair le cuimhní atá caillte

Páirc an Chrócaigh – 9ú Márta 2026: Seoladh togra nua cumhachtach náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh inniu a thugann tacaíocht do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu. Sa togra seo úsáidtear tráchtaireacht aitheanta ar na cluichí Gaelacha le cuimhní, ceangal agus le sonas a mhúscailt tríd na buntáistí a bhaineann le teiripe athchuimhnitheach.

Is éard atá sa ‘The Peplay ná cartlann ar leith fuaime ar líne a thugann le chéile catalóg iomlán de stair shaibhir CLG i bhfoirm tráchtaireachta fuaime ar chluichí. Is é an sárthráchtaire, Micheál Ó Muircheartaigh nach maireann, a dhéanann an tráchtaireacht anseo ar Chluichí Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann idir 1985 agus 2010.

Is iad Cumann Alzheimer na hÉireann, Cumann Lúthchleas Gael agus Cartlanna RTÉ a rinne forbairt ar The Replay i gcomhpháirt lena chéile agus le lántacaíocht ó mhuintir Uí Mhuircheartaigh. Tugann an togra seo na scórtha bliain de thráchtaireacht stairiúil ó chluichí ceannais na hÉireann le chéile. Tá an tráchtaireacht le fáil ar ardán digiteach atá éasca a úsáid. Tacaíonn sé le folláine mhothúchánach agus le rannpháirtíocht fhónta do dhaoine atá ag maireachtáil le néaltrú, chomh maith lena gcúramóirí agus a dteaghlaigh. Chomh maith leis sin, tá sé d’aidhm ag an togra cuimhní taitneamhacha agus samhlaíocha a mhúscailt i measc an phobail i gcoitinne agus tacú le haosú dearfach agus le sláinte intinne i gcoitinne.

Tá na taifid le fáil ar líne ag www.TheReplay.ie, áit ar féidir cluichí a aimsiú go héasca de réir cluiche, bliana nó contae trí chomhéadan simplí iomasach. Mar thoradh air sin, is féidir le teaghlaigh, cúramóirí agus pobail filleadh ar na fuaimeanna a mhúnlaigh na glúnta Éireannach.

Leis na blianta fada, thug glór fileata corraitheach Mhichíl Uí Mhuircheartaigh cluichí ceannais na hÉireann agus cuimhneacháin spóirt, nach ndéanfar dearmad go deo orthu, isteach i gcistineacha, i seomraí suite in ionaid pobail agus in ionaid cúraim ar fud na tíre. Tá na cuimhní céanna sin á n-úsáid anois chun tacú le nasc daonna agus le folláine mhothúchánach trí The Replay. Tá níos mó ná cumha i ndiaidh na seanchluichí ag croílár an togra seo. Baineann sé le cuimhní, féiniúlacht, muintearas agus leis an gcumhacht bhuan a bhain le glór Mhichíl, a chuir an náisiún faoi gheasa.

Dúirt Andy Heffernan, Príomhfheidhmeannach Chumann Alzheimer na hÉireann:

‘Is féidir le glór Mhichíl Uí Mhuircheartaigh cuimhní cumhachtacha ó chluichí ar bhreathnaigh an teaghlach uilig orthu, ó Dhomhnaigh mhóra samhraidh agus mothúcháin roinnte bróid agus sceitimíní a mhúscailt i go leor daoine a bhfuil néaltrú orthu. Tá sé d’aidhm ag The Replay an nasc sin chur chun tairbhe. Baineann sé le cuimhneacháin áthais a chruthú, le comhrá a spreagadh agus le cur i gcuimhne do theaghlaigh go maireann mothúcháin agus naisc fiú nuair a athraíonn an chuimhne. Cúis mhór bhróid dúinn a bheith páirteach i dtionscnamh a thugann cultúr, spórt agus eolaíocht le chéile ar bhonn fónta.”

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin:

“Bhí níos mó ag baint le Cumann Lúthchleas Gael riamh anall ná na cluichí. Baineann sé le pobal, le muintearas agus le féiniúlacht choiteann. Ní hamháin gur éirigh le glór Mhichíl a raibh ag tarlú ar an pháirc imeartha a chur in iúl dúinn, ach d’éirigh leis spiorad na ndaoine a bhí ag amharc ar na cluichí a chur in iúl dúinn fosta. Trí The Replay, tá muid ag cinntiú go maireann na cuimhní sin agus go leanfaidh siad ag freastal ar phobail ar bhealach úr agus tábhachtach. Tugtar ómós anseo d’fhear a raibh an méid a bhí le rá aige - as Gaeilge agus as Béarla – an-tábhachtach don oiread sin daoine.”

