Féasta iomána agus peile romhainn inniu i bPáirc an Chrócaigh
Paul Lenehan, Liatroim, agus Cathal Mullane, an Longfort, le Corn Labhraí Uí Mheachair
Le Jamie Ó Tuama
Tá féasta iomána agus peile amach romhainn inniu agus Cluiche Ceannais Labhraí Uí Mheachair le socrú chomh maith le cluiche mór idir Áth Cliath agus Lú i gCraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann.
Cuirfear tús leis an scléip nuair a thabharfaidh an Longfort agus Liatroim aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Chorn Labhraí Uí Mheachair. Tá cluiche ceannais an lae inniu bainte amach ag an Longfort a bhuíochas le buanna ar Mhuineachán, ar Warwickshire, ar an gCabhán agus ar Lancasír. D’éirigh le Liatroim gach cluiche sa ghrúpa a bhuachan leis an gcluiche ceannais seo a bhaint amach.
Nuair a d’imir na foirne in aghaidh a chéile sna babhtaí grúpa, d’éirigh le Liatroim bua trí chúilín a fháil ar a gcéilí comhraic. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 1-19 go dtí 1-16 agus is cinnte nach mbeidh ach oiread na fríde idir na foirne seo arís inniu. Dar ndóigh, tá Liatroim ar thóir a ndara craobh Labhraí Uí Mheachair inniu agus tá an Longfort ar thóir a dtríú ceann.
Ina dhiaidh sin, tabharfaidh Áth Cliath agus Lú aghaidh ar a chéile i gCraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann. Nuair a d’imir na foirne in aghaidh a chéile i gCluiche Leathcheannais Laighean mí ó shin ba ag Áth Cliath a bhí an bua.
Tá Lú ar thóir a gcéad bhua ar Áth Cliath ó 1973 i leith, nuair a d’éirigh leo buachan ar a gcéilí comhraic tar éis athimeartha ar scór 1-08 go dtí 0-09 i bPáirc Tailteann. D’imir na foirne 18 uair ó shin – 17 uair i gCraobh Laighean agus uair amháin i mbabhta cáilithe do Chraobhchomórtas na hÉireann – agus bhuaigh lucht na hardchathrach gach ceann acu.
Tá scléip mhór amach romhainn inniu. Neosfaidh an aimsir cé acu foirne a bheidh an lá acu ach is cinnte go mbeidh féasta mór iomána agus peile againn uaidh seo go ceann roinnt uaireanta an chloig.