Éamon Óg Ó Donnchadha i mbun óráide taobh lena chomhchaptaein Pól de Tiúit agus Daragh Ó Gríofa
Le Jamie Ó Tuama
D’éirigh le Clann na nGael agus le muintir Ráth Chairn Comórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan don chéad uair ó 1993 i leith ar an deireadh seachtaine. Tagann an bua mór seo sna sála ar bhua mór na mban ag Comórtas Peile na Gaeilge anuraidh i gCill na Martra i gCraobh Shóisear na mBan. Ré órga atá ann don chlub ag an gcomórtas.
Labhair GAA.ie le comhchaptaen na foirne, Éamon Óg Ó Donnchadha, tar éis an chluiche lena chuid tuairimí a fháil i leith an bhua mhóir seo do chlub na Mí i Ráth Chairn.
‘Tá sé seo speisialta. Tá sé ar cheann de na laethantaí is fearr i mo shaol’, a deir fear Chlann na nGael. ‘Ag imirt ar do pháirc féin i Ráth Chairn anseo os comhair mhuintir an bhaile. Tá sé ráite agam cheana ach tá sé cosúil le brionglóid. Tá sé deacair a chreidiúint, agus an tacaíocht a bhí againn inniu. Tá sé seo ar cheann de na laethantaí is fearr a bhí agam i ngeansaí Chlann na nGael...agus ag imirt ar do pháirc féin.
‘Bím féin, Diarmuid (dearthair Éamoin) agus na leaids uilig ag traenáil anseo. Bhí muid inár leaideanna óga ag ciceáil agus ag ciceáil anseo. Níor cheap go dtiocfadh an lá go bhfaigheadh muid deis é a dhéanamh ar ár bpáirc féin.
‘Nuair a fheiceann tú chuile dhuine, muintir an bhaile, cé chomh sona ‘is atá siad. Déanann sé an oiread difir agus b’fhéidir go spreagfadh sé na gasúir anois, le cúnamh Dé, an chéad ghlúin eile. Tá mé chomh sásta do chuile dhuine a bhí páirteach agus do chuile dhuine a thug cúnamh dúinn. Tá sé seo iontach.’
Rud thar a bheith suntasach a bhí ann an bealach a ndearna muintir Chlann na nGael ceiliúradh ar an mbua stairiúil seo, an gliondar croí a bhí le brath ó gach duine sa chlub idir óg agus aosta, nuair a séideadh an fhead dheiridh. Míníonn Ó Donnchadha an tábhacht a bhain leis an mbua.
‘Seo é an comórtas is tábhachtaí dhúinne’, a deir sé, ‘do mhuintir Ráth Chairn agus do mhuintir Átha Buí, freisin. Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis seo.
‘Tá an Ghaeilge chomh tábhachtach sa spórt agus an nasc sin. Dhúinne is é an rud is tábhachtaí a bheith ag imirt in aghaidh foirne as ceantair Ghaeltachta eile. Ní bhuaileann tada eile é sin. Tá sé cosúil le Craobh na hÉireann dhúinne agus aon rud a ghrúigh mé riamh roimhe seo, bhí sé iontach, ach tá sé seo ar leibhéal eile dhomsa.
‘Cuimhneoidh mé air seo go brách. Bíonn daoine ag caint anseo ar fhoireann ‘93. Cheap mé i gcónaí go mbeadh sé dochreidte (an comórtas a bhuachan). Níor cheap mé go mbeadh muid in ann é a dhéanamh ach an taispeántas, na leaids óga ansin, tá siad iontach agus an tionchar a bhí acu ar an gcluiche.
‘Tá mé ag imirt anois le b’fhéidir aon bhliain déag agus ní raibh muid gar de bheith ag grúchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta. B’in é an taispeantas is fearr a thug muid riamh uainn mar aonad i ngeansaí Chlann na nGael agus tá mé chomh sásta do chuile dhuine. Tá sé seo iontach do mhuintir an bhaile.’
Bhí an dá fhoireann as contae na Mí buacach i gComórtais na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar an deireadh seachtaine, Bhulf Tón agus Clann na nGael
Tá ‘cur le chéile’ an-tábhachtach d’fhoireann ar bith atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar an bpáirc imeartha agus bhí sé suntasach an méid daoine a bhí ar phainéal Chlann na nGael. Míníonn Éamonn an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar an gcuid eile den bhliain do Chlann na nGael.
‘Tabharfaidh sé an-spreagadh dhúinn agus taispeánann sé dhúinn cé chomh maith is atá muid in ann a bheith nuair atá ár n-intinn ann, a deir iariománaí buacach na Mí. ‘Nuair atá sprioc agat agus nuair a oibríonn daoine a chéile, fiú amháin na daoine nach raibh ag imirt peile agus a d’eagraigh chuile rud anseo, an sprioc a bhí acu ná go mbeadh deireadh seachtaine den scoth ag chuile dhuine agus bhain siad an sprioc sin amach. Bhí sé sin thar barr. Buíochas le Dia bhí an aimsir thar cionn. Bhí faitíos orainn roimh ré ach bhí sé go hiontach.
‘Nuair a thagann daoine le chéile, is cuma cén rud atá ann – spórt nó féilte nó aon rud mar sin. Nuair a éiríonn leat rud a bhaint amach, tá sé sin speisialta.
‘Ní dhéanfaidh muid dearmad ar an lá seo go brách. Nuair a bhíonn muid thuas ag an gclub bíonn daoine ag caint ar ’93 fós. Bhuel, sin muidne anois. Beidh muid thuas ansin lá éigin agus beidh pictiúr dhúinne ann – an fhoireann a ghrúigh Comórtas Peile na Gaeltachta i 2025.’