Do Chlub, Do Chontae #5 – CLG Roibeard Eiméid, Sleacht Néill
Sleacht Néill ag ceiliuradh i 2019 tar éis a mbua ar Dhún Lathaí i gCluiche Ceannais Iomána Chraobh Uladh
Le Jamie Ó Tuama
I mbaile fearainn Shleacht Néill in aice le Machaire Rátha i gcontae Dhoire atá CLG Roibeard Eiméid, Sleacht Néill, suite agus mar chuid den pharóiste tá nua-Ghaeltacht Charn Tóchair ann. Cuireadh an club ar bun thiar sa bhliain 1953 i gcuimhne ar Roibeard Eiméid a cailleadh 150 bliain roimhe sin i 1803 agus, ó shin i leith, tá an club ag gabháil ó neart go neart.
Dar ndóigh, ó 2013 i leith tá Craobh Shinsir Peile Dhoire buaite ag Sleacht Néill cúig huaire agus tá Craobh Iomána Peile Dhoire buaite acu seacht n-uaire. Tá trí cinn de Chraobhacha Uladh buaite ag an gclub sa pheil agus san iománaíocht ó 2013, freisin, gan trácht ar an bhfoireann camógaíochta a bhuaigh trí cinn de Chraobhacha Camógaíochta Uile-Éireann i ndiaidh a chéile idir 2017 agus 2019. Club óg lán de ghaiscí!
Mar sin féin, tá i bhfad níos i gceist le CLG Roibeard Eiméid, Sleacht Néill, ná cumann peile, iománaíochta agus camógaíochta. Labhair Caroline Mhic Ainmhire liom le gairid thar ceann an chlub agus mhínigh sí dom an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an gcultúr sa chlub.
‘’ Tá cáil níos mó bainte amach ag ár gclub le blianta beaga anuas mar gheall ar ár n-éachtaí ar pháirc na himeartha, ach bhí cúrsaí teanga agus cultúir i gcónaí i gcroí an phobail anseo agus bhí ról lárnach ag an chlub san athbheochan teanga sa cheantar. Tá 2 naíscoil Ghaeilge agus bunscoil Ghaeilge sa cheantar, agus is i bhfoirgneamh réamhdhéanta a chuir an club ar fáil ag Páirc Eiméid a thosaigh an chéad naíscoil.
‘’Glacann baill an chlub páirt i Scór na nÓg agus i Scór Sinsir. Tá spéis ag cuid mhór dár gcuid ball sa cheol, san amhránaíocht, sa damhsa agus sa drámaíocht, agus thug an club ardán ar líne do chuid den talann áitiúil sin i 'Spraoi Shleacht Néill' anuraidh.’’
Sa bhliain 2000 ainmníodh CLG Roibeard Eiméid Sleacht Néill mar ‘chlub na bliana’ ag Bronnadh Gradam Chumann Scríbhneoirí CLG Uladh.
Bunaithe: 1953
Dathanna: Marún agus Bán
Líon Ball: 858 (414 faoi aois agus 444 duine fásta)
Craobhacha Sinsir Camógaíochta :
Doire: 2012, 2015, 2016, 2017, 2018, 2019, 2020
Ulaidh: 2016, 2017 ,2018, 2019
Uile-Éireann: 2016, 2017, 2018
Craobhacha Sinsir Iomána:
Doire: 1965, 1966, 1968, 1969, 1993, 2000, 2013, 2014, 2015, 2016, 2017, 2018, 2019, 2020
Ulaidh: 2016, 2017, 2019
Craobhacha Sinsir Peile:
Doire: 2004, 2014, 2015, 2016, 2017, 2020
Ulaidh: 2014, 2016, 2017
Laochra móra de chuid an chlub:
Tomás Ó Caiside (RIP)
Francie Burke agus Pat ‘Tad’ Cassidy – na fir a chothaigh an chuid is mó dár n-imreoirí nuair a bhí siad faoi aois.
Ár bhfoireann Camógaíochta a bhuaigh 3 chraobh na hÉireann.
Imreoirí Reatha Idirchontae:
Peil: Críostóir Mac Thaidhg, Karl Mac Thaidhg, Breandán Mac Ruairí, Pól Mac Néill, Pádraig Ó Caiside, Shane Mac Uiginn
Iománaíocht: Séan Ó Caiside, Cormac Ó Dochartaigh, Gearard Ó Brolcháin, Oisín Ó Dochartaigh, Michéal Mac Craith, Sé Mag Uiginn, Marcus Mag Uiginn, Brian Ó Caiside, Sé Ó Caiside
Camógaíocht: Aoife Ní Chaiside, Céat Nic Giolla Domhnaigh, Sinéad Ní Mhealláin, Cliodhna Ní Mhianáin
Louise Dougan: Poc Fada:
Doire: 2014, 2018, 2019, 2020
Uladh: 2014, 2018, 2019
Gluais / Glossary
baile fearainn - townland
Cuireadh an club ar bun – the club was founded
i gcuimhne – in memory
ó neart go neart – from strength to strength
lán de ghaiscí – full of achievements
Mar sin féin – that said
le blianta beaga anuas – in recent years
éachtaí – achievement
pháirc na himeartha – field of play
croí an phobail – heart of the community
athbheochan - revival
foirgneamh réamhdhéanta – prefabs
ardán ar líne – online platform
Bronnadh Gradam Chumann Scríbhneoirí CLG Uladh - Ulster GAA Writer's Association Award Ceremony
Chothaigh – to nurture
Imreoirí Reatha – current players
Foireann camógaíochta Shleacht Néill tar éis dóibh Cluiche Ceannais na hÉireann a bhuachan i 2018