Féile seolta ag John West le teachtaireacht láidir maidir cúrsaí cothaithe do theaghlaigh
Darragh McCarthy, Tiobraid Árann, ag seoladh John West Féile i bPáirc an Chrócaigh inniu
Sheol John West, urraitheoirí bródúla na gcomórtas bliantúil faoi 15 – Féile Peile na nÓg (peil Ghaelach) agus Féile na nGael (camógaíocht agus iomáint) – inniu, le teachtaireacht láidir maidir le cúrsaí cothaithe.
Seo é an 11ú bliain de John West a bheith ag déanamh urraíochta ar ‘Féile’.
Tá fás as cuimse tagtha ar na comórtais seo le linn an ama sin agus tá siad anois i measc na gcomórtas spóirt faoi aois is mó san Eoraip. Tríd an urraíocht a dhéanann siad ar na comórtais seo, leagann John West béim ar an tábhacht a bhaineann le bia folláin agus le réim chothrom bia – ní hamháin i measc imreoirí ach i measc mhórphobal CLG trí chéile.
Leag Ambasadóirí John West Féile 2026, dream a ghlac páirt i bhFéile agus laochra móra idirchontae, béim ar an tábhacht a bhaineann le roghanna bia folláin, freisin: Leah Caffrey, peileadóir de chuid Átha Cliath, Carrie Dolan, captaen buacach uile-Éireann de chuid na Gaillimhe, Darragh McCarthy, iománaí de chuid Thiobraid Árann, agus Shane McGuigan, peileadóir de chuid Dhoire.
Tá tiomantas fadtéarmach an chomhlachta dearbhaithe an athuair don cheiliúradh mór náisiúnta seo ar na cluichí Gaelacha faoi 15 ina n-áirítear an chamógaíocht, an pheil Ghaelach, an iomáint, peil na mban chomh maith le cluiche corr agus liathróid láimhe agus leanfar leis an urraíocht go dtí 2028.
Sa bhliain 2025 ghlac os cionn 400 club, ina raibh 9,000 imreoir, páirt i mbabhtaí ceannais in ionaid éagsúla ar fud na tíre, tar éis dóibh cáiliú do na babhtaí ceannais sin.
Tharraing Cluichí Ceannais John West Féile foirne ó gach cearn den domhan le chéile agus foirne ó Mheiriceá – thuaidh agus theas, ón Astraláise, ó mhór-roinn na hEorpa agus na Breataine ina measc. Aithnítear go forleathan go gcabhraíonn na comórtais seo le suim a spreagadh sna cluichí Gaelacha i measc páistí nach de bhunadh na hÉireann iad.
Dar le Ceannasaí Margaíochta John West in Éirinn, Anne-Claire Monde, tá an comhlacht ag infheistiú i gcur chun cinn cúrsaí cothaithe agus seasmhachta i measc daoine óga.
‘Gach bliain tagann na mílte imreoir óg le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar éiteas pobail Chumann Lúthchleas Gael tríd na comórtais faoi aois seo,’ a deir sí.
‘Tá sé d’aidhm ag John West na buntáistí a bhaineann le cúrsaí cothaithe ó lá go lá a chur chun cinn i gcónaí agus tacú le slí mhaireachtála atá folláin.
‘Ó cuireadh tús leis an urraíocht seo ar Fhéile, tá béim mhór leagtha ag John West ar an tábhacht a bhaineann le cothú nádúrtha agus blasta do theaghlaigh agus, ag an am céanna, an tábhacht a bhaineann le déagóirí a spreagadh le páirt ghníomhach a ghlacadh sna cluichí Gaelacha.
‘Toisc gur branda cothaithe nua-aimseartha agus folláin ar ardchaighdeán muid, a bhfuil muinín ag daoine as agus a bhfuil a bhfuil oidhreacht ag baint leis, tá gaol nádúrtha ag ár dtáirgí inbhuanaithe le teaghlaigh atá páirteach i ngníomhaíochtaí de chuid Chumann Lúthchleas Gael.
‘De bharr go dtugtar deis do go leor imreoirí a bheith páirteach i gcomórtais náisiúnta don chéad uair trí John West Féile, oibríonn Cumann Lúthchleas Gael i gcónaí le cinntiú go mbíonn eispéireas dearfach ag na himreoirí, na tuismitheoirí agus na cóitseálaithe, agus déanann siad an t-uafás le cinntiú go bhfuil ócáidí speisialta ann.’
Shane McGuigan ag seoladh John West Féile i bPáirc an Chrócaigh inniu
Dar le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, ní féidir le Cumann Lúthchleas Gael talamh slán a dhéanamh riamh den spraoi agus den chairdeas a bhaineann le Féile, chomh maith le hionchur sárluachmhar an dream a bhíonn a eagrú ar bhonn deonach.
‘Tá John West Féile i ndiaidh spéis iontach a chothú dár gcluichí agus is iomaí cairdeas agus cuimhne a d’eascair as an fhéile seo,’ a deir sé.
‘Tá na glúnta imreoirí óga i ndiaidh an sonas a bhaineann le bheith páirteach i bhFéile na nGael agus i bhFéile Peile na nÓg a bhlaiseadh, chomh maith leis na comórtais don chorr agus don liathróid láimhe. Gabhaim buíochas mór le John West as ucht a gcuid urraíochta.
‘Tugann John West Féile cuimhní buana d’imreoirí óga’.
Glacfaidh na foirne príomhroinne páirt i gcomórtais náisiúnta a bheidh ar siúl i mbliana i gCeatharlach agus i Laois ar an Satharn, 20 Meitheamh (Féile na nGael) agus i nDoire ar an Satharn, 27 Meitheamh (Féile Peile na nÓg).
Glacfaidh foirne ag gráid eile páirt i gcluichí ceannais réigiúnacha ag ionaid ar fud na tíre ar na dátaí céanna.
Beidh comórtais chontae Fhéile na nGael ar siúl i mí Aibreáin agus beidh comórtais chontae Fhéile Peile na nÓg ar siúl i mí Bealtaine.
Ba sa bhliain 1971 a cuireadh Féile na nGael ar bun agus beidh Féile Peile na nÓg 44 bliain ar an bhfód i mbliana.
Labhair Uachtarán Chumann Pheil na mBan, Trina Murray, faoin mbéim a leagtar ar spraoi, ar chairdeas agus ar rannpháirtíocht ag Féile.
‘Déanfar cairdeas le daoine nua agus beidh deis ag seanchairde casadh ar a chéile an athuair ag Féile. Tabharfaidh John West Féile deiseanna d’imreoirí óga eispéireas dodhearmadta a bheith acu.’
Dar le hUachtarán an Chumainn Chamógaíochta, Brian Molloy, tá John West Féile ar cheann de na hócáidí is speisialta ar fhéilire na camógaíochta. Tugann sé deis d’imreoirí óga ionadaíocht a dhéanamh ar a gclubanna agus ar a bpobail ar stáitse náisiúnta agus, ag an am céanna, tugann sé deis dóibh cairdeas agus cuimhní buana a dhéanamh.
‘Gabhaim buíochas le John West as a gcuid tiomantais leanúnaigh do ‘Féile’ – comórtais nach ndéanfaidh ár gcuid imreoirí óga dearmad orthu go deo. Guím gach rath ar na himreoirí uilig. Go n-éirí go geal libh agus bainigí taitneamh as!’