Agus é ag labhairt ar thábhacht an togra, dúirt mac Mhichíl, Éamonn Ó Muircheartaigh:

“A fhad is go mbaineann sé lenár dteaghlach féin, tá sé thar a bheith corraitheach glór Dhaid a chloisteáil ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ar an mbealach seo. Chreid sé go láidir i gcumhacht an spóirt le daoine a thabhairt le chéile. Creideann muid gur chúis mhór bhróid a bheadh ann dó fios a bheith aige go raibh a chuid tráchtaireachta ar fáil do chách, agus go bhféadfadh sé aithne, sólás agus comhrá a spreagadh i measc daoine atá ag maireachtáil le néaltrú. Cinntíonn The Replay go mbeidh a ghlór fós ina mhacalla i dtithe Éireannacha agus é ag déanamh an rud a rinne sé i gcónaí – daoine a nascadh le chéile.”

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst:

“Is tionscnamh iontach croíúil é seo agus tá áthas orm gur éirigh le Cartlanna RTÉ páirt a ghlacadh ann. Chuaigh glór mealltach liriciúil Mhichíl, an t-údarás séimh agus an saineolas a bhí aige i gcion ar na glúnta Éireannach sa bhaile agus thar lear. Beidh sé bainteach go deo leis na cuimhneacháin is fearr de na cluichí Gaelacha, a raibh an oiread sin grá aige dóibh. Rud iontach atá ann go bhfuil a ghlór in ann an oiread sóláis agus aitheantais a thabhairt dóibh siúd atá ag maireachtáil le néaltrú.”

Aithníonn The Replay seo go bhfuil cuimhneacháin spóirt ar chuid de na cuimhní cultúir roinnte is cumhachtaí idir glúnta éagsúla. Tógann sé féiniúlacht náisiúnta, cuimhne agus eolaíocht le chéile ag am a bhfuil nasc idirghlúine níos tábhachtaí ná riamh. Tá ceann de na daonraí is tapúla atá ag dul in aois san Eoraip ag Éirinn agus tá breis agus 64,000 duine ag maireachtáil le néaltrú inti faoi láthair. Léiríonn taighde gur féidir le teiripe athchuimhneacháin, go háirithe nuair a bhaineann sí le heispéiris chomhroinnte a bhfuil tábhacht mhothúchánach leo, giúmar a fheabhsú, nasc a neartú agus tacú le cúrsaí folláine ina iomláine.

Le linn fhorbairt an tionscadail seo, bhí ról tábhachtach ag an Ollamh Richard Roche, Ollamh le Síceolaíocht agus Néareolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad agus saineolaí ar chuimhne agus ar theiripe athchuimhneacháin. Chabhraigh sé lena chinntiú go bhfuil The Replay bunaithe ar thaighde eolaíoch chomh maith le taithí phearsanta, agus go bhfuil ardán múnlaithe anseo a bhfuil níos mó i gceist leis ná cumha a mhúscailt.

Ba iad TBWA\Ireland a cheap agus a rinne forbairt ar The Replay agus ba iad Fusio a rinne forbairt ar an suíomh gréasáin.

Dúirt Deirdre Waldron, Príomhfheidhmeannach TBWA\Ireland:

“Thosaigh The Replay le léargas simplí ach cumhachtach – go bhfuil glórtha áirithe mar chuid dár gcuimhne náisiúnta. Tá glór Mhichíl ar cheann de na glórtha sin. Tá an spórt ar cheann de na cuimhní comhroinnte is buaine dá bhfuil againn thar ghlúnta éagsúla. Trí fhéiniúlacht náisiúnta, cuimhne agus eolaíocht a thabhairt le chéile, tugadh deis dúinn cruthaitheacht a úsáid chun tionchar dearfach a imirt.”

The Replay ar fáil anois in aisce ar líne, le catalóg iomlán de thráchtaireacht ó Chluichí Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann idir 1985 agus 2010 – cuimhneacháin a mhúnlaigh contaetha, pobail agus an náisiún trí chéile.