Éadan Doire buacach ag Babhtaí Ceannais Thráth na gCeist Gaeilge 2026
Éadan Doire, Uíbh Fhailí, Buaiteoirí Thráth na gCeist Gaeilge 2026
Le Jamie Ó Tuama
Bhuaigh Éadan Dóire ó Uíbh Fhailí Comórtas Náisiúnta Thráth na gCeist Gaeilge ag Babhtaí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inné, 8 Márta. Chríochnaigh foireann Uíbh Fhailí go láidir leis an mbua a chinntiú ach bhí fíoriomaíocht ann ó thús deireadh.
Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG a d’eagraigh an comórtas agus ba é Seán Ó Ceallaigh, iarbhuaiteoir de chuid an chomórtais, a bhí mar Mháistir na gCeisteanna ar an lá. Bhí neart ceisteanna suimiúla aige ar an lá dar ndóigh.
Ba é Ó Ceallaigh a bhronn na boinn óir ar na buaiteoirí agus na boinn airgid ar na tánaistigh ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin.
Seo a leanas na foirne a ghlac páirt sna babhtaí ceannais:
Connachta
Ail Finn, CLG (Ros Comáin)
Barr na Cúile, CLG (Liatroim)
Cumann Iománaíochta Bhearna Na Forbacha (Gaillimh)
Ulaidh
Corr na Féinne (An Cabhán)
Tír na nÓg Port an Dúnáin (Ard Mhacha)
Gaeil Fhánada (Dún na nGall)
An Mhumhain
Cnoc na hEaglaise (Ciarraí)
An Spá, CLG (Ciarraí)
Sráid an Mhuilinn (Corcaigh)
Laighin
Éadan Doire, CLG (Uíbh Fhailí)
Cros Bhaile Coimín (Cill Mhantáin)
Cumann an Chloigthí (Áth Cliath)
Barr na Cúile, Liatroim, a chríochnaigh sa dara háit i mBabhtaí Ceannais Thrath na gCeist 2026