Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge
Galway

Gaillimh agus Luimneach – Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2026

Tabharfaidh Gaillimh agus Luimneach aghaidh ar a chéile inniu agus Corn Liam Mhic Cárthaigh mar dhuais ag na buaiteoirí

Tabharfaidh Gaillimh agus Luimneach aghaidh ar a chéile inniu agus Corn Liam Mhic Cárthaigh mar dhuais ag na buaiteoirí

Le Jamie Ó Tuama

Tá lá mór na hiomána buailte linn – Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2026 agus an 139ú Cluiche Ceannais Uile-Éireann ar fad. Tar éis 31 cluiche craoibhe ar fad tá muid fágtha inniu le Gaillimh agus Luimneach le Corn Liam Mhic Cárthaigh mar dhuais ag na buaiteoirí.

Caithfidh muid gabháil siar go 2018 go dtí an uair dheireanach a d’imir na foirne seo in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann, nuair a d’eirigh le Luimneach bua aon chúilín amháin a fháil ar a gcéilí comhraic. Chuir Luimneach deireadh le gorta an lá sin agus d’eirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan don chéad uair ó 1973 i leith. Chuir an bua sin tús le ré órga Luimnigh agus d’eirigh leo ceithre cinn eile de Chraobhacha Uile-Éireann a bhuachan i ndiaidh a chéile idir blianta 2020 agus 2023.

Bhuaigh Gaillimh Craobh na hÉireann go deireanach sa bhliain 2017. Le Micheál Donoghue ag an stiúir, d’éirigh le Gaillimh deireadh a chur lena ngorta féin agus ghlac siad Corn Liam Mhic Carthaigh thar Sionainn don chéad uair ó 1988 i leith.

Dhá cheann déag ar fad de chraobhacha uile-Éireann atá buaite ag Luimneach agus iad sa cheathrú háit ar an roll onóra. Seo an 22ú huair dóibh a bheith sa chluiche ceannais. Tá Gaillimh sa seachtú háit ar an rolla onóra céanna le cúig cinn de chraobhacha uile-Éireann buaite acu agus seo an 26ú huair dóibh a bheith sa chluiche ceannais.

Ní i gcluiche ceannais na bliana 2018 amháin a chas na foirne ar a chéile sa chluiche ceannais. Trí huaire ar fad a d’imir siad in aghaidh a chéile ar an lá mór seo. D’éirigh le Gaillimh an lámh in uachtar a fháil ar Luimneach sa bhliain 1923 ar scór 7-03 go dtí 4-05. Nuair a d’imir na foirne arís eile 57 bliain ina dhiaidh sin sa bhliain 1980 bhuaigh Gaillimh ar a gcéilí comhraic arís ar scór 2-15 go dtí 3-09. Cé a dhéanfadh dearmad riamh ar óráid bhuacach Sheosaimh Uí Chonghaile ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin? Nuair a d’imir na foirne in aghaidh a chéile don tríú huair sa chluiche ceannais sa bhliain 2018 ba ag Luimneach an lá.

Seo é an 17ú huair ar fad do na contaetha seo castáil ar a chéile sa chraobh agus faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá 11 ceann de na cluichí sin buaite ag Luimneach agus ceithre cinn buaite ag Gaillimh.

Sé chluiche ar fad atá imeartha ag Luimneach le cluiche ceannais an lae inniu a bhaint amach - cúig chluiche i gCraobh na Mumhan, in aghaidh Chorcaí faoi dhó, in aghaidh an Chláir, in aghaidh Phort Láirge agus in aghaidh Thiobraid Árann. Ba in aghaidh an Chláir a bhí siad arís eile i gCluiche Leathcheannais na hÉireann. Bhuaigh siad gach ceann de na cluichí seachas an chéad chluiche a bhí acu i gCraobh na Mumhan in aghaidh Chorcaí.

Seacht gcinn de chluichí atá imeartha ag Gaillimh le cluiche ceannais an lae inniu a bhaint amach. Bhuaigh siad ar Chill Chainnigh, ar Uíbh Fhailí, ar Chill Dara, ar Loch Garman agus ar Áth Cliath i gCraobh Laighean – cé gur chaill siad an chéad chluiche a bhí acu in aghaidh Átha Cliath. D’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh ina dhiaidh sin lena n-áit a dheimhniú sa chluiche ceannais.

Tá 17 cúl ar fad aimsithe ag Gaillimh sna seacht gcluiche craoibhe sin. D’éirigh leo cúil a aimsiú i ngach ceann de na cluichí a bhí acu seachas in aghaidh Átha Cliath sa chéad chluiche idir na foirne i gCraobh Laighean. 12 cúl ar fad atá aimsithe ag Luimneach sna sé chluiche atá imeartha acu go dtí seo. An comhartha cinnte é sin go mbeidh neart cúl againn arís inniu?

D’imir na foirne seo in aghaidh a chéile sa tsraith níos luaithe sa bhliain nuair a d’éirigh le Luimneach an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic ar scór 2-27 go dtí 0-31 – bua dhá chúilín. Is cinnte nach mbeidh ach oiread na fríde idir na foirne arís eile inniu.

Connachtaigh in aghaidh Muimhneach, an glas agus an bán in aghaidh an mharúin, Lynch in aghaidh Mannion. Cá bhfios cé acu Gaillimh nó Luimneach a ardóidh Corn Liam Mhic Cárthaigh ar Ardán Uí Ógáin tráthnóna ach rud amháin atá cinnte ná go bhfuil sárchoimhlint amach romhainn. Bainimis sult as! Tá uair na cinniúna tagtha